Naomh Adhamhnán, ab: Meán Fómhair 23

Is i dTír Chonaill a rugadh Naomh Adhamhnán timpeall na bliana 624. Rinneadh manach de i mainistir Oileán Í agus ceapadh ina ab ansiúd é sa bhliain 679. Bhí sé ar feadh tamaill ina cheann ar na mainistreacha uilig a bhain le paruchia Cholm Cille agus lena chois sin d’fhág sé ina dhiaidh scríbhinní tábhachtacha agus ina measc an saothar clúiteach Vita Columbae, nó Beatha Cholm Cille. Ba fhear fónta eagnaí é a bhí an-fhoghlamtha sa Scrioptúr Naofa.

© Cumann na Sagart 2012