Léachtaí an Aifrinn, 12 Bealtaine 2019

AN CHÉAD LÉACHT            Gníomhartha na nAspal 13:14. 43-52
Táimidne ag iompú chun na bpágánach.

Ar dhul trí Peirge do Phól agus Barnabas tháinig siad go dtí Aintíoch na Pisíde. Chuaigh siad isteach sa tsionagóg lá na sabóide agus shuigh siad fúthu. Agus nuair a scoir an comhthionól, bhí cuid mhaith de na Giúdaigh agus de na hiompaithigh dhiaganta a lean Pól agus Barnabas. Ina gcomhrá leo mhol Pól agus Barnabas dóibh bheith buanseasmhach i ngrásta Dé.

An tsabóid dár gcionn tháinig an chathair ar fad beagnach le chéile ag éisteacht le briathar Dé. Nuair a chonaic na Giúdaigh na sluaite daoine, bhí siad lán d’fhormad agus bhréagnaigh siad go tarcaisniúil gach a raibh á rá ag Pól. Ach dúirt Pól agus Barnabas leo go neamhbhalbh: “Is daoibhse ab éigean briathar Dé a labhairt ar dtús; ach ós rud é go bhfuil sibh ag cur suas de agus gur dóigh libh féin nach fiú sibh an bheatha shíoraí a bheith agaibh, táimidne ag iompú chun na bpágánach. Mar sin é an t-ordú atá faighte ón Tiarna againn:

‘ Tá tú ceaptha agam le bheith i do sholas do na náisiúin,
ionas go mbeidh tú i d’ábhar slánaithe go himeall an domhain.’”

Bhí áthas ar na págánaigh an méid sin a chloisteáil agus bhí ardmholadh acu ar bhriathar an Tiarna; agus an méid acu a bhí réamhcheaptha don bheatha shíoraí, ghlac siad an creideamh, agus bhí briathar Dé á fhógairt go forleathan ar fud na tíre go léir.

Ach rinne na Giúdaigh séideadh faoi mhná uaisle diaganta na cathrach agus faoi na cinn urra, thosaigh siad ar ghéarleanúint a dhéanamh ar Phól agus ar Bharnabas agus thiomáin amach as an dúiche iad. Chroith siadsan an deannach dá gcosa orthu agus as go brách leo go hIocoiniam. Agus bhí na deisceabail lán d’áthas agus den Spiorad Naomh.

SALM LE FREAGRA.          Sm 99
Freagra :                                 Sinne a phobal agus caoirigh a pháirce.
Malairt Freagra :               Alleluia!

1. Gairdígí don Tiarna, a thíortha uile.
Fónaigí don Tiarna go lúcháireach.
Tagaigí ina láthair le hamhráin áthais.    Freagra

2. Bíodh a fhios agaibh gurb é an Tiarna is Dia ann.
Eisean a rinne sinn; is leis féin sinn;
sinne a phobal agus caoirigh a pháirce.   Freagra

3. Á, nach maith é go deimhin an Tiarna,
nach marthanach a thrócaire ghrámhar!
Is dílis é ó ghlúin go chéile                         Freagra

AN DARA LÉACHT          Apacailipsis 7:9. 14-17
Beidh an tUan  mar aoire acu, agus treoróidh sé iad go toibreacha na beatha.

Chonaic mise. Eoin, mathshlua mór nárbh fhéidir d’aon duine a chomhaireamh as gach cine agus treibh agus pobal agus teanga; bhí siad ina seasamh os comhair na ríchathaoireach agus os comhair an Uain, iad gléasta in éidí geala agus craobhacha pailme acu ina lámha. Dúirt mé mar fhreagra air: “A Thiarna liom, tá fhios agat.” Agus dúirt sé liom: “Is iadsan an dream atá gafa tríd an duainéis mhór; nigh siad agus gheal siad a n-éidí i bhfuil an Uain. Uime sin tá siad os comhair ríchathaoir Dé, agus déanann siad seirbhís dó de lá agus d’oíche ina theampall; agus, an té atá ina shuí sa ríchathaoir, beidh sé ina measc á gcosaint; ní bheidh tart orthu feasta, ná ocras, ná ní chiapfaidh an ghrian iad ná an brothall dearg. Óir, an tUan atá i lár baill ag an ríchathaoir, is é a bheidh mar aoire acu, agus treoróidh sé iad go toibreacha na beatha; agus glanfaidh Dia an uile dheoir dá súile.’

Alleluia Véarsa                  Eo 10: 14

Alleluia, Alleluia!
Is mise an t-aoire maith,’ a deir an Tiarna.
AithnÍm mo chaoirigh féin, agus aithníonn mo chaoirigh féin mé’
Alleluia!

AN SOISCÉAL                  Eoin 10:27-30
Tá an bheatha shíoraí agam á tabhairt do mo chaoirigh.

San am sin dúirt Íosa:

Éisteann mo chaoirigh le mo ghlór,
agus aithním iad, agus leanann siad mé.
Tá an bheatha shíoraí agam á tabhairt dóibh,
agus ní chaillfear go deo iad,
ná ní fhuadóidh aon duine as mo láimh iad.
M’Athair a thug dom iad, is mó é ná cách,
agus ní féidir d’aon duine fuadach ó láimh m’Athar.
Is aon mise agus an tAthair.”

© Cumann na Sagart 2020