Naomh Ailbhe, easpag: Meán Fómhair 12

Áirítear Naomh Ailbhe mar dhuine de na naoimh a bhí in Éirinn sular tháinig Naomh Pádraig ach deirtear sna hAnnála gur éag sé sa bhliain 528. Tá traidisiún ann go ndeachaigh sé chun na Róimhe agur gur oirnigh an Pápa ina easpag é. Bhunaigh sé mainistir in Imleach a bhí ina dhiaidh sin ar cheann de mhórmhainistreacha na Mumhan. Tá riail de chuid an naoú haois ann, Riail Ailbhe, a chuirtear ina leith.

© Cumann na Sagart 2012