Léachtaí an Aifrinn, 20 Samhain 2016 | Baile | Cumann na Sagart | Baile | Cumann na Sagart

(AN DOMHNACH SAOR DEIREANACH)

SOLLUNTAS CHRIOST RI NA nUILE

An Chéad Léacht:         Sliocht as 2 leabhar Samuél — 5:1-3
Rinne siad DáivI a ungadh ma rI ar Isráél.

Tháinig treibheanna Iosrael go léir chuig Dáiví ansin i Heabrón. “Féach,” ar siad, “sinne do mhuintir ó dhúchas feola agus smeara. San am atá thart nuair a bhí Sól ina rí orainn, is tusa a bhí mar thaoiseach ar Iosrael ina gcuid eachtraí go léir; agus dúirt an Tiarna leat: ‘Is tusa a bheidh i d’aoire ar mo phobal Iosrael, is tusa a bheidh mar thaoiseach ar Iosrael.’” Tháinig seanóirí Iosrael go léir chuig an rí ag Heabrón, agus rinne Dáiví rí conradh leo ag Heabrón i bhfianaise an Tiarna agus rinne siad Dáiví a ungadh ina rí ar Iosrael.

Salm le freagra              Sm 121
Freagra:                             Rinne mé gairdeas nuair a dúradh liom: ‘Téimis i dteach an Tiarna.’

I. Rinne mé gairdeas nuair a dúradh liom:   ‘Téimis i dteach an Tiarna.’   Tá ár gcosa ina seasamh cheana féin    i do dhoirse, a Iarúsailéim.                       Freagra

2. Rinneadh cathair larúsailéim a thógáil    go dlúth is go daingean.    Is chuici a ghabhann na treibheanna suas,     treibheanna an Tiarna.                               Freagra

3. D’fhonn buíochas a ghabháil le hainm an Tiarna     de réir dhlí chlann Israáél.    Is ansiúd atá cathaoir bhreithiúnais     theaghlach Dháiví.                                       Freagra

AN DARA LÉACHT:                   Colosaigh 1:12-20
 Chruthaigh Sé áit dúinn  i ríocht a mhic mhuirnigh.


A
 bhráithre, gabhaimid buíochais go lúcháireach leis an Athair a dheonaigh daoibh a bheith páirteach in oidhreacht an phobail naofa sa solas agus a d’fhuascail sinn ó chumhacht an dorchadais agus chruthaigh Sé áit dúinn i ríocht a mhic mhuirnigh. Is tríd an Mac sin atá ár bhfuascailt le fáil, is é sin, maithiúnas na bpeacaí.

Is íomhá den Dia dofheicthe é agus céadghin gach dúile cruthaithe mar is trídsean a cruthaíodh a bhfuil ar neamh agus ar talamh bídís sofheicthe nó dofheicthe, idir Thróin agus Thiarnaisidir Phrionsachtaí agus Chumhachtaí.

Is trídsean agus dósan a cruthaíodh an t-iomlán.
Tá tosach aige orthu uileagus is ann a choinnítear ar bun iad.Is é ceann an choirp é,ceann na hEaglaise.Is é an tús é,an chéadghin ó mhairbhi dtreo go mbeadh an tosach aige ar gach slí.Mar is ann ab áille lánmhaireacht iomlán Dé a bheith ina cónaí,agus is trídsean ab áil leisgach a bhfuil ar neamh agus ar talamha thabhairt chun athmhuintearais leis féin,agus síocháin a dhéanamh leo trí fhuil a chroise.

Alleluia Véarsa             Mc 11: 10 
Alleluia, alleluia!
Is beannaithe an té atá ag teacht in ainm an Tiarna! Is beannaithe ag teacht í, Ríocht ár nAthar, Daivi!
Alleluia!

An tSoiscéal:                   Sliocht as an Soiscéal naofa de réir N. Lücãs — 23:35-43
A Thiarna, cuimhnigh ormsa nuair a thiocfaidh tú faoi réim do riochta.

S

an am sin d’fhan an pobal ansiúd ag breathnú ar Íosa. Bhí na cinn urra féin ag dranngháire: “Shaor sé daoine eile,” deiridís, “saoradh sé é féin, más é Críost Dé, an té atá tofa.” Agus rinne na saighdiúirí freisin fonóid faoi; ag teacht ag tabhairt fínéagair chuige deiridís: “Más tú Rí na nGiúdach, saor thú féin!” Agus fós, bhí scríbhinn os a chionn i nGréigis, i Laidin, agus in Eabhrais: “Rí na nGiúdach é seo.”

Duine de na coirpigh a bhí arna gcrochadh, bhí sé á dhiamhaslú á rá: “Nach tú an Críost? Saor tú féin agus sinne.” Ach thug an duine eile casaoid dó agus dúirt: “An ea nach bhfuil eagla Dé ort, agus tusa faoin daorbhreith chéanna? Agus maidir linne, is le ceart é: tá díol ár mbeart féin á thabhairt orainn ach ní dhearna sé seo rud ar bith as an tslí.” Agus dúirt: “A Íosa, cuimhnigh ormsa nuair a thiocfaidh tú faoi réim do ríochta!” Agus dúirt seisean leis: “Deirim leat go fírinneach, beidh tú in éineacht liom inniu i bparthas.”

© Cumann na Sagart 2020