Naomh Columbán, ab: Samhain 23

Is i gCúige Laighean a rugadh Naomh Columbán. Chuaigh sé isteach mar mhanach i mainistir Bheannchair. I gceann tamaill bhí sé ina phríomhoide ansin. Sa bhliain 591, ar an ábhar gur theastaigh uaidh dul ar “oilithreacht ar son Chríost”, d’fhág sé Beannchar in éineacht le beirt chompánach déag agus tháinig sé fhad leis an Bhurguin. Bhunaigh sé mainistreacha in Annegray, Luxeuil agus Fontaine agus bhí an riail dhian Éireannach i bhfeidhm iontu go léir. Toisc gur cháin sé go mór caighdeán morálta chúirt an rí díbríodh ón dúiche sin é. D’éirigh leis a bhealach a dhéanamh tríd an Eilbhéis agus bhunaigh sé mainistir i mBregenz. Thrasnaigh sé Sliabh Alpa agus bhunaigh sé a mhainistir dheireanach agus an ceann ba mhó clú i mBobbio, áit ar éag sé sa bhliain 615. Tá cáil ar a scríbhinní luachmhara diaga. Luaitear é ar an manaigh mhiseanta ba thábhachtaí de chuid na hÉireann.

© Cumann na Sagart 2012