Léachtaí an Aifrinn, 3 Eanáir 2021
AN DARA DOMHNACH TAR EIS NA NOLLAG
AN CHÉAD LÉACHT Sírach:
24:1-2. 8-12
Rinne Eagna Dé cónaI ca phobal tofa.
Tá an eagna á moladh féin,
agus ag déanamh mórtais i measc a muintire.
Osclóidh sí a béal i gcomhthionól an Té is Airde
agus déanfaidh sí mórtas i láthair a shlua.
Ansin thug cruthaitheoir an
uile ní ordú dom,
agus cheap an té a chruthaigh mé láthair do mo bhoth;
dúirt sé: ‘Déan cónaí i Iacób,
agus bíodh Iosrael agat mar oidhreacht.’
Ón tsíoraíocht roimh thúsú an domhain, chruthaigh sé mé,
agus beidh mé ann go brách na breithe.
Rinne mé freastal ina láthair sa bhoth naofa,
agus ar an gcuma sin daingníodh mé ar Shíón.
Mar an gcéanna chuir sé i mo chónaí mé sa chathair is ansa leis,
agus is in Iarúsailéim atá mo thiarnas agam.
Chuir mé fréamhacha amach i bpobal a bhí faoi ghradam,
i sealúchas an Tiarna arb é a oidhreacht é.
SALM LE FREAGRA. Sm 147 Freagra : Rinneadh feoil den Bhriathar agus chónaigh sé inár mease.
I
. Mol an Tiarna, a
Iarúsailéim,
mol do Dhia, a Síón;
toisc gur dhaingnigh sé boltaí do dhoirse,
is gur bheannaigh sé do chlann istigh ionat. Freagra
2. Dhaingnigh sé síocháin i do chríocha,
bheir sé do sháith duit de smior na cruithneachta.
Cuireann sé a ordú uaidh chun na talún,
ritheann a bhriathar go
mear. Freagra
3. Foilsíonn sé a bhriathar do lácób,
a chánacha is a phroiceapta d’Isráél.
Ní dhearna sé amhlaidh do náisiúin eile;
níor nocht sé dóibh a
phroiceapta. Freagra
AN DARA LÉACHT
hEifísigh 1:3-6. 15-18
Leag sé amach ó thús go mbeimisne inár gclann aige
trí Iosa
M
oladh le Dia,
le hAthair ár dTiarna Íosa Críost,
a bhronn orainn, i gCríost,
gach tabhartas spioradálta sna flaithis.
Roimh thúsú an domhain
roghnaigh sé sinn i gCríost
chun bheith naofa gan locht os a chomhair.
Le barr grá dúinn
leag sé amach ó thús
de réir mhian a thola féin
go mbeimisne inár gclann aige
trí Íosa Críost,
i dtreo go molfaí an grásta as cuimse
a roinn sé orainn go fras
ina Mhac muirneach.
Sin é an fáth, ón uair a chuala mé iomrá ar an gcreideamh atá agaibhse sa Tiarna Íosa agus ar an ngrá atá agaibh do na naoimh go léir, nar stad mé ach ag gabháil buíochais le Dia ar bhur son agus ag cuimhneamh oraibh i m’urnaithe. Bím á iarraidh ar Dhia ár dTiarna Íosa Críost, ar Athair na Glóire, spiorad na heagna agus na géarchúise a thabhairt daoibh chun go gcuirfeadh sibh aithne air. Go soilsítear súile bhur n-aigne ar shlí go dtuigfidh sibh cad é mar údar dóchais daoibh bhur ngairm aige agus cad é mar oidhreacht fhairsing ghlórmhar atá aige i ndán don phobal naofa.
Alleluia
1Tiom 3:16
Alleluia, alleluia!
Glóir duit, a Chríost, fógraíodh é do na ciníocha,
Glóir duit, a Chrío.st,chreid an saol mór ann
Alleluia!
AN SOISCÉAL Eoin
1-1-18
Rinneadh feoil den Bhriathar agus chónaigh sé inár
measc.
Bhí an Briathar ann i dtús báire
agus bhí an Briathar in éineacht le Dia,
agus ba Dhia an Briathar.
Bhí sé ann i dtús baire in éineacht le Dia.
Rinneadh an uile ní tríd
agus gan é ní dhearnadh aon ní dá ndearnadh.
Is ann a bhí an bheatha
agus ba é solas na ndaoine an bheatha.
Agus tá an solas ag taitneamh sa dorchadas,
ach níor ghabh an dorchadas é.
Bhí fear a tháinig ina
theachtaire ó Dhia,
agus Eoin a ba ainm dó.
Tháinig sé ag déanamh fianaise
chun fianaise a thabhairt i dtaobh an tsolais
chun go gcreidfeadh cách tríd.
Níorbh é féin an solas
ach tháinig ag tabhairt fianaise i dtaobh an tsolais.
An solas fírinneach
a shoilsíonn gach aon duine,
bhí sé ag teacht ar an saol.
Bhí sé ar an saol
agus is tríd a rinneadh an saol,
agus níor aithin an saol é.
Chun a chuid féin a tháinig
agus níor ghlac a mhuintir é.
Ach an uile dhuine a ghlac é,
thug sé de cheart dóibh
go ndéanfaí clann Dé díobh,
dóibh seo a chreideann ina ainm,
an mhuintir nach as folanna a rugadh iad
ná as toil feola,
ná as toil fir ach ó Dhia.
Agus rinneadh feoil den Bhriathar
agus chónaigh sé inár measc,
agus chonacamar-na a ghlóir,
a ghlóir mar Aonghin ón Athair,
lán de ghrásta agus d’fhírinne.
Tagann Eoin ag tabhairt fianaise ina thaobh
agus glaonn in ard a ghutha:
“É seo an té a ndúirt mé faoi:
‘An té atá ag teacht í mo dhiaidh,
tá an tosach aige orm mar bhí sé ann romham.’”
Óir ghlacamar uile as a lánmhaireacht,
sea, grásta ar ghrásta.
Tugadh an dlí go deimhin trí Mhaois,
ach tháinig an grásta agus an fhírinne trí Íosa Críost.
Ní fhaca aon duine riamh Dia.
An tAonghin atá i gcochall chroí Dé,
eisean a d’aithris.
__________________________________________________
MALAIRT SOISCÉAL Eoin
1–5, 9-14
Rinneadh feoil den Bhriathar agus chónaigh sé inár
measc.
Bhí an Briathar
ann i dtús báire
agus bhí an Briathar in éineacht le Dia,
agus ba Dhia an Briathar.
Bhí sé ann i dtús baire in éineacht le Dia.
Rinneadh an uile ní tríd
agus gan é ní dhearnadh aon ní dá ndearnadh.
Is ann a bhí an bheatha
agus ba é solas na ndaoine an bheatha.
Agus tá an solas ag taitneamh sa dorchadas,
ach níor ghabh an dorchadas é.
An solas fírinneach
a shoilsíonn gach aon duine,
bhí sé ag teacht ar an saol.
Bhí sé ar an saol
agus is tríd a rinneadh an saol,
agus níor aithin an saol é.
Chun a chuid féin a tháinig
agus níor ghlac a mhuintir é.
Ach an uile dhuine a ghlac é,
thug sé de cheart dóibh
go ndéanfaí clann Dé díobh,
dóibh seo a chreideann ina ainm,
an mhuintir nach as folanna a rugadh iad
ná as toil feola,
ná as toil fir ach ó Dhia.
Agus rinneadh feoil den Bhriathar
agus chónaigh sé inár measc,
agus chonacamar-na a ghlóir,
a ghlóir mar Aonghin ón Athair,
lán de ghrásta agus d’fhírinne.