Naomh Fearghal, easpag: Samhain 27

Chaith Naomh Fearghal seal san Fhrainc agus chuaigh ansin go dtí an Bhaváir. Bhunaigh sé mainistir Chiemsee sa Bhaváir Uachtarach. Rinneadh easpag ar Salzburg de Fhearghal timpeall na bliana 754. D’éag sé sa bhliain 784 agus ba mhór an cháil a bhí air de thairbhe a léinn agus a naofachta de.

© Cumann na Sagart 2012