Léachtaí an Aifrinn, 5 Iúil 2015 | Cumann na Sagart | Baile | Cumann na Sagart | Baile | Cumann na Sagart

AN CHÉAD LÉACHT          Ezícéal 2:2-5
Is sotalach ceanndána an pobal fad; tabharfar le fios dóibh go raibh fáidh ma measc.

Tháinig an spiorad ionam agus chuir i mo sheasamh mé, agus chuala mé é ag caint liom. “A mhic an duine,” ar sé, “seolaim thú chuig muintir Iosrael, chuig [na ceannaircigh] a d’éirigh amach i m’aghaidh. Pheacaigh siadsan agus a n-aithreacha i m’aghaidh go dtí an lá inniu féin. Is sotalach ceanndána an pobal iad fosta; seolaim chucu thú agus déarfaidh tú leo: ‘Mar seo a labhraíonn an Tiarna Dia.’ Éistidís nó ná héistidís, tabharfar le fios don dream ceannairceach seo go raibh fáidh ina measc.

 

SALM LE FREAGRA.        Sm 122
Freagra :  Faireann ár súile an Tiarna nó go ndéana sé trócaire.

1. Is chugatsa a thógaim mo shúile,
chugatsa a chónaíonn ar neamh,
mar shúile na ndaor ag faire
ar lámh a a dtiarnaí.             
     Freagra

2. Mar shúile na mbanseirbhíseach ag faire
ar lámha a máistreása
faireann ár shúile an Tiarna ár nDia
nó go ndéana sé trócaire.          
Freagra

3. Déan trócaire, a Thiarna, déan trócaire,
óir fuaireamar ár sáith den dímheas.
De dhímheas lucht díomais agus saibhris
is dóthanach ár nanam.      
      Freagra

AN DARA LÉACHT             2 Coirintigh 12:7-10

Maífidh mé go fonnmhar as mo laigí, ionas go lonnódh cumhacht Chríost orm.

A
 bhráithre, sula gcuirfeadh na foilsithe iontacha sin an iomarca éirí in airde orm, cuireadh bior sa bheo ionam, teachtaire ó Shátan chun mé a ghreadadh ar shlí nach dtiocfadh aon éirí in airde orm. D’agair mé an Tiarna faoi thrí é a chur díom, ach is é a dúirt sé liom: “Is leor duit mo ghrásta, mar is tríd an laige a thagann an neart chun foirfeachta.” Is móide is fonn liom dá bhrí sin a bheith ag maíomh as mo laigí le hionchas go luífeadh cumhacht Chríost orm. Sin é fáth go bhfuilim sásta le mo laigí, leis na tarcaisní, na hangair, na géarleanúintí agus na cúngrachtaí a bhíonn le fulaingt agam ar son Chríost. Mar nuair a bhím lag, sin í an uair a bhím láidir.

Alleluia Véarsa                    Eo 1: 14. 12

Alleluia, alleluia!
Rinneadh feoil den Bhriathar
agus chónaigh sé inár measc,an uile dhuine a ghlac é,
thug sé de cheart dóibh
go ndéanfaí clann Dé díobh
Alleluia!

AN SOISCÉAL                       Marcas 6:1-6
Ní bhlonn fáidh faoi neamhchion ach amháin ina dhúiche féin.

San am sin tháinig Íosa ina dhúiche féin, agus lean a chuid deisceabal é. Agus ar an tsabóid thosaigh sé ag teagasc sa tsionagóg, agus ghabh iontas mórán dár chuala é; agus deiridís: “Cá bhfuair sé seo an méid sin? Agus cén eagna í seo a tugadh dó agus na míorúiltí móra seo a dhéantar trína lámha? Nach é seo an saor adhmaid, mac Mhuire agus bráthair Shéamais agus Iósaef agus Iúdáis agus Shíomóin? Agus nach bhfuil a shiúracha anseo inár measc?” Agus ghlac siad scannal ann. Ach dúirt Íosa leo: “Ní bhíonn fáidh faoi neamhchion ach amháin ina dhúiche féin agus i measc a ghaolta féin agus ina theaghlach féin.” Agus ní fhéadfadh sé míorúilt ar bith a dhéanamh ansiúd ach amháin a lámha a chur ar bheagán othar agus iad a leigheas, agus rinne sé ionadh dá ndíchreideamh.

© Cumann na Sagart 2020