Naomh Caoimhín, ab  Comóradh: Meitheamh 3

Tógadh Naomh Caoimhín i gCill na Manach, i Laighin, mar ar oirnigh an tEaspag Lughaidh é. Lonnaigh sé mar dhíthreabhach i nGleann Dá Loch. De réir a chéile bhailigh deisceabail timpeall air. Le himeacht aimsire d’fhás an comhthionól manachúil seo tar éis bhás an naoimh sa bhliain 618 sa dóigh is gur leathnaigh sé ar fud an ghleanna.

© Cumann na Sagart 2012