Naomh Aodhán Lindisfarne, easpag agus misinéir rialta: Lúnasa 31

Ba de shliocht Éireannach é Naomh Aodhán agus bhí sé ina mhanach de chomhthionól Oileán Í. Nuair a díbríodh Oswald, Rí Northumbria, as a ríocht tháinig sé ar lorg tearmainn i mainistir Oileán Í agus nuair a d’fhill sé abhaile chun dul arís i gcoróin thug sé cuireadh do Naomh Aodhán teacht leis lena mhuintir a aisiompú chun an chreidimh. Lonnaigh Aodhán i Lindisfarne agus is ansin a bhí a lárionad misinéireachta. Le cuidiú an Rí, a bhí mar theangaire aige, d’éirigh go han-mhaith leis an misean. D’éag sé sa bhliain 651.

© Cumann na Sagart 2012