Léachtaí an Aifrinn, 7 Feabhra 2020

CÉAD LÉACHT   

Sliocht as an fáidh Iób                   7:1-4. 6-7
Bím do mo chiapadh go comhrac lae agus oíche.

Labhair Iób agus dúirt:

Nach bhfuil tréimhse dianseirbhíse ag an duine ar talamh?

Agus nach cosúil a laethanta le laethanta amhais?

Mar dhaor a shantaíonn an scáth,

Agus mar amhas a iarrann luach a shaothair.

Is amhlaidh a dátaíodh dom míonna mairge

gur gearradh amach dom oícheanta buartha.

I mo luí dom deirim: “Cá huair a thiocfaidh an lá?”

Ar m’éirí dom deirim arís: “Cá huair a thiocfaidh an oíche?”

Agus bím do mo chiapadh go comhrac lae agus oíche.

Is luaithe mo laethanta ná fearsad fíodóra,

Agus tá siad arna gcríochnú gan dóchas.

Á, cuimhnigh nach bhfuil i mo bheatha ach puth anála;

Ní fheicfidh mo shúile sonas go deo arís.

Briathar Dé.  

Salm le Freagra              Sm 146
Freagra                               Molaigí an Tiarna a shlánaíonn lucht an  chroí   bhriste.
Malairt Freagra           Alleluia!

I. Alleluia!
Molaigí an Tiarna óir is maith é;
canaigí salm dár nDia óir is grámhar é:
is dósan is cuí ár moladh.                                        
Freagra

2. Tá an Tiarna ag tógáil Iarúsailéim,
ta sé ag cruinniú dhíbeartaigh Isráél.
Slánaíonn sé lucht an chroí bhriste
agus déanann a gcréachtaí a cheangal.
Socraíonn sé líon na réaltaí;
ainmnífonn sé ina gceann agus ina gceann iad. 
Freagra

3. Is mór é ár nDia agus is mór é a neart;
níl teorainn ar bith lena eagna.
Ardaíonn an Tiarna na daoine ísle
agus leagann sé ar lár na héagráifigh.                  
Freagra

DARA LÉACHT   

 Sliocht as an chéad leabhar chuig na Coirintigh       9:16-19. 22-23
Is domsa is mairg mura ndéanfaidh mé an dea-scéal a fhógairt.

Abhráithre, ní aon chúis mhaíte dom bheith ag fógairt an dea-scéil, mar is é mo dhualgas é, agus is domsa is mairg mura ndéanfaidh mé an dea-scéal a fhógairt. Dá mba de mo dheoin féin a bheinn á dhéanamh sin bheadh tuarastal ag dul

dom; ach más de m’ainneoin é, is dualgas é atá curtha orm. Cén tuarastal atá ag duldom mar sin? Tá, go ndéanaim an dea-scéal a fhógairt saor in aisce gan feidhm ar bith a bhaint as an gceart is liom ón dea-scéal.

Bíodh nach bhfuil buannacht ag duine ar bith orm, rinne mé sclábha díom féin don uile dhuine d’fhonn breis a thabhairt liom. Bhí mé lag leis na laga d’fhonn na laga a thabhairt liom. Bhí mé i mo gach ní do gach duine d’fhonn cuid áirithe acu a shábháil ar chuma éigin. Is ar mhaithe leis an dea-scéal a dhéanaim gach ní ionas go mbeinn i bpáirt ann.

Briathar Dé.  

Alleluia Véarsa                    E0 8: 12
Alleluia, alleluia!
Is mise solas an tsaoil, a deir an Tiarna;
an té a leanfaidh mise beidh solas na beatha aige.
Alleluia!

SOISCÉAL                   

Sliocht as an Soiscéal naofa de réir Naomh Marcas          1:29-39
Leigheas sé mórán a bhí tinn ó gach sórt galair.

San am sin ar dhul amach as an tsionagóg d Íosa, chuaigh sé isteach gan mhoill i dteach Shíomóin agus Aindrias, in éineacht le Séamas agus Eoin. Bhí máthair chéile Shíomóin ina luí agus an fiabhras uirthi, agus ní dhearna siad aon mhoill gan labhairt leis mar gheall uirthi. Chuaigh sé anonn chuici, rug ar láimh uirthi agus thóg suas í. D’fhág an fiabhras í agus thosaigh sí ag freastal orthu.

Nuair a bhí an tráthnóna ann, tar éis luí gréine, thug siad chuige cách a bhí tinn agus na daoine a raibh deamhain iontu. Bhí an chathair ar fad cruinnithe timpeall an dorais, agus leigheas sé mórán a bhí tinn ó gach sórt galair, agus chaith sé amach mórán deamhan, agus ní ligeadh sé do na deamhain labhairt, mar bhí a fhios acu cérbh é.

D’éirigh sé ina shuí ar maidin tamall maith roimh lá, ghabh sé amach agus d’imigh go dtí áit uaigneach agus bhí sé ansiúd ag guí. Chuaigh Síomón agus a chompánaigh ar a lorg, agus nuair a fuair siad é dúirt siad leis: “Tá cách do do chuardach.” Dúirt sé
leo: “Téanam go dtí áit éigin eile, isteach sna bailte móra atá ar cóngar, chun go mbeinn ag seanmóir iontu sin freisin, mar is chuige sin a ghabh mé amach.” Agus tháinig sé ag seanmóir ina gcuid sionagóg ar fud na Gailíle go léir agus ag caitheamh na ndeamhan amach.

Soiscéal Dé.

© Cumann na Sagart 2020