Léachtaí an Aifrinn, 27 Samhain 2016 | Baile | Cumann na Sagart | Baile | Cumann na Sagart

An Chéad Léacht:        Íseáia 2:1-5
Seo linn, téimis suas go sliabh an Tiarna chun go múine sé dúinn a shlite agus go siúlaimis a bhealaí.

Fís Íseáia mhic Ámóz i dtaobh Iúdá agus Iarúsailéim.
Titfidh sé amach san am atá le teacht
go mbeidh an sliabh a bhfuil teach an Tiarna air
os cionn na sléibhte,
agus go dtógfar níos airde ná na cnoic é.
Tiocfaidh na ciníocha go léir ina sruth go dtí é;
is iomaí pobal a rachaidh ann agus a déarfaidh:

“Seo linn, téimis suas go sliabh an Tiarna
go teach Dhia Iacóib,
chun go múine sé dúinn a shlite
agus go siúlaimis a bhealaí.”
Óir ó Shíón rachaidh an dlí amach,
agus ó Iarúsailéim briathar an Tiarna.

 

Beidh smacht aige ar na ciníocha
agus déanfaidh sé réiteach idir an iomad pobal,
agus buailfidh siad a gclaímhte amach ina soic chéachta
agus a sleánna ina gcorráin.
Ní thógfaidh na ciníocha an claíomh in aghaidh a chéile a thuilleadh
ná ní chleachtfaidh siad cogadh níos mó.
A theaghlach Iacóib, tagaigí,
agus siúlaimis i solas an Tiarna!

Salm le freagra              Sm 121: 1-2,4-5,6-9, Rv v.1
Freagra :                          Rinne mé gairdeas nuair a dúradh liom.  ‘Téimis i dteach an Tiarna.’

  1. Rinne mé gairdeas nuair a dúradh liom:
    ‘Téimis i dteach an Tiarna.’
    Tá ár gcosa ina seasamh cheana féin
    i do dhoirse, a Iarúsailéim.               
     Freagra
  2. Rinneadh cathair Iarúsailéim a thógáil
    go dlúth is go daingean.
    Is chuici a ghabhann na treibheanna suas,
    treibheanna an Tiarna.           
               Freagra
  3. Ar son mo bhráithre agus lucht mo pháirte:
    ‘Go raibh síocháin ionat!’
    Ar son theach an Tiarna, ár nDia,
    iarraim do leas.                                   
     Freagra

An Dara Léacht:       Rómhánaigh 13:11-14
Is gaire dúinn ár slánú anois ná nuair a ghlacamar.

A bhráithre, nuair a thuigeann sibh an uair atá ann, is mithid daoibh dúiseacht as bhur gcodladh, mar is gaire dúinn ár slánú anois ná nuair a ghlacamar leis an gcreideamh. Tá sé i bhfad amach san oíche agus ní fada uainn an lá. Caithimis oibreacha an dorchadais uainn, mar sin, agus cuirimis orainn cathéide an tsolais. Mairimis go béasach mar dhaoine atá faoi sholas an lae, gan ragairne gan meisce, gan striapachas gan drúise, gan achrann gan éad. 14 Agus cuirigí oraibh an Tiarna Íosa Críost mar éide agus ná bígí ag déanamh cúraim den cholainn d’fhonn a hainmhianta a shásamh.

Alleluia Versa
Alleluia, alleluia!
Taispeáin dúinn, a Thiarna, do thrócaire, agus tabhair dúinn cúnamh do shlánaithe.
Alleluia

An Soiscéal:              Matha 24:37-44
Bígí ag faire, dá bhrí sin, mar níl a fhios agaibh cén lá a thiocfaidh bhur dTiarna.

San am sin dúirt Íosa lena dheisceabail: Amhail mar a bhí laethanta Naoi, is amhlaidh sin a bheidh téarnamh Mhac an Duine. Óir, faoi mar a bhí siad sna laethanta úd roimh an díle, ag ithe agus ag ól, ag pósadh agus ag tabhairt le pósadh, go dtí an lá a ndeachaigh Naoi san áirc, agus gan a fhios acu aon ní gur tháinig an díle agus gur sciob léi iad uile; is mar sin freisin a bheidh téarnamh Mhac an Duine. Beidh beirt fhear sa ghort an uair sin: tógfar duine agus fágfar duine; beirt bhan ag meilt bhró: tógfar bean agus fágfar bean.

Bígí ag faire, dá bhrí sin, mar níl a fhios agaibh cén lá a thiocfaidh bhur dTiarna. “Bíodh a fhios agaibh é seo, áfach: dá mb’eol don fhear tí cén t-am san oíche a dtiocfadh an bithiúnach, bheadh sé ag faire agus ní ligfeadh sé ballaí a thí a réabadh. Sibhse freisin, mar sin, bígí ullamh, óir is ar an uair nach síleann sibh a thiocfaidh Mac an Duine.

© Cumann na Sagart 2020