Machnamh ar Léachtaí an Aifrinn, 7 Márta 2021

7  Márta 2021 (B) An Tríú Domhnach den Charghas


Freagra don Chreideamh leis an mBíobla

leis an Ath. Máirtín Mac Conmara, MSC


  1. A. Léachtaí an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chríostaí


B.  An Bíobla in agallamh le ceisteanna an lae: Creideamh i nDia agus ina   shaothar slánaithe trí bhás agus aisiéirí Íosa


Léachtaí an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chríostaí


An Chéad Léacht (Exodus 20:1-17). Tugadh an Dlí trí Mhaois. Roghnaíodh an léacht seo leis na Deich nAitheanta don Domhnach áirithe seo mar chuid den phlean atá sa Leicseanáir Nua go mbeadh na léachtaí ón tSeantiomna ag trácht ar stair an tslánaithe, ar cheann de na hábhair de caiticéis an Charghais é. Gach bliain bíonn sraith téacsanna sa leicseanáir seo a thugann príomhphointí na staire seo dúinn óna tús go dtí gealltanas an Chonartha Nua, le léacht faoi Abrahám ar an Dara Domhnach agus faoin Exodus ar an Tríú Domhnach. Tá foilsiú na nDeich nAitheanta den léacht inniu ceangailte le tréimhse Iosrael san fhásach agus le Sinai. I dtús báire is dócha nach raibh aon bhaint ag na Deich nAitheanta, mar liosta, leis an bhfoilsiú i Sinai. Ba achoimre néata iad de phríomhphointí chreideamh Iosrael, agus cuid acu ag tabhairt rabhaidh don bhaol a bhí ann do Iosrael faoi íoladhradh dhéithe bréige, trí dhealba nó íomhánna eile díobh a dhéanamh. Tá cur síos fada sa sliocht seo ar an tSabóid, lá saoire agus cráifeachta, atá bhí, agus atá fós, lárnach don Ghiúdachas. Níor bhain an baol ón ildiachas, nó an aithne ar an tSabóid, ar an Satharn, go mór le hábhar don Eaglais Chríostaí, agus dá bharr sin fágtar ar lár iad i leagan gearraithe sa leicseanáir. Tá cuid dá bhfuil sa leagan traidisiúnta de na Deich nAitheanta as dáta de bharr dul chun cinn na staire, mar shampla stádas na mban san aithne dheiridh. Is léir óna Soiscéil agus an Tiomna Nua go bhfuil na Deich nAitheanta lárnach mar threoir don bheatha Chríostaí agus dhaonna. Nuair a chuir an fear óg saibhir ceist ar Íosa (Matha 19:16-22): “A mháistir, cad  an mhaith atá le déanamh agam chun go mbeadh an bheatha shíoraí agam?”, d’fhreagair Íosa:  “Más áil leat dul isteach sa bhetha, coinnigh na haitheanta”. Agus nuair a iarradh ar Íosa “Cad iad féin?”, thug Íosa samplaí ón liosta traidisiúnta, ach ag críochnú leis na briathra: “Agus bíodh grá agat do do chomharsa mar atá agat duit féin”. Thug Íosa míniú nua do chuid de na haitheanta don ré nua a bhí á tabhairt isteach aige féin, ag tabhairt brí dhearfach do aitheanta a raibh leagan diúltach  orthu, “Ná déan”. Mar shampla, an aithne “Ná déan marú”, níl sí teoranta do rud diúltach amháin: “Ná scrios íomhá Dé sa phearsa dhaonna”, ach ciallaíonn sé  omós a thabhair dó, trí cosc ar fhearg, ar mhasla, agus easpa maithiúnais. Mar an gcéanna le adhaltranas, ni hé an gníomh sin amháin a bheadh i gceist ach gach siochair pheaca sa réimse seo (Matha 5:21-30).  Tá na Deich nAitheanta chomh tábhactach sin  gur chóir iad a mhúineadh agus iad a bheith de ghlanmheabhair ag daoine mar threoir do lárphointí ár gcreidimh agus ár gcleachtadh creidimh.

Salm le Freagra (Salm 18[19]0. Is agatsa, a Thiarna, atá briathra na beatha síoraí.


An Dara Léacht (1 Corantaigh 1:22-25). Críost atá céasta atá á  fhógairt againne – ceap tuisle do na Giúdaigh, amadaí dar leis na ciníocha; ach dóibh siúd a lean an ghairm is é eagna Dé é Críost. Ag cur sios ar mhinistreacht Phóil dó, labhraíonn údar Ghniomharha na nAspal  ar a chuairt ar chathair na  hAithne, lárionad an chultúir Ghréigigh. Chuir dearg-ildiachas na cathrach sin  as go mór dó. Chuaigh sé chun aragóna leis na grúpaí ba thábhachtaí fealsúnachta ann, na Stóich agus na hEipiciúraigh. Níor thuigeadar an teachtaireacht a bhí aige faoin Soiscéal agus Aiséirí Chríost. Thug cuid acu siodrálaí nó bailitheoir ceirteacha air. Tugadh cuireadh dó labhairt le comhairle léannta na cathrach, an tAreopagus, rud a rinne sé in aitheasc léannta, dea-chumtha. Ach arís, nuair a labhair sé faoi altóir do dhia anaithnid dá gcuid siúd a chonaic sé, agus  Dia a labhair trí Íosa agus trína Aiséirí, d’fhágadar slán go dea-mhúnte le Pól.  Cúis mhachnaimh do Phól a bhí anseo faoi conas ar theip ar na Ghiúdaigh agus na Gréigigh léannta glacadh le Críost agus a Shoiscéal.  Leis na smaointe seo ina aigne, ghluais Pól ar aghaidh chuig an Choraint. Níos luaithe sa litir seo chuig an chathair sin, mheabhraigh Pól do na Corantaigh: “Ní ag baisteadh a chuir Críost uaidh mé ach ag fógairt an dea-scéil agus é a dhéanamh gan dul i muinín eagna urlabhra ar eagla cros Chríost a choilleadh” (1 Corantaigh 1:17). Leanann sé leis á rá gur  díth céille scéal seo na croise dar leo siúd atá ar bhealach a millte, ach gur cumhacht Dé agus eagna Dé é do creidmhigh atá ar bhealach a slánaithe. Leagann Pól béim ar faoi mar ar theip ar an eagna dhaonna san aimsir chaite (bás Chríost ar an gcrois) agus níos déanaí (scoth-ghrúpa ar bith) beart Dé i gCríost a thuiscint. “Ní raibh fios na heagna seo ag duine ar bith de cheannairí an tsaoil seo mar dá mbeadh a fhios acu í ní chéasfaidis Tiarna na glóire ar an gcrois” (1 Corantaigh 2:10). Is i gcoinne an chúlra seo a ba chóir léacht seo an lae inniu a thuiscint.


  1. B. An Soiscéal (Eoin 2:13-25).  Leagaigí an teampall seo, agus i dtrí lá tógfaidh mé suas arís é. Mar a thuigtear go forleathan, tá difríocht idir shoisceal Eoin agus na trí chinn eile (na Sionoptaigh) nuair a shuíonn Eoin glanadh an Teampaill ag Íosa ag tús a mhinistreachta seachas ag a deireadh,  ag a tús tar éis mhiorúilt Cana, bíodh nach deirtear gurb díreach ina dhiaidh sin  é. Tá spéis faoi leith ag Eoin, an Ceathrú Soiscéalaí, le léiriu faoi mar ar thug Íosa brí níos doimhne (ag tagairt do féin agus dá mhisean) do fhéilte agus do thraidisiúin na nGiúdach. Sa ré nua, le haiséirí Chríost, corp aiséirithe Chríost a bheidh mar fhíor-theampall; agus ba iad a bhás ar an gcrois agus a aiséiri an fhior-Chásc, a dheascabáil chuig an Athair. I dTeampall Iarúsailéim féin, agus sa limistéir leathan thart timpeall air, i rith  fhéile na Cásca, bhí gá le híobairtí, agus chuige sin bhí díol agus ceannach ainmhithe riachtanach, agus mar aon leis sin malartóirí airgid le boinn airgid na Róimhe (le íomhá an Impire agus déithe bréige orthu) a shoinseáil go boinn eile (boinn ón Tuír) a raibh glacadh leo sa Teampall. Maidir le Teampall seo Dé de,  ba fhada i gcéin an Teampall seo agus a bhain leis ón rud a bhí in aigne ag Dia. Ag machnamh ar Salm 69:9 dó, “Déanfaidh díograis do thí mé a ithe”, le díograis don Teampall, teach a Athar,  rinne Íosa mar a rinne sé de réir léacht an lae inniu. Nuair a cuireadh ceist air comhartha a thabhairt, dúirt sé leo siúd a chuir an cheist: “Leagaigí an teampall seo , agus i dtrí lá  tógfaidh me suas arís é”.  Do léitheoirí Críostaí an tsoiscéil seo bheadh sé soiléir gur tagairt dá bhás agus dá aiseirí a bhí ann. Mheas a lucht éisteachta Giúdacha, thart ar an mbliain 29-30 nó 32-33 dár ré féin,  gur ag tagairt don Teampall lámh leo a bhí sé. B’fheasach gur thosaigh maisiúchán an Teampaill sin ag an rí Hearód Mór sa bhliain 20-19 (roimh Chríost), maisiú nár chríochnaigh go  dtí thart ar an mbliain 62 iar Chríost, go gairid sul ar scriosadh go hiomlán é sa bhliain 70 i. Ch..  Tar éis aiséirí do Chríost thuig a lucht leanúna an bhrí dhomhain a bhí lena dúirt Íosa agus an ceangal a bhí idir sin agus na scrioptúir.



B. An Chéad Léacht (35:12-14, 16-19). Téann guí an duine uirísil suas trí na néalta.  Baineann leabhar Íosa Ben Síra (Ecclesiasticus)  le litríocht eagna an tSeantiomna. D’eascair luath-litríocht an traidisiúin seo as an taithí dhaonna ar an saol, gan tagairt don chonradh le Dia. Tá roinnt mhaith de seo i leabhar Ben Sira chomh maith, saoi a raibh scoil den léann seo aige in Iarúsailéim. Scríobh sé an leabhar seo thart ar an mbliain 180 roimh Chríost, ach nasc sé an conradh, an deabhóid agus Dlí Mhaois leis an eagna. Sa sliocht seo labhraíonn sé ón taithí dhaonna agus óna oidhreacht chreidimh. Tá an comhthéacs lena mbaineann an sliocht ag cur síos ar Dhia mar bhreitheamh cóir, ná dhéanann faillí ar an duine dearóil.  Baineann achainí an duine dheabhóidigh agus an duine uirísil na néalta amach agus  téann trí na néalta go Dia féin ar neamh. Leagann an sliocht béim ar an umhlaíocht agus an uirísle i láthair Dé, agus mar sin téann sé le Soiscéal an lae inniu. Mar aon le sin tugann sé le fios go seasann Dia ceart don duine macánta agus go dtugann sé freagra gan mhoill.



Salm le Freagra (Salm 33[34]). Scread an t-ainniseoir is chuala an Tiarna é.

An Dara Léacht (2 Timóteas 4:6-8, 16-18). Tá craobh na fíréantachta réidh i mo chomhair feasta. Tiomna álainn Phóil atá anseo. Ní dócha gur ó pheann Phóil féin na Litreacha Tréadacha, ach ó ghlúin tar éis a bháis, a fhéachann siar ar shaol agus shaothar an aspail agus an oidhreacht a fhág sé ina dhiaidh. Cuirtear a fheartlaoi féin anois i mbeola Phóil. Deir sé le Timóteas go bhfuil a rás rite, a bhás geall le bheith buailte leis. Baineann sé úsaid as dhá íomhá chuige sin. An chéad cheann ná a bhás mar íobairt, íomhá ar bhain sé úsáid cheana aisti ag scriobh chuig na Filipigh dó (Filipigh 2:17), tráth, b’fhéidir a raibh sé i mbaol báis: “Fiu amháin má tá mo chuid fola le doirteadh agam mar dheoch ofrála ar an iobairt a dhéanann sibh chun Dé le bhúr gcreideamh, tá áthas orm faoi”. Amhail mar a dhoirtíodh mar dheoch ofrála de fhíon, de uisce nó d’ola ar íobairtí, mar sin a dhoirtfear fuil Phóil ar a íobairt mar mhairtíreach.  An dara íomhá atá aige faoina bhás ná imeacht: beidh sé ag scaoileadh seoil. Tugann sé dhá íomhá eile faoina bheatha: comhrac agus rás. Thuigfeadh Timóteas agus Críostaithe eile go maith an comhrac mór a throid sé ón chéad lá ar glaoigh Críost air ar an mbealach go dti an Damaisc le creideamh i gCriost agus an slánú trí chreideamh amháin a thabhairt do na pagánaigh, gan laincisí an Ghiúdacais. Tá a chuid litreacha chuig na hEaglaisí lán d’fhianaise air sin. Tá a rás rite anois agus an creideamh comeádta slán aige. Ag scríobh chuig na Coirintigh dó labhair Pól faoin chraobh dhímuan a bheadh le buachaint ag luathchleasaithe (1 Coirintigh 9:24-25) agus an chraobh thar barr a bheadh le baint amach ag lucht leanúna dílse Chríost. Anois bhí craobh na fíréantachta ag feithamh leis féin agus ag gach duine a bheadh ag tnúth le teacht Chríost. Sa dara mhir de léacht an lae inniu cuireann Pól síos ar faoi mar ar thréig gach aoinne é in am an ghátair ina chéad chúis chúirte. Ní fios dúinn na cúinsí a bhain leis sin; i ngéarleanúint faoin Impire Nerón sa Róimh, b’fhéidir. Ní fios dúinn ach an oiread cérb iad na pagánaigh a éist leis an Dea-Scéal ó Phól; iad sin a raibh baint acu lena bhraighdeanas b’fhéidir. Seo comhrac deiridh Phóil agus é ag feitheamh le bheith tógtha slán chun ríocht Dé ar neamh. Is iontach na briathra deiridh seo uaidh ina Thiomna, agus é ag fágaint a oidhreachta linn: “Moladh go deo le Dia. Amen”.

An Soiscéal (Lúcás heinnú18:9-14) Chuaigh an poibleacánach síos abhaile fíréanaithe, ní ionann is an Fairistíneach. Ag tús an téacs deirtear linn go bhfuil an parabal seo dírithe ar dhaoine a bhí cinnte go rabhadar féin fíréanta, i gcaidreamh cóir le Dia, agus dímheas acu ar chách eile. Le ceacht a thabhairt faoi seo roghnaítear duine mar eiseamláir do gach grúpa díobh faoi leith – Fairistíneach agus poibleacánach, sin le rá bailitheoir cánach. Bhí iomrá ar na Fairistínigh mar ghrúpa a bhí tugtha do chomhlíonadh beacht dlíthe an Bhíobla agus a sain-dlíthe féin – ina slí féin daoine naofa. Bhí droch-theist ar na bailitheoirí cánach, de bhrí go ndeachadar thar an cháin a bhí dlite le airgead dóibh féin a bhailiú, agus fós go rabhadar fábharach do chánacha do impireacht na Róimhe. Ní hé go raibh Íosa naimhdeach do na Fairisínigh mar ghrúpa, ar a laghad de réir Lúcás. Bhíodh béilí aige leo. Sa pharabal seo seasann gach duine den bheirt sin don ghrúpa de réir an íomhá a bhí ann díobh. Bhí a leithéidí le fáil i bPailistín in aimsir Íosa, ach bhí a macasamhail le fáil i mórán creideamh i rith na staire, agus tá siad linn i gcónaí.  Mheas an Fairistíneach gur leor a ghníomhartha deabhóide (troscadh dhá uair sa tseachtain; deachúna a íoc) le bheith fíréanta i láthair Dé. Bhí sé ag cur in iúl do Dhia cé chomh maith agus a bhí sé. Ní raibh aon cheist faoi maithíunas a iarraidh. A mhalairt ar fad leis an bailitheoir cánach. Mheas an Fairistíneach go raibh caidreamh ceart le Dia gnóthaithe aige de bharr a “dhea”-oibreacha; go raibh firéantacht gnóthaithe aige dá  mbarr. Brontannas ó Dhia an fhíréantacht, a bronnadh ar an bhailiteoir cánach, a chuaigh abhaile fíréanaithe. An ceacht ón bparabal ná umhlaíocht agus uirísle i láthair Dé.


B. An Bíobla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae: ,“Ná bígí ardnósach ach déanaigí caidreamh leis na daoine ísle”



Bhí Íosa an-dian ar an mbéalchraifeacht, ar dhaoine a bhí ag iarraidh aire a tharraingt orthu féin trí na cleachtaí creidimh traidisiúnta, amhail urnaí, troscadh agus déirc. Cháin sé chomh maith Fairistínigh agus scríobhaithe den traidisiún céanna de bharr a mbéime i ghlaine sheachtrach maidir le soithigh, agus ag déanamh neamaird ar ghlaine inmheánach. Rudaí a bhain le cúrsaí Giúdacha iad sin. Sa pharabal inniu, bíodh gur Giúdaigh atá i gceist, baineann tréithe an Fhairisinigh agus cás an bhailitheoir cánach le glúin ar bith tríd an stair agus lenár laethanta féin. Is dual don, agus dlite den, duine daonna bheith umhail agus uiríseal i láthair Dé agus a laige agus peacúileacht an nádúir dhaonna a aithint, chomh maith le uile-naofacht agus tuiscint Dé do chás gach aoinne, peacach agus eile. Is éasca do dhuine sa chomhluadar daonna beag is fiú a dhéanamh de dhuine nó de ghrúpa eile. Díríonn parabal an lae inniu ár n-aird ar sin. 

Ag scríobh chuig na Rómhánaigh cuireann Pól éirim an pharabail i mbeagán focal: “Bígí báúil le cách agus in ionad a bheith ardnósach deanaigi caidreamh leis na daoine ísle” (Rómhánaigh 12:16). Tá an teagasc céanna sin tugtha go han-mhinic ag Pól agus i scríbhinní an Tiomna Nua. Thógfadh sé tráchtas iomlán leis an fhianaise go léir a thabhairt; grá an chomharsa; leas an duine eile seachas do leas féin a chuardach. Lár-fhírinne den teagasc sin ná gur ar scáth a chéile a mhaireann na daoine. Sa mhéid seo tá teagasc an Tiomna Nua an-soisialach. Is fiú dúinn eolas níos fearr a chur ar an dteagasc saibhir sin.

















i

An Bíobla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae: Creideamh i nDia agus ina   shaothar slánaithe trí bhás agus aisiéirí Íosa



Machnamh. Tugann na léachtaí cuireadh chun machnaimh dúinn. Mar shampla Íosa agus an Teampall in Iarúsailéim. Comhartha do láithreacht Dé i measc a phobail a bhi sa Teampall. Agus ionann láithreacht Dé agus naofacht Dé, agus glaoch chun machnamh ar an saol eile agus an naofacht a ghabhann leis abhus. Ach bhí an Teampall agus a ghabh leis éirithe saolta, agus cosúil le margadh. Bheadh teampall nua ann in i gcorp Íosa aisérithe, agus an glaoch chun bheith aontaithe le Íosa sa naofacht. Is corp Chríost an Eaglais, agus is teampall De an Eaglais chomh maith. Is teampall Dé na creidmhigh go léir, agus as sin glaoch chun naofachta acu. Mar a chuireann an tAspal Pól go deas é: “Nach dtuigeann sibh, a bhráithre, gur teampall Dé sibh agus go bhfuil Spiorad Dé ina chónaí ionaibh. Duine ar bith a mhilleann teampall Dé, millfidh Dia eisean, mar is naofa é teampall Dé, agus is sibhse an teampall sin”.


Agallamh. Tugann léachtaí an lae inniu cuireadh dúinn agallamh a dhéanamh le muintir ár linne féin maidir le cuid de na ceisteanna atá ag dó na geirbe go géar acu le tamall anuas, sin le rá creideamh i nDia dofheicthe, nó amhras faoi ann dó nó di. Séantar creideamh ar bith  i nDia a bheith ann go foscailte agus go láidir ag roinnt daoine inniu. Níl ach amhras ag roinnt eile daoine faoin gceist seo. Tá buíon eile fós ann a admhaíonn go bhfaigheann siad deacair nó dodhéanta “teagmháil”, “nasc” a dhéanamh le Neach dofheicthe. Tá alán daoine ann a bhfuil ardmheas acu ar an “spioradálta”, nó  tóir na habsalóide,  mar a thuigeann siad sin, nó mar a labhraíonn sad faoi, ach nach mian leo nádúr na “habsalóide” seo a shainmhiniú, ar bhfearr leo sin a fhágaint éideimhin. B’ionann an scéal san Aithin, i íslí, i laethanta Phóil. Ag labhairt dó don chomhairle léannta san Areopagus dúirt sé leo gur thug sé faoi deara gur daoine iad a bhí diaganta thar na bearta agus gur tháinig sé ar altóir ar a raibh an inscríbhinn seo greanta: “In onóir do dhia anaithnid”.  Thug sin an deis dó a rá: “An neach seo a bhfuil urraim agaibh dó agus gan aon aithne agaibh air, sin é atá le fógairt agamsa daoibh”, Dia a fhoilsigh é féin trí Íosa Críost agus a aiséirí ó mhairbh. Níor lean as sin ach slán dea-bhéasach ó lucht an Areopagus. 

Tríd an stair síos, go dtí ár laethanta féin, bhí gluaiseachtaí ann ar mhian leo  creideimh agus reiligiuin thraidisiúnta, a raibh créanna beachta creidimh acu mar aon le spioradáltacht agus meon aigne a eascair as na créanna sin, gluaiseachtaí a bhí ag iarraidh idir sean-chré, spioradáltacht agus meon aigne a athrú go cinn eile a bheadh níos inghlactha  ag ré nua agus an cultúr a ghabhann leis. In agallamh  le gluaiseachtaí dá leithéid agus luí an phobail fúthu, is maith an rud cuirtéis do thuairmí daoine eile a nascadh le seasamh láidir ar bhunphrionsabail an chreidimh Chríostaí agus an cleachtadh a leanann as. Mar a deirtear i gCéad  Litir Naomh Peadar (1 3:15): “Bígí réidh i gcónaí cosaint a dhéanamh in aghaidh aon duine a iarrann oraibh bonn a thabhairt leis an dóchas atá ionaibh; ach déanaigí amhlaidh le cneastacht agus le hurraim”.

Ní raibh an t-aondiachas, an monadiachas, an creideamh i aon Dia dofheicthe amháin, ní raibh sin éasca riamh. Ó thús bhí an cathú ann claonadh chuig ildiachas, agus íomhánna a dhéanamh do dhéithe éagsúla.  Bhí ceann amháin de na Deich nAitheanta ina gcoinne sin.  An t-aondiachas mar a tuigeadh níos déanaí é, cuireadh i láthair go soiléir é céaduair tríd an Dara Íseáia thart ar an mbliain 550 roimh Chríost. Bíodh go bhfuil Dia dofheicthe níl sé, ní sí, anaithnid. Labhair an Réaltacht Bhunaidh seo, an Absalóid, go minic agus i slíte éagsúla,  trí Mhaois agus na fáithe, agus i slí chríochnaitheach trí Íosa Críost a fhoilsigh dúinn an Dia dofheicthe, an tAthair. Ní rud teibí é an t-aondiachas. Tá sé dírithe ar bheatha eiticiüil. D’fhoilsigh Dia é féin do Mhaois ní hamháin mar an tAon Dia amháin; chuir sé a thoil in iúl chomh maith trí na Deich nAitheanta le treoir a thabhairt maidir le seirbhís do Dhia agus don chomharsa.

Tá Dia eagnaí. Is é an eagna féin é, ach níor mhian leis sinn a shabháil trí eagna dhaonna nó tri shaothar daonna, ach tríd an chrois, trí bhás agus aiséirí a Mhic. Ní bheadh brí le haon agallamh i ré ar bith gan rúndiamhair na croise agus an aiséirí a bheith ann, faoi mar nach raibh san Areopagus i laethanta Phóil  ná in aon agallamh ár linne féin.


© Cumann na Sagart 2020