Naomh Colm Cille, ab. Leaséarlamh na hÉireann. Féile: Meitheamh 9

Is i nGartán i gContae Dhún na nGall a rugadh Colm Cille sa bhliain 521 agus ba de shliocht ríoga é. Rinne sé staidéar faoi Naomh Finnian Mhá Bhile agus Naomh Finnian Chluain Ioraird. Bhunaigh sé mainistreacha i nDoire, i nDair Mhá (Darú), Oileán Í agus b’fhéidir, i gCeanannas. Ar Oileán Í a bhí a phríomhmhainistir. Ó Óileán Í chuaigh misinéirí le muintir Northumbria a iompú chun an chreidimh. Tá sé ar an naomh Éireannach is mó a bhfuil gnaoi air de bharr an ghrá a bhí aige do achan chineál idir neacha daonna agus ainmhithe. D’éag sé sa bhliain 597.

© Cumann na Sagart 2012