Naomh Maolmhaodhóg, easpag. Comóradh: Samhain 3

Is in aice le hArd Mhacha a rugadh Naomh Maolmhaodhóg sa bhliain 1094. Thogh Ceallach, easpag Ard Mhacha agus leasaitheoir, é mar bhiocáire agus níos déanaí ina ab ar mhainistir Ard Mhacha. Oirníodh é freisin ina easpag ar Choinnire. Ba leasaitheoir díograiseach é mar ab agus mar easpag. Rinneadh easpag ar Ard Mhacha de. Ba eisean a thug na Cistéirsigh agus na Canónaigh Rialta isteach i ndeoise Ard Mhacha. Ag filleadh ón Róimh dó sa bhliain 1148 thug sé athchuairt ar Clairvaux, áit inar bhuail taom fiabhrais é agus d’éag sé i mbarróg Naomh Bearnard ar an 1 /2 Samhain. Tá an bheirt acu curtha in aon uaigh i Clairvaux.

© Cumann na Sagart 2012