AN TRÍÚ DOMNACH DEN AIDBHINT14-18
An Céad Leact Sófania: 3:14-18
Tógfaidh sé gártha áthais ar do shon faoi mar a dhéantar ar lá an tsollúntais.’
“Déan gairdeas, a iníon Shíón;
tóg gártha áthais, a Iosrael;
bíodh lúcháir agus gliondar ar do chroí go hiomlán,
a iníon Iarúsailéim.
Tá an Tiarna tar éis an breithiúnas
a bhí ag bagairt ort a thógáil díot
agus do chuid naimhde a thiomáint chun siúil uait.
Tá an Tiarna, rí Iosrael, i do lár
agus ní healaí duit
eagla an mhí-áidh a bheith ort níos mó.
An lá sin déarfar le Iarúsailéim:
‘Ná bíodh eagla ort, a Shíón;
ná lagtar do lámha!
Tá an Tiarna, do Dhia, i do lár
mar laoch caithréimeach;
déanfaidh sé gairdeas go spleodrach mar gheall ort.
Athnuafaidh sé thú le neart a ghrá;
tógfaidh sé gártha áthais ar do shon
faoi mar a dhéantar ar lá an tsollúntais.’
SALM LE FREAGRA. Is 12:2-5 fr6 Is 12:2-6
Freagra : Gáirigí le háthas agus liúirigí óir is mór le rá é in bhur measc Neach Naofa Iosrael.”
1. An bhfeiceann sibh, is é Dia mo shlánaithe é,
tá muinín agam agus níl mé eaglach níos mó,
óir is é an Tiarna mo neart agus mo cheol,
is é mo shlánu é!
agus tarraingeoidh sibh uisce go lúcháireach
as toibreacha an tslánaithe. Freagra
2. Túgaigí buíochas don Tiarna,
glaoigí air ina ainm!
Fógrágí a éachtaí don phobal,
meabhraígí gurb oirirc dá ainm. Freagra
3. Canaigí an Tiarna, óir tá iontais déanta aige!
foilsítear iad ar fud an domhain chláir.
Gáirigí le háthas agus le lúcháir,
a mhuintir Síón!
óir is mór é i do lár
Neach Naofa Isráél. Freagra
AN DARA LÉACHT
Litir Niamh Pól cuig na chuig na FILIPIGH 4:4-7Ní fada uainn an Tiarna.
A bhráithre, bígí lúcháireach i gcónaí sa Tiarna. Deirim arís é: bíodh lúcháir oraibh. Bíodh bhur gceansacht le feiceáil ag an saol mór mar ní fada uainn an Tiarna. Ná bígí imníoch faoi rud ar bith ach cibé ní atá in easnamh oraibh cuirigí in iúl do Dhia é le hurnaí agus guí agus buíochas buan. Agus sa tslí sin beidh síocháin Dé atá os cionn ár dtuisceana ag cosaint bhur gcroí agus bhur smaointe in Íosa Críost.
Alleluia Is 61:1
Allelluia Alleluia
Tá Spiorad an Tiarna orm.
Chuir sé uaidh mé ag tabhairt an dea-scéil dona bochtáin.
Allelluia Alleluia Tspiorad
AN SOISCÉAL: 3:10-18
Cad tá le déanamh againn
San am sin bhí na sluaite ag fiafraí d’Eoin: “Cad tá le déanamh againn, más ea?” Dúirt sé leo á bhfreagairt: “An té a bhfuil dhá chóta aige, tugadh sé cóta don té atá ina uireasa, agus an té a bhfuil rud le hithe aige, déanadh sé a leithéid chéanna.” Tháinig poibleacánaigh freisin chun baiste a fháil agus dúirt siad leis: “A mháistir, cad tá le déanamh againne?” Dúirt sé leo: “Gan níos mó a éileamh ná a bhfuil ordaithe daoibh.” D’fhiafraigh saighdiúirí de, freisin: “Agus cad tá le déanamh againne?” Agus dúirt sé leo: “Gan éigean a dhéanamh ar dhuine ar bith, ná dearbhú éithigh; agus sibh a bheith sásta le bhur bpá.”
Ó bhí an pobal ar fionraí, agus cách ag machnamh ina gcroí i dtaobh Eoin, go mb’fhéidir gurbh é an Críost é, d’fhreagair Eoin á rá leo uile: “Táimse do bhur mbaisteadh le huisce, ach tá an té ag teacht atá níos treise ná mé, nach fiú mé iall a chuarán a scaoileadh; baistfidh seisean sibh leis an Spiorad Naomh agus le tine. Tá a
cháiteog ina láimh aige chun a láithreán a léirghlanadh agus an t-arbhar a chruinniú isteach ina scioból, ach dóifidh sé an lóchán le tine dhomhúchta.”
Agus trína lán nithe eile fós a rá leo á spreagadh, bhí sé ag fógairt an dea-scéil don phobal.