Léachtaí an Aifrinn, 23 Deireadh Fómhair 2016 | Baile | Cumann na Sagart | Baile | Cumann na Sagart

AN CHÉAD LÉACHT: Sírach35:12-14. 16-19
Gabhann guí an duine uirísil trí na néalta suas.

Is breitheamh é an Tiarna,
agus is ionann íseal agus uasal aige.
Ní dhéanfaidh sé leathchuma ar an duine bocht,
ach éistfidh sé le hachainí an té a ndearnadh éagóir air.
Ní thabharfaidh sé cluas bhodhar d’achainí an dílleachta,
ná don bhaintreach nuair a inseoidh sí a scéal dó.

An té a fhónann le dea-thoil, glacfar leis,
agus bainfidh a achainí na néalta féin amach.
Gabhann guí an duine uirísil trí na néalta suas,
agus ní bhfaighidh sé sólás go mbainfidh sí ceann sprice amach.
Ní stopfaidh sé choíche go dtabharfaidh an té is Airde aird air,
agus go seasfaidh sé ceart don dream macánta agus go dtabharfaidh sé breithiúnas
uaidh.
Ní dhéanfaidh an Tiarna aon mhoill,
ná ní dhéanfaidh sé foighne ar a son,

SALM LE FREAGRA. Sm 33
Freagra :                        Scread an t-ainniseoir is chuala an Tiarna é.

1. Beannóidh mé an Tiarna gach uile thráth,
beidh a mheladh ar mé bhéal de shíor.
Déanann m’anam mórtas as an Tiarna:
cluineadh lucht na huirísle is déanaidís lúcháir.                  
Freagra

2.Bíonn gnúis an Tiarna iompaithe ó lucht déanta an oilc
chun go scriosfadh sé a gcuimhne as an talamh.
Glaonn na fíréin ar chabhair, is éisteann an Tiarna leo
agus saorann sé iad óna n-anacraí go léir.                             
Freagra

3. Is gairid an Tiarna do lucht an chroí bhrúite,
agus tarrthaíonn sé lucht an spioraid bhriste.
Saorann an Tiarna anamacha a sheirbhíseach,
ní ghearrfar pionós ar aon dúine a thriallann chuige.       
Freagra
 

AN DARA LÉACHT:  2 Timóteas4:6-8. 16-18
Tá craobh na fíréantachta in áirithe dom feasta. 

I dtaca liom féin de, táim do mo dhoirteadh amach cheana féin mar a bheadh deoch íobartha agus tá uair na scarúna buailte liom. Tá an comhrac maith tugtha agam, tá mo rás rite, tá an creideamh coinnithe agam. Tá craobh na fíréantachta in áirithe dom feasta agus bronnfaidh an Tiarna féin, an breitheamh cóir, orm í an lá sin agus ní ormsa amháin é ach ar an uile dhuine a bheidh ag tnúth lena thaibhsiú.

Ag plé mo chúise dom don chéad uair ní raibh duine ar bith a sheas ceart dom; thréig an uile dhuine mé. Nár agraí Dia orthu é. Sheas an Tiarna liom, áfach, agus thug an neart dom go bhfógróinn an teachtaireacht ina hiomláine agus go n-éisteodh na gintlithe uile léi. Saoradh mé ó bhéal an leoin agus saorfaidh an Tiarna mé ó gach olc agus tabharfaidh sé slán chun a ríochta ar neamh mé, moladh go deo leis. Amen.

Alleluia Véarsa              Mt 11:25  
Alleluia, alleluia! Tugaim buíochas duit, a Athair,  a Thiarna neimhe agus talún, de chionn mar a cheil tú na nithe seo ar lucht eagna agus éirime agus mar a d’fhoilsigh tú do naíonáin iad.                                          Alleluia!   

AN SOISCÉAL:                           Lúcás 18:9-14
Chuaigh sé seo síos abhaile fíréanaithe, ní ionann is é siúd. 
San am sin labhair Íosa an parabal seo chun daoine áirithe a bhí teann astu féin bheith fíréanta, agus gur bheag orthu cách eile: “Chuaigh beirt fhear suas don Teampall ag guí; Fairisíneach duine acu agus poibleacánach an duine eile. Rinne an Fairisíneach, agus é go ceannard, guí mar seo leis féin: ‘A Dhia, tugaim a bhuíochas duit nach bhfuilim ar nós cách eile, atá ina sladaithe, ina lucht éagóra, ina n-adhaltranaigh, ná fiú amháin ar nós an phoibleacánaigh úd. Déanaim troscadh dhá uair sa tseachtain, íocaim na deachúna ar gach ní dá bhfaighim.’ Ach sheas an poibleacánach i bhfad siar, agus níorbh áil leis fiú amháin a shúile a ardú chun na bhflaitheas, ach é ag bualadh a uchta, ag rá: ‘A Dhia, glac trua dom, an peacach.’ Deirim libh, chuaigh sé seo síos abhaile fíréanaithe, ní ionann is é siúd. Óir gach aon duine a ardaíonn é féin, ísleofar é, agus an té a íslíonn é féin ardófar é.”

© Cumann na Sagart 2020