Naomh Fionnbarra, easpag: Meán Fómhair 25

Is dócha gur i mbaile fearainn na nGarrán láimh le Droichead na Bandan a rugadh Naomh Fionnbarra sa seachtú haois. Thriall sé leis go Loch Irce (Gabhagán Barra) agus de réir cosúlachta chaith sé seal ansin ina dhíthreabhach. Nuair a bhailigh deisceabail timpeall air d’aistrigh sé go Corcaigh, áit ar bhunaigh sé mainistir a bhí ina dhiaidh sin ina lár-ionad mórcháiliúil léinn.

© Cumann na Sagart 2012