Léachtaí an Aifrinn, 19 Bealtaine 2019

AN CHÉAD LÉACHT           Gníomhartha na nAspal 14:21-27
D’eachtraigh siad don an Eaglais le chéile a raibh déanta ag Dia i gcomhar leo.


D’fhill Pól agus Barnabas arís ar Liostra agus ina dhiaidh sin ar Iocoiniam agus Aintíoch, ag cur misnigh ar na deisceabail agus á spreagadh chun bheith dílis don chreideamh, “mar,” ar siad, “ní foláir dúinn mórán a fhulaingt chun dul isteach i ríocht Dé.” Thogh siad seanóirí dóibh ar gach Eaglais acu agus tar éis urnaithe agus troscadh a dhéanamh chuir siad iad faoi choimirce an Tiarna ina raibh a gcreideamh.

Shiúil siad an Phisíde ar fad nó gur tháinig siad go Paimfile; agus tar éis dóibh an briathar a chraobhscaoileadh i bPeirgé chuaigh siad síos go hAtailia agus as sin ar bord loinge go hAintíoch – an áit ar cuireadh faoi choimirce ghrásta Dé iad le haghaidh na hoibre a bhí anois curtha i gcrích acu.

Ar theacht dóibh, thionóil siad an Eaglais le chéile, agus d’eachtraigh dóibh a raibh déanta ag Dia i gcomhar leo agus mar a d’oscail sé doras an chreidimh do na págánaigh.

SALM LE FREAGRA.         Sm 144
Freagra:                                 Beannóidh mé d’ainm de shíor, a Dhia liom is a Rí

Malairt Freagra :              Alleluia!

I. Is ceansa trócaireach é an Tiarna,
mall chun feirge agus lan de chineáltas.
Is maith é an Tiarna don uile ní,
is is trócaireach é dá oibreacha uile.        
Freagra

2. Ceiliúrfaidh d’oibreacha thú, a Thiarna,
agus beannóidh do dhaoine naofa thú.
Canfaidh siad glóir do ríochta,
agus foilseoidh siad do chumhacht
chun do chumhacht a nochtadh don chine daonna
agus glóir do ríochta maorga.                  
Freagra

3. Ríocht shíoraí do ríochtsa,
is maireann do cheannas ó ghlúin go glúin.
                                                                   Freagra

AN DARA LÉACHT             Apacailipsis 21:1-5
Glanfaidh Dé gach deoir óna súile


Ansin chonaic mé neamh nua agus talamh nua. Bhí an chéad neamh agus an chéad talamh bailithe leo agus gan an fharraige ann feasta. Agus chonaic mé an chathair naofa, an Iarúsailéim nua, ag teacht anuas ó na flaithis, ó Dhia agus í ullamh maisithe mar nuachair i gcomhair a fir chéile. Agus chuala mé guth tréan ón ríchathaoir á rá: “Féach, tá áitreabh Dé fara daoine, agus cónóidh sé ina measc, agus beidh siad ina bpobal aige, agus beidh Dia féin faru. Glanfaidh sé gach deoir óna súile, agus ní bheidh an bás ann feasta, ná ní bheidh caoineadh ná olagón ná pian ann a thuilleadh, óir tá an seansaol thart.”

Ansin dúirt an té a bhí ina shuí sa ríchathaoir: “Féach, tá gach aon ní á dhéanamh nua agam.” Agus ar sé: “Scríobh. Óir is dílis agus is fírinneach iad na focail seo.”

Alleluia Véarsa                  Eo 13:34

Alleluia, Alleluia!
Tá aithne nua á tabhairt agam daoibh,
go dtabharfadh sibh grá dá chéile
Faoi mar a thug mise grá daoibhse.
Alleluia!

AN SOISCÉAL                 Eoin 13:31-35
Tá aithne nua á tabhairt agam daoibh, go dtabharfadh sibh grá dá chéile.

Nuair a d’imigh Iúdás amach, dúirt Íosa:

“Tá glóir faighte ag Mac an Duine anois,
agus tá glóir faighte ag Dia ann.
Má fuair Dia glóir ann,
tabharfaidh Dia glóir dósan ann féin,
agus tabharfaidh sé glóir dó gan mhoill.
A chlann ó, is gearr eile atá agam in bhur bhfochair.
Beidh sibh ar mo lorg,
agus faoi mar a dúirt mé leis na Giúdaigh,
deirim libhse arís:
‘An áit ina bhfuilimse ag dul
ní féidir daoibhse teacht.’
Tá aithne nua á tabhairt agam daoibh,
go dtabharfadh sibh grá dá chéile;
faoi mar a thug mise grá daoibhse,
go dtabharfadh sibhse grá dá chéile.
As sin a bheidh a fhios ag cách gur deisceabail liomsa sibh
má bhíonn grá agaibh dá chéile.”

© Cumann na Sagart 2020