Léachtaí an Aifrinn, 6 Eanáir 2021
SOLLUNTAS EIPEAFAINE AN TIARNA
CÉAD LÉACHT
Sliocht as an fáidh Íseáia 60:1-6
Tá glóir an Tiarna tar éis éirí ort.
Éirigh, go lonrach, mar seo é do sholas ort,agus tá glóir an Tiarna tar éis éirí os do chionn,ainneoin go bhfuil an dorchadas ag leathadh thar an talamhagus dúchan na hoíche ar na ciníocha.
Os do chionnsa tá an Tiarna ag éirí agus tá a ghlóir le feiceáil anuas ort.Tá na náisiúin ag triall ar do sholasagus a ríthe ar ghile do mhaidneachain.
Ardaigh do shúile agus breathnaigh mórthimpeall:
táthar ag bailiú le chéile agus ag triall ort.
Tá do chlann mhac ag teacht ó i bhfad i gcéin,
d iníonacha fós agus iad á n-iompar le cionn
Ar a fheiceáil duit, beidh loinnir i do ghnúis,
beidh do chroí ag borradh ionat le tocht:
óir casfar flúirse na farraige i do threo,
tiocfaidh saibhreas na náisiún ag triall ort.
Beidh tú ar do chlúdach le camaill ina sluaite,
scoth chamaill Mhidián agus Éafá,
iad siúd go léir ag triall as Seabá,
ór agus túis ar iompar acu,
agus iad ag fógairt moltaí an Tiarna.
Briathar Dé.
Salm le Freagra Sm 71 Freagra Cromfaidh an uile náisiún go talamh i do láthair, a Thiarna.
1. Tabhair do bhreithiúnas, a Dhia, don Rí
agus d’fhíréantacht do mhac an Rí
Go dtuga sé ceartbhreithiúnas ar a phobal
agus cothrom do na bochta.
Freagra
2. Bláthóidh síocháin agus fíréantacht lena linn
nó go meathfaidh an ghealach.
Beidh a réimeas ó mhuir go muir,
ón Abhainn Mhór go críoch na cruinne. Freagra
3. Tiocfaidh ríthe Tairsis agus na gcladaí
ag trial air le tabhartais.
Béarfaidh ríthe na hAraibe agus Saba
bronntanais chuige.
Cromfaidh an uile rí go talamh ina láthair;
déanfaidh gach cine fónamh
dó. Freagra
4. Óir saorfaidh se na bochta nuair a ghlaofaidh siad air
agus na hainniseoí gan chúnamh.
Glacfaidh sé trua don duine lag
agus sábhálfaidh sé an duine
dealbh. Freagra
DARA LÉACHT
Sliocht as Litir Naomh Pól chuig na hEifísigh
3:2-3. 5-6
Is é rún é: gur comhoidhrí na gintlith.
A bhráithre, tá iomrá cloiste agaibh, ní foláir, ar an gcúram a thug Dia
mar ghrásta dom in bhur gcomhair agus mar a thug sé fios a rúin dom in aisling.
Níor tugadh fios an rúin seo do na glúinte daoine a chuaigh romhainn ach tá sé
arna nochtadh ag Dia anois faoi luí an Spioraid dá aspail naofa agus dá
fháithe.
Agus is é rún é: gur comhoidhrí na gintlithe, gur comhbhaill den aon chorp iad agus go bhfuil siad comhpháirteach sa ghealltanas i gCríost Íosa tríd an dea-scéal.
Briathar Dé.
Alleluia Véarsa
Mth 2:2
Alleluia, alleluia!Chonaiceamar a réalta ag éirí, gus thángamar ag déanamh
ómóis don Tiarna.Alleluia!
SOISCÉAL
Sliocht as an Soiscéal naofa de réir Naomh
Matha 2:1-12
Thángamar anoir ag déanamh ómóis don rí.
Nuair a bhí Íosa saolaithe i mBeithil Iúdáia in aimsir Héaróid rí, tháinig saoithe ón aird thoir go dtí Iarúsailéim ag fiafraí: “Cá bhfuil an leanbh seo atá saolaithe, Rí na nGiúdach? Mar chonaiceamar a réalta ag éirí, agus thángamar ag déanamh ómóis dó.”
Nuair a chuala Héaród rí an méíd sin, bhí sé corraithe, agus Iarúsailéim go léir mar an gcéanna. Thionóil sé le chéile uachtaráin na sagart agus scríobhaithe an phobail, agus d’fhiafraigh díobh cén áit a raibh an Críost le saolú. D’inis siad dó: “I mBeithil Iúdáia: óir sin é atá sa scríbhinn ón bhfáidh:‘Thusa, a Bheithil, i dtalamh Iúdá,níl tú baol ar an té is lú i measc prionsaí Iúdá,óir is asat a thiocfaidh ceann urraa bheidh ina aoire ar mo phobalsa, Iosrael.’”
Tabhartais, ór agus túis
Ansin chuir Héaród fios ar na saoithe os íseal agus fuair tuairisc uathu ar an am a bhfacthas an réalta. Chuir sé go Beithil iad ansin agus dúirt: “Imígí agus cuirigí fiafraí ghéar ar an leanbh. Nuair a bhíonn sé faighte agaibh, cuirigí scéala chugam chun go rachainn féin ann ag déanamh ómóis dó.” Nuair a chuala siad caint an rí, d’imigh siad leo. Agus an réalta, a bhí feicthe acu roimhe sin ag éirí, ghluais sí rompu go dtí gur stad sí os cionn na háite ina raibh an leanbh. Nuair a chonaic siad an réalta, bhí áthas an-mhór orthu. Agus ar dhul isteach sa teach dóibh, chonaic siad an leanbh le Muire a mháthair, agus d’umhlaigh siad go talamh ag déanamh ómóis dó. Agus d’oscail siad a gcistí agus d’ofráil siad tabhartais dó, ór agus túis agus miorra. Agus ó fuair siad foilsiú i mbrionglóid gan dul ar ais go dtí Héaród, ghabh siad bóthar eile abhaile chun a dtíre féin.
Soiscéal Dé.