Léachtaí an Aifrinn, 31 Eanáir 2021 

CÉAD LÉACHT   

Sliocht as leabhar Deotranaimí                   18:15-20
Ardóidh mé suas fáidh agus cuirfidh mé my bhriathra ma bhéal.

Labhair Maois leis an bpobal á rá: Ardóidh an Tiarna do Dhia suas fáidh mar mise duit ó do lár, ó do bhráithre; tugaigí aird airsean. Sin é a d’iarr tú féin ar an Tiarna do Dhia ag Horaeb, lá an Tionóil. ‘Ná lig dom guth an Tiarna mo Dhia a chlos arís,’ arsa tú, ‘ná an tine mhór seo a fheiceáil a thuilleadh, le heagla go bhfaighinn bás.’ Dúirt an Tiarna liom: ‘Is maith mar a dúradar a bhfuil ráite acu. Ardóidh mé suas fáidh mar thusa dóibh, ó lár a mbráithre; cuirfidh mé mo bhriathra ina bhéal agus inseoidh sé dóibh gach a n-ordaím dó. An té nach dtabharfaidh aird ar na briathra a labhróidh sé i m’ainm, éileoidh mé díoltas air. Ach an fáidh a leomhfaidh focal a labhairt i m’ainmse nár ordaigh mé dhó a labhairt, nó a labhróidh in ainm dé eile, gheobhaidh an fáidh sin bás.’

Briathar Dé.  

Salm le Freagra              Sm 94
Freagra                               Á, dá n-éistfeadh sibh lena ghuth inniu: ‘Na calcaigí bhur gcroí.’

1. Tagaigí, déanaimis gairdeas don Tiarna,
tógaimis gártha áthais do Charraig ár slánaithe.
Tagaimis ina láthair le moltaí,
déanaimis gairdeas dó le laoithe.                            
    Freagra   

2. Tagaigí, adhraimis agus sléachtaimis,
facaimis ár nglúine don Tiarna a rinne sinn.
Óir is é ár nDia é, agus is sinne
pobal a aoireachta agus caoirigh a lámh.                  
Freagra

3. Á, dá n-éistfeadh sibh lena ghuth inniu:
‘Na calcaigí bhur gcroí.’ mar a tharlai Meríba,
mar a tharla an lá úd ag Masa san fhásach
mar ar chuir bhur n-aithreacha cath orm,
mar ar thriail siad mé cé go bhfaca siad m’obair.’  
Freagra

DARA LÉACHT 

Sliocht as an dara litir Coirintigh               7:32-35

Bíonn an bhean shingil buartha faoi chúrsa an Tiarna d’fhonn bheith naofa.

A bhráithre, Is amhlaidh ba mhaith liom sibh a bheith saor ó imní. Bíonn an fear singil buartha faoi ghnóthaí an Tiarna ag iarraidh an Tiarna a shásamh; ach bíonn an fear pósta buartha faoi ghnóthaí an tsaoil ag iarraidh a bhean a shásamh, rud a fhágann é i ngalar na gcás. Ar an gcuma chéanna bíonn an bhean singil nó an cailin óg buartha faoi chúrsaí an Tiarna d’fhonn a bheith naofa idir chorp agus anam; ach bíonn an bhean phósta buartha faoi chúrsaí an tsaoil ag iarraidh a fear a shásamh. Is ar mhaithe libh a deirim an méid seo, agus ní ag iarraidh laincis a chur oraibh atáim, ach le go mbeadh gach ní ina cheart, agus go bhfónfadh sibh don Tiarna gan cur isteach ná amach oraibh.

Briathar Dé.  

Alleluia Véarsa                            Eo 14: 23
Alleluia, alleluia!
“Má bhíonn grá ag duine dom,” ar sé leis,
“coinneoidh sé mo bhriathar,
agus beidh grá ag m’Athair dó,
agus tiocfaimid chuige.’
Alleluia!

SOISCÉAL           

Sliocht as an Soiscéal naofa de réir Naomh Marcas           1:21-28
B
hI sé a dteagasc mar a bheadh duine a mbeadh údarás aige.


San am sin chuaigh Íosa isteach i gCafarnáum. Agus lá na sabóide féin, ar dhul isteach satsionagóg dó, thosaigh sé ag teagasc.Agus bhí ionadh orthu faoina theagasc; á dteagasc a bhí sé mar dhuine a mbeadh údarás aige, níorbh ionann agus na scríobhaithe.

Bhí, san am sin, duine sa tsionagóg a raibh smacht ag spiorad míghlan air, agus scread sé amach: “Há, cad ab áil leat dínn, a Íosa Nazairéanaigh? Chun ár millte a tháinig tú. Is eol dom cé hé thú: Naomh Dé.” Labhair Íosa leis go bagrach: “Bí i do thost, agus gabh amach as.” Bhain an spiorad míghlan rachtaí as an duine, ghlaoigh amach go hard agus d’imigh as. Agus bhí alltacht chomh mór sin ar chách go raibh siad ag fiafraí dá chéile: “Cad é an rud é seo?” deiridís: “teagasc nua á dhéanamh le húdarás;
na spioraid mhíghlana féin, fógraíonn sé orthu agus déanann siad rud air.” Agus níorbh fhada gur leath a chlú go fada gearr ar fud cheantar uile na Gailíle.

Soiscéal Dé.

© Cumann na Sagart 2020