Is é An Timire an iris Ghaeilge is sine sa tír—ar domhan, b'fhéidir - agus is sine í ná mórchuid d'irisí reatha Béarla na tíre. Bunaíodh í in 1911, agus tagann sí amach go rialta gach ráithe. Pléann sí cúrsaí creidimh, cúrsaí cultúrtha agus soisialta. An Fís atá ag An Timire ná Pobal na Gaeilge a nascadh lena spioradáltacht féin, ag teacht le meon Vatacáin 2. An phríomhaidhm atá ag An Timire ná spreagadh agus tuiscint a thabhairt do bhaill Aspalacht na hUrnaí nó Líonra Domhanda Urnaí an Phápa ar intinní an Phápa, trí altanna suimiúla agus ábhar atá inspéise do chách a chur ar fáil. Chun a thuilleadh eolais a fháil nó chun cóipeanna den Timire a ordú scríobh chuig An Coiste, An Timire, 37 Sr Líosain Íocht, BÁC 2 (D02 W935). Is é €20 an táille bliantúil, agus postas san áireamh. Seiceanna le híoc leis An Timire. Is féidir dul i dteagmháil linn freisin ag: antimire@gmail.com nó ag www.timire.ie