Léachtaí an Aifrinn, 5 Meitheamh 2016 | Cumann na Sagart | Baile | Cumann na Sagart | Baile | Cumann na Sagart

AN CHÉAD LÉACHT:          1Ríthe 17:17-24
Féach, tá do mhac beo.

Bhuail taom tinnis mac na mná, bean an tí; bhí sé chomh breoite sin nár fhan an dé ann. Dúirt an bhean le hÉilias: “Cad é atá agat i m’éadan, a ghiolla Dé? An le mo pheacaí a chur ina luí orm agus le mo mhac a chur á mharú a tháinig tú anseo?” “Tabhair dom do mhac,” ar seisean. Thóg sé as a baclainn é, d’iompair chun an tseomra uachtaraigh é, an áit a raibh cónaí air féin, agus d’fhág sé ina luí ar a leaba féin é. Ghlaoigh sé go hard ar an Tiarna: “A Thiarna, a Dhia liom, an é is toil leat buaireamh a chur ar an mbaintreach atá ag tabhairt aire dom trí bhás a mic?” Shín sé é féin ar an leanbh trí huaire agus é ag glaoch go hard ar an Tiarna: “A Thiarna, a Dhia liom, impím ort go dtaga an t-anam isteach sa leanbh seo arís.” Thug an Tiarna cluas d’urnaí Éilias agus tháinig an t-anam isteach sa leanbh athuair agus bhí sé beo. Rug Éilias ar an leanbh agus thug anuas é ón seomra uachtarach agus isteach sa teach agus thug sé dá mháthair é. “Féach,” arsa Éilias, “tá do mhac beo.” D’fhreagair an bhean: “Tá a fhios agam anois gur giolla Dé thú agus gur fíor briathar an Tiarna i do bhéal.”

SALM LE FREAGRA.         Sm 29
Freagra                                  Molfaidh mé thú, a Thiarna, de bhrí gur shaor tú mé

I. Molfaidh mé thú, a Thiarna, de bhrí gur shaor tú mé,
is nár thug tú do mo naimhde gairdeas a dhéanamh umam.
A Thiarna, threoraigh tú m’anam amach as ifreann,
is dhealaigh tú mé ón dream a théann síos san uaimh.  
Freagra

2. A naomha, abraigí dánta molta don Tiarna
is tugaigí buíochas dá ainm naofa.
Óir ní mhaireann a fhearg ach nóiméad,
ach maireann a chineáltas ó aois go bás.
Tig an gol um thráthnóna,
is an gáire arís ar maidin.                                                  
 Freagra

3. Éist liom, a Thiarna, is déan trócaire orm;
a Thiarna, bí mar chabhair dom.
Rinne tú rince de m’olagón;
a Thiarna, mo Dhia, molfaidh mé thú go brách.             
Freagra

AN DARA LÉACHT:    Galataigh 1:11-19
Ghlaoigh sé chuige féin mé – nuair ba dheoin leis siúd a Mhac a fhoilsiú dom chun go gcraobhscaoilfinn a dhea-scéal i measc na ngintlithe.

An dea-scéal atá fógartha agamsa, a bhráithre, geallaimse daoibh nach aon earra daonna atá ann. Ní ó dhuine a fuair mise é ná ó mhúinteoir ar bith, ach trí fhoilsiú ó Íosa Críost.

Chuala sibh iomrá, ní foláir, ar mo chuid iompair tráth nuair a lean mé an
creideamh Giúdach, mar a rinne mé géarleanúint as cuimse ar eaglais Dé ag iarraidh í a dhíothú, agus mar a sháraigh mé formhór lucht mo linne de mo chine féin i gcleachtadh an Ghiúdachais, de bharr na díograise thar meán a bhí ionam i dtaobh thraidisiúin mo shinsear.

Ach nuair ba dheoin leis an té, a dhealaigh amach mé fad a bhí mé fós i mbroinn mo mháthar, agus a ghlaoigh chuige féin mé as ucht a ghrásta – nuair ba dheoin leis siúd a Mhac a fhoilsiú dom chun go gcraobhscaoilfinn a dhea-scéal i measc na ngintlithe, ní dheachaigh mé i gcomhairle le daonnaí ar bith ná ní dheachaigh mé suas go Iarúsailéim ag triall ar na daoine a bhí ina n-aspail romham, ach imeacht liom láithreach chun na hAráibe agus ar ais go Damaisc ina dhiaidh sin.

Trí bliana ina dhiaidh sin chuaigh mé suas go Iarúsailéim ag fiosrú Chéafais agus
thug mé coicís ina theannta, ach duine ar bith eile de na haspail ní fhaca mé ach amháin Séamas, bráthair an Tiarna.

Alleluia Véarsa                     Lc 7: 16
Alleluia, alleluia!
Tá fáidh
mór éirithe inar measc”;
agus: “Rinne Dia a phobal a fhiosrú.
Alleluia!

AN SOISCÉAL:                  Lúcás 7:11-17
A fhir óig, deirim leat, éirigh!

San am sin chuaigh Íosa isteach i gcathair ar a nglaotar Náín, agus bhí a dheisceabail agus slua mór á thionlacan. Agus nuair a bhí sé i ngar do gheata na cathrach, bhí marbh á thabhairt amach le cur, aonmhac a mháthar, agus ise ina baintreach, agus sochraid mhór de mhuintir na cathrach léi. Agus nuair a chonaic an Tiarna í, ghlac sé trua di agus dúirt léi: “Ná bí ag gol.” Agus chuaigh sé anonn agus bhain leis an gcróchar, agus stad an lucht iompair. Agus dúirt sé: “A fhir óig, deirim leat, éirigh!” Agus d’éirigh an marbh aniar, agus thosaigh ag caint, agus thug sé dá mháthair é. Agus ghabh uamhan cách, agus bhí siad ag tabhairt glóire do Dhia, ag rá: “Tá fáidh mór éirithe inar measc”; agus: “Rinne Dia a phobal a fhiosrú.” Agus leath an tuairisc sin air ar fud Iúdáia go léir agus na tíre go léir timpeall.

© Cumann na Sagart 2020