AN CHÉAD LÉACHT Exodus 16:2-4. 12-15
Fearfaidh mé arán anuas ó neamh daoibh
Chrom comhthionól uile chlann Iosrael ar mhonabhar in aghaidh Mhaois agus Árón san fhásach, agus deiridís leo: “Uch gan sinn a fháil bháis ó láimh an Tiarna i gcríocha na hÉigipte agus sinn inár suí ag potaí na feola agus ag ithe aráin go lán boilg. Óir thug tú amach san fhásach seo sinn chun an comhthionól go léir a chur chun báis den ghorta.”
Ansin dúirt an Tiarna le Maois: “Anois fearfaidh mé arán anuas ó neamh daoibh. Rachaidh an pobal amach gach lá chun cuid an lae sin a chnuasach, d’fhonn iad a phromhadh féachaint an siúlfaidh siad i mbealaí mo dhlí nó nach ndéanfaidh siad.
“Chuala mé,” ar sé, “gearáin chlann Iosrael. Abair é seo leo: ‘Idir dhá sholas tráthnóna beidh feoil le hithe agaibh, agus ar maidin líonfar sibh le harán go smig; beidh a fhios agaibh ansin gur mise, an Tiarna, bhur nDia.’”
Agus is amhlaidh a bhí; an tráthnóna sin tháinig gearga aníos agus líonadar an campa go léir; agus ar maidin bhí brat drúchta timpeall an champa. Nuair a scaip an drúcht bhí an rud mín plurach, mion mar an sioc liath, ina luí ar dhromchla an fhásaigh. Nuair a chonaic clann Iosrael é dúradar lena chéile: “Cad é seo (man hú)?” mar nárbh fhios dóibh cad é. “Sin é,” arsa Maois, “an t-arán a thug an Tiarna
SALM LE FREAGRA. Sm 77
Freagra : Thug an Tiarna dóibh arán ó neamh.
I. Na nithe ba chlos dúinn is ab eol dúinn
agus na nithe a d’inis ár n-aithreacha dúinn,
inseoimid iad don ghlúin atá le teacht:
moltaí an Tiarna is a chumhacht. Freagra
2. D’ordaigh sé do na néalta teacht anuas
agus d’oscail sé doirse neimhe.
D’fhear sé anuas orthu manna le hithe
agus thug dóibh arán ó neamh. Freagra
3. D’ith an duine arán na n-aingeal.
Chuir sé a sáith bia chucu.
Sheol sé isteach ina thalamh naofa féin iad,
chun na séibhte a bhuaigh a dheaslámh dóibh. Freagra
AN DARA LÉACHT hEifísigh 4:17. 20-24
Ghabháil chugaibh, an nádúr a cruthaíodh in íomhá Dé.
A
bhráithre, is é a deirim libh, mar sin, in ainm an Tiarna, gan bhur saol a chaitheamh ar nós na bpágánach a mbíonn a n-aird ar nithe baotha, Ní mar sin a chuir sibhse eolas ar Chríost, áfach, má éist sibh leis i gceart agus más í an fhírinne atá in Íosa a múineadh daoibh. Agus is é teagasc a fuair sibh bhur seansaol a chaitheamh uaibh, an sean-nadúr a bhíonn á thruailliú ag ainmhianta claona; athnuachan a dhéanamh ar bhur meon agus ar bhur n-aigne agus an nadúr úrnua a ghabháil chugaibh, an nádúr a cruthaíodh in íomhá Dé ar fhíréantacht agus ar naofacht fhíor.
Alleluia Véarsa Mth 4:4
Alleluia, alleluia!
Ní ar arán amháin a mhairfidh an duine,
ach ar an uile fhocal a thagann as béal Dé.
Alleluia!
AN SOISCÉAL Eoin 6:24-35
An té a thagann chugamsa ní bheidh ocras air choíche:an té a chreideann ionamsa ní bheidh tart air choíche.
San am sin nuair a chonaic an slua mar sin nach raibh Íosa ná a dheisceabail san áit, chuaigh siad ar bord na long agus tháinig siad go Cafarnáum ar lorg Íosa. Nuair a fuair siad é taobh thall den fharraige dúirt siad leis: “A raibí, cén uair a tháinig tú anseo?”
D’fhreagair Íosa:
“Amen, Amen, a deirim libh,
tá sibh ar mo lorg,
agus ní de bhrí go bhfaca sibh comharthaí
ach de bhrí gur ith sibh na builíní
agus go bhfuair sibh bhur sáith.
Ná saothraigí an bia a théann amú,
ach saothraigí an bia a mhaireann chun na beatha síoraí,
é siúd a thabharfaidh Mac an Duine daoibh.
Óir is air sin a chuir Dia an tAthair a shéala.”
Dúirt siad leis ansin: “Cad tá le déanamh againn ionas go ndéanfaimis oibreacha Dé?” D’fhreagair Íosa: “Is í seo obair Dé,” ar sé leo, “go gcreidfeadh sibh sa té a chuir sé uaidh.” Dúirt siad leis: “Cén comhartha mar sin atá tú a dhéanamh ionas go bhfeicfimis é agus go gcreidfimis ionat? Cad atá tú a dhéanamh? D’ith ár n-aithreacha manna san fhásach faoi mar atá scríofa: ‘Thug sé arán ó neamh dóibh le hithe.’” Dúirt Íosa leo ansin:
“Amen, Amen, a deirim libh,
ní hé Maois a thug an t-arán ó neamh daoibh,
ach is é m’Athair a thugann an t-arán ó neamh daoibh,
an t-arán fírinneach.
Óir is é arán Dé an té a thagann anuas ó neamh
agus a thugann beatha don domhan.”
“A dhuine uasail,” ar siad ansin leis, “tabhair dúinn an t-arán sin i gcónaí.” Dúirt Íosa leo:
“Mise arán na beatha,
an té a thagann chugamsa ní bheidh ocras air choíche,
agus an té a chreideann ionamsa ní bheidh tart air choíche.