Leachtaí an Aifrinn, Domhnach na Cásca 2017 | Baile | Cumann na Sagart | Baile | Cumann na Sagart

Domhnach Cásca- AISEIRI AR dTIARNA

An Chéad Léacht                  Gníomhartha na nAspal 10:34. 37-4
D’itheamar agus d’ólamar ma chuideachta I ndiaidh a aisáirí ó mhairbh.

Ansin

 thosaigh Peadar ag labhairt: “Tuigim anois go fíor nach bhféachann Dia chun pearsan seachas a chéile Tá a fhios agaibh an rud a thit amach ar fud Iúdáia, tar éis dó tosú sa Ghailíl i ndiaidh an bhaiste a d’fhógair Eoin, an scéal faoi Íosa ó Nazarat: mar a choisric Dia é leis an Spiorad Naomh agus le cumhacht; mar a chuaigh sé timpeall na tíre ag déanamh na maitheasa agus ag leigheas gach duine a bhí faoi smacht an diabhail, mar go raibh Dia fairis. Agus is finnéithe sinn ar gach ní dá ndearna sé i dtír na nGiúdach agus in Iarúsailéim. Chuir siad chun báis é á chrochadh ar chrann, ach thóg Dia ón mbás an treas lá é agus thug le feiceáil é, ní don phobal ar fad é, ach do na finnéithe a bhí réamhcheaptha ag Dia, is é sin le rá, dúinne. Chaitheamar bia agus deoch ina theannta tar éis a aiséirithe ó mhairbh agus d’ordaigh sé dúinn a fhógairt don phobal agus a dhearbhú gurb é atá ceaptha ag Dia ina bhreitheamh ar bheo agus ar mhairbh. Agus is air a thugann na fáithe uile an fhianaise seo go bhfuil maithiúnas peacaí le fáil ina ainm ag an uile dhuine a chreideann ann!”

Salm le Freagra                     Sm 117 
Freagra                                     Is é seo an lá a rinne an Tiarna: biodh áthas is gliondar orainn.
Malairt Freagra                   Alleluia, Alleluia, Alleluia!

I. Tugaigí buíochas don Tiarna toisc gur maith é:    óir maireann a ghrá de shíor.   Bíodh teaghlach Isráél a rá:   ‘Maireann a ghrá de shíor.’               Freagra

2. D’oibrigh deaslámh an Tiarna go tréan:     is í a dheaslámh a d’ardaigh mé.    Ní éagfaidh me-mairfidh mé    agus inseoidh mé a mhóréachtaíFreagra

3. An chloch dár dhiúltaigh na saoir,     rinne ceann an chúinne di.    Is é an Tiarna a rinne é seo,    agus is éachtach linne é.                   Freagra

An Dara Léacht                    Colosaigh 3:1-4
Lorgaígí na nithe atá thuas mar a bhfuil Críost.

A bhráithre, ós rud é go bhfuil sibh éirithe ó mhairbh mar aon le Críost, bíodh lorg agaibh ar na nithe atá thuas mar a bhfuil Críost ina shuí ar dheis Dé.Bíodh bhur n-aire ar na nithe atá thuas agus ní ar na nithe atá ar talamh.Mar tá sibh tar éis bháis agus tá bhur mbeatha folaithe i nDia i bpáirt le Críost. Is é Críost bhur mbeatha, agus nuair a nochtfaidh seisean chugainn nochtfaidh sibhse chomh maith faoi ghlóir in éineacht leis.

________________________________
Malairt  Léachta                1Coir 5:6-8
Glanaigí amach an tseanghabháil ionas go mbeidh sibh in bhur dtaos nua.

 A bhráithre, glanaigi amach an tseanghabháil ionas go mbeidh sibh in bhur dtaos nua faoi mar atá sibh gan ghabhàil. Oir tâ Críost, ár gCâisc, ofráilte mar íobairt. Dâ bhri sin, caithimis an fhêile, ní leis an tseanghabháil ná le gabhâil na mailise agus na hurchóide, ach le harán neamhghabhálach na dílseachta agus na fírinne.
___________________________________________-

Rosc

Moladh na Críostaithe
an tÍobartach Cásca,
an tUan mingheal
na caoirigh a shíorshlánaigh.

Críost is é gan pheaca
chuir sé ar ais na peacaigh
in athmhuintearas an Athar.

Bhí comhrac rathmhar
idir bas is beatha;
Rí na beatha marbh:
sin é ina Rí ina bheatha.

A Mháire, d’úinne abair
cad a chonaic tú sa bhealach?

Chonaic mé tuama Chriost bhi
is glóir a aiséirí,
finnéithe ainglí,
bréid is culaith.

D’aiséirigh Críost, mo dhóchas.
Rachaidh go Gailil romhaibh.

Is léir dúinn Críost, ár mbeatha,
éirithe 0 na mairbh.

A Rí, do thrócaire luaigh linn,
ós é go bhfuil an bua agat.
Amen. Alleluia

Alleluia Véarsa
Alleluia, Alleluia!Tá Críost,ár n-uan Cásca, íobartha. Déanaimis an fhéile dá bhrí sin san Tiarna.Alleluia!

An Soiscéal                           Eoin 20:1-9
Níorbh fholáir é a aiséirí ó mhairbh.

An chéad lá den tseachtain tháinig Máire Mhaigdiléana go moch, agus an dorchadas fós ann, chun an tuama agus chonaic sí an líog aistrithe ón tuama. Rith sí ansin agus tháinig sí go dtí Síomón Peadar agus go dtí an deisceabal úd eile ab ionúin le Íosa. “Thog siad an Tiarna as an tuama,” ar sí leo, “agus níl a fhios againn cár chuir siad é.”

Amach le Peadar agus leis an deisceabal eile ansin agus chuaigh siad chun an tuama. Chrom siad a mbeirt ar rith in éineacht agus rith an deisceabal eile níos luaithe ná Peadar agus is é is túisce a tháinig go dtí an tuama. Nuair a chrom sé síos chonaic sé na línéadaí ina luí ansiúd, ach ní dheachaigh sé isteach. Ansin tháinig Síomón Peadar ina dhiaidh agus chuaigh sé isteach sa tuama, agus chonaic sé na línéadaí agus an brat a bhí ar a cheann – ní i dteannta na línéadaí a bhí sé, ach fillte in aon áit amháin leis féin. Ansin. an deisceabal eile, a tháinig ar dtús chun an tuama, chuaigh sé isteach agus chonaic agus chreid sé. Óir níor thuig siad go fóill an scrioptúr nárbh fholáir é a aiséirí ó mhairbh.

© Cumann na Sagart 2020