Léachtaí an Aifrinn, 17 Deireadh Fómhair 2021

CÉAD LÉACHT

Sliocht as Leabhar Íseáia, Fáidh Íseáia        53:10-11
Má thugann sé a anam in éiric an pheaca, feicfidh sé a shliocht, cuirfidh sé fad lena shaol.

Ba thoil leis an Tiarna é a bhascadh le breoiteacht.Má thugann sé a anam in éiric an pheaca,

feicfidh sé a shliocht, cuirfidh sé fad lena shaol,

agus rachaidh toil an Tiarna chun cinn ina lámha.

“Tar éis saothar a anama,

feicfidh sé an solas agus beidh sásamh air.

Lena phianta déanfaidh mo ghiolla fíréin de na sluaite,

á luchtú féin le hualach a gcionta.

Briathar Dé.  

Salm le Freagra         Sm 32
Freagra
                         Tabhair dúinn do bhuanghrá, a Thiarna, de réir an dóchais a chuirimid ionat.

1. Is dílis é briathar an Tiarna,
agus is iontaofa a obair uile.
Is ionúin leis an chóir is an ceart;
tá an talamh lán de bhuanghrá an Tiarna.   
Freagra

2. Féach, tá súile an Tiarna ar lucht a eaglaithe,
orthu sin a chuireann a ndóchas ina bhuanghrá,
chun go bhfuadódh sé a n-anamacha ón mbas
is go gcothódh sé iad in am an ghorta.          
Freagra

3. Bíonn ár n-anam ag feitheamh leis an Tiarna:
is é sin ár gcabhair is ár sciath.
Tabhair dúinn do bhuanghrá, a Thiarna,
de réir an dóchais a chuirimid ionat.            
Freagra

DARA LÉACHT   

Sliocht as an céad Litir Naomh Pól chuig na Eabhraig       4;14-16
Druidimis go muiníneach le ríchathaoir an ghrásta.

A bhráithre, ós rud é, mar sin, go bhfuil ardsagart againn atá gafa tríd na flaithis, Íosa, Mac Dé, coinnímis greim docht ar ár gcreideamh. Ní amhlaidh atá ardsagart againn nach féidir dó tuiscint a bheith aige dár laigí ach ceann a triaileadh i ngach slí cosúil linn féin ach nach ndearna peaca riamh. Dá bhrí sin, druidimis go muiníneach le ríchathaoir an ghrásta le súil go ndéanfar trócaire orainn agus go bhfaighimis grásta a chabhróidh linn in am an ghátair.

Briathar Dé. 

 

Alleluia Véarsa          Marcas 10:45  
Alleluia, alleluia!
Tháinig Mac an Duine chun go ndéanfadh sé féin freastal,
agus a anam a thabhairt mar cheannach ar mhórán.
Alleluia!

SOISCÉAL           

Sliocht as an Soiscéal naofa de réir Naomh Marcas        10: 42-45
Tháinig Mac an Duine chun a anam a thabhairt mar cheannach ar mhórán.
San am sin tháinig Séamas agus Eoin, clann Zeibidé; chuig Íosa á rá leis: “A Mhaistir, is mian linn go ndéanfá dúinn cibé ní a iarrfaimid ort.” Dúirt seisean leo: “Cad ab áil libh a dhéanfainn daoibh?” Agus dúirt siadsan leis: “Tabhair dúinn go suífimis, duine againn ar do dheis, agus duine againn ar do chlé, i do ghlóir.” Dúirt Íosa leo: “Níl a fhios agaibh cad atá sibh a iarraidh. An bhféadann sibh an cupa a ól atá á ól agamsa, agus sibh do bhur mbaisteadh leis an mbaisteadh lena bhfuilimse do mo bhaisteadh?”Dúirt siad leis: “Féadaimid.” Dúirt Íosa leo: “An cupa atáim a ól, ólfaidh sibh, agus leis an mbaisteadh lena bhfuilim do mo bhaisteadh, baistfear sibh; ach maidir le suí ar mo dheis nó ar mo chlé, ní agamsa atá sin le tabhairt, ach is dóibh siúd é dá bhfuil sé i ndán.” Ar a chloisteáil sin don deichniúr thosaigh siad ar a bheith míchéadfach i dtaobh Shéamais agus Eoin.

Agus ghlaoigh Íosa chuige iad agus dúirt sé leo: “Tá fhios agaibh go mbíonn an mhuintir, a shamhlaíonn a bheith ag rialú na ngintlithe, ag tiarnú orthu, agus a gcuid uaisle ag smachtúchán orthu. Ach ní mar sin atá an scéal eadraibhse, ach an duine ar mian leis a bheith ina uasal eadraibh, beidh sé ina sheirbhíseach daoibh, agus an duine ar mian leis a bheith ina cheann oraibh, beidh sé ina sclábhaí ag cách. Óir níor tháinig Mac an Duine chun go mbeifí ag freastal air, ach chun go ndéanfadh sé féin freastal, agus a anam a thabhairt mar cheannach ar mhórán.”

Soiscéal Dé

© Cumann na Sagart 2020