AN CEATHRÚ DOMNACH DEN AIDBHINT
AN CHÉAD LÉACHT Míca 5:1-4
Is asatsa a thiocfaidh chugam an té a bheidh ina cheann urra ar Iosrael.
Seo mar a deir an Tiarna:
Tusa, a Bheithil Eafrátá
bíodh gur beag thú i measc chlanna Iúdá
is asatsa a thiocfaidh chugam
an té a bheidh ina cheann urra ar Iosrael,
an té a dtéann a shinsearacht na cianta siar
go dtí an t-am fadó.
Sin é an fáth a dtréigfidh Dia iad
go dtí go mbéarfar mac di siúd,
a bhfuil tinneas clainne uirthi,
ansin fillfidh iarmhar a bhráithre ar chlann Iosrael.
Seasfaidh sé go daingean agus beathóidh sé a thréad
trí chumhacht an Tiarna
agus le mórgacht ainm an Tiarna, a Dhia.
Mairfidh siad go slán sábháilte
mar leathnóidh a chumhacht amach ansin go críocha na cruinne.
Beidh sé féin ina údar síochána;
SALM LE FREAGRA. Sm 79
Freagra Cuir ar ais sinn, a Dhia.
Taispeáin dúinn d’aghaidh ghrianmhar agus slánaigh sinn, a Thiarna.
I. Éist linn, a aoire Isráél.
Túsa atá i do shuí ar na Ceiribíni, soilsigh amach.
Corraigh do chumhacht, a Thiarna,
agus tar chugainn dár sábháil. Freagra
2. Cas ar ais, a Dhia na Slua.
Breathnaigh anuas ó neamh agus féach.
Tabhair cuairt ar an bhfíniúin a chuir tú féin.
Caomhnaigh an stoc a phlandaigh do dheaslámh féin. Freagra
3.Go raibh do lámh ar an bhfear a roghnaigh tú,
ar mhac an duine a neartaigh tú duit féin.
Ní thréigfimid thú go brách ansin:
tabhair dúinn an bheatha agus mórfaimid d’ainm. Freagra
AN DARA LÉACHT Eabhraig 10:5-10
Táim ag teacht, a Dhia chun do thoil a dhéanamh.
A
bhráithre, deir Críost agus é ag teacht isteach sa saol seo:
“Níorbh áil leat íobairt ná tabhartas;
ach d’ullmhaigh tú corp dom.
Ní raibh dúil agat in íobairtí uileloiscthe ná sna hofrálacha
a dhéantaí ar son peacaí.
Dúirt mé ansin: ‘Féach, táim ag teacht, a Dhia
chun do thoil a dhéanamh,’
faoi mar atá sé scríofa fúm sa Leabhar.”
Sa chéad áit dúirt sé: “Níorbh áil leat íobairtí ná tabhartais ná íobairtí uileloiscthe ná ofrálacha a dhéantaí ar son peacaí ná ní raibh aon dúil agat iontu,” bíodh go n-ofráltar iad de réir an dlí. Ansin dúirt sé: “Féach, táim ag teacht chun do thoil a dhéanamh.” Sa tslí seo chuir Dia na chéad íobairtí ar ceal d’fhonn an dara ceann a bhunú. Agus toisc gurbh é sin ba thoil leis, naomhaíodh sinn tríd an ofráil a rinne Íosa Críost dá chorp féin an taon uair amháin ar fad.
Alleluia Véarsa Lc 1:38
Alleluia, alleluia!
Féach mise banóglach an Tiarna:
déantar liom de réir d’fhocail.
Alleluia!
AN SOISCÉAL: Lúcás 1:39-45Conas a tharla seo domsa, máthair mo Thiarna a theacht chugam?
Chuir Muire chun bóthair sna laethanta sin agus d’imigh go deifreach faoi dhéin na gcnoc go dtí cathair in Iúdá, agus chuaigh isteach i dteach Zachairias agus bheannaigh d’Eilís . Agus tharla, nuair a chuala Eilís beannachadh Mhuire, gur bhíog an naíonán ina broinn, agus líonadh Eilís den Spiorad Naomh, agus gháir sí de ghlór ard agus dúirt: “Is beannaithe tú idir mná, agus is beannaithe toradh do bhroinne. Agus conas a tharla seo domsa, máthair mo Thiarna a theacht chugam? Óir féach, nuair a chuaigh glór do bheannachtha i mo chluasa, bhíog an naíonán i mo bhroinn le háthas. Agus is méanar di seo a chreid go gcomhlíonfaí na nithe a dúradh léi ón Tiarna.”