Naomh Ciarán, easpag: Márta 5

Is i nOileán Cléire i gContae Chorcaí a rugadh Naomh Ciarán Saighre. Áiritear é mar dhuine de na naoimh a bhí in Éirinn sula dtáinig Naomh Pádraig. Chuaigh sé go dtí an Mhór-Roinn, áit ar baisteadh é agus inar oirníodh é ina shagart agus ina easpag. D’fhill sé ar Osraí, ceantar dúchais a athar, agus chaith sé seal ina dhíthreabhach ach bhailigh deisceabail timpeall air agus i gceann tamaill bhí mórchlú ar an mainistir sin a bhí i Saighir.

© Cumann na Sagart 2012