DOMHNACH NA PÁISE nó NA PAILME
Comóradh theacht ár dTiarna isteach i Iarúsalem
An Léacht Matha 21:1-11
Nuair a bhí siad ag teacht i ngar do Iarúsailéim agus iad tagtha go Béatfaigé i dtreo Chnoc na nOlóg, chuir Íosa beirt dheisceabal uaidh ag rá leo: “Téigí isteach sa bhaile atá os bhur gcomhair, agus gheobhaidh sibh láir asail ceangailte agus searrach lena cois;m scaoiligí iad agus tugaigí chugam iad; agus má deir aon duine focal libh abraigí: ‘Tá gá ag an Tiarna leo, ach cuirfidh sé ar ais gan mhoill iad.’” Tharla an méid sin chun go gcomhlíonfaí a ndúradh tríd an bhfáidh:
“Abraigí le hiníon Shíón:Féach, tá do rí ag teacht chugat,agus é go ceansa, ag marcaíocht ar asal,ar shearrach beithígh iompair.”
D’imigh na deisceabail agus rinne siad de réir mar bhí beartaithe ag Íosa dóibh: thug siad leo an láir asail agus an searrach. Chuir siad a mbrait anuas orthu ansin agus chuaigh Íosa ina shuí orthu. Agus rinne na daoine, slua an-mhór díobh, a mbrait a leathadh ar an mbóthar, agus bhí cuid eile acu ag baint craobhacha na gcrann le leathadh ar an mbóthar; agus na sluaite a bhí roimhe amach agus iad seo a bhí á leanúint, bhí na gártha acu á gcur suas:
“Hósana do Mhac Dháiví!Is beannaithe an té atá ag teacht in ainm an Tiarna!Hósana sna harda.”
Nuair a chuaigh sé isteach in Iarúsailéim, bhí an chathair go léir ar bís: “Cé hé seo?” deirtí. Agus deireadh na sluaite: “Is é seo Íosa, an fáidh ó Nazarat sa Ghailíl.”
An tAifreann
An Chéad Léacht Iseáia 50:4-7
Níor cheil mé ma ghnúis ar mhasla, mar tá a fhios agam nach mbeidh mé meallta.
Thug an Tiarna Dia domteanga an aos léinn.Chun go mbeinn i riocht fóirithint ar an té atá traochtaspreagann sé briathar ionam.Maidin in aghaidh na maidine cuireann sé cluas ormchun go n-éiste mé ar nós an aos léinn.An Tiarna Dia, is é a d’oscail mo chluas.
Maidir liom féin, níor chuir mé ina choinne,
níor theann mé ar gcúl.Lig mé mo dhroim le lucht a bhuailteagus mo ghruanna leo siúd a bhí ag piocadh na féasóige asam;níor cheil mé mo ghnúisar mhasla ná ar sheile.
Tá an Tiarna Dia ag teacht i gcabhair orm,is é sin an fáth nach mothaím an masla.Mar sin, chruaigh mé mo ghnúis mar an chloch ghlas,bhí a fhios agam nach mbeinn meallta.
Salm le Freagra Sm 21
Freagra : A Dhia liom, a Dhia liom, cad chuige ar thréig tú mé?
I. Gabhann a bhfeiceann mé ag fonóid fúm: cuireann siad cár orthu is croitheann a gceann. ‘Bhí a mhuinín as an Tiarna aige: saoradh séisean é; fuasclaíodh seisean é, mas air atá a ghreann.’ Freagra
2. Tá mórán madraí i mo thimpeall: tá mé crioslaithe ag paca bithiúnach. Tollann siad mo lámha is mo chosa: is féidir liom mo chnámha uile a chomhaireamh. Freagra
3. Roinneann siad mo chuid éadaigh eat arthu agus caitheann siad crainn ar mo chóta. Ná bíse i bhfad uaim, a Thiarna. Is tú mo chúnamh: brostaigh agus cuidigh liom. Freagra
4. Inseoidh mé d’ainm do mo bhráithre, molfaidh mé thú i lár na comhdhála: molaigí an Tiarna, sibhse lerb eagal é; ceiliuraigí ‘e, a shliocht Iácób go léir; tugaigí urraim dó, a shíol lsrael go léir. Freagra
An Dara Léacht Filipigh 2: 6-11
D‘ís1igh sé é féin, agus d’ardaigh Dia é os cionn cách.
An té úd a bhí i riocht Dé ó dhúchas,níorbh éadáil Íosa bheith ar chomhchéim le Dia,Ach lom sé é féin.Agus chuir áir riocht an sclábhaagus tháinig chun bheith ina dhuine mar chách eile.Agus ar theacht ann dó i gcló daonna,d’ísligh sé é féinagus bhí umhal go bás –go bás na croise féin.
Sin é an fáth ar ardaigh Dia thar na bearta é
agus bhronn air an t-ainm úd atá os cionn gach ainm,i dtreo nuair a luafaí ainm Íosago gcromfadh glúin gach neachdá bhfuil ar neamh agus ar talamh agus in ifreannagus go ndearbhódh gach teanga,in ómós do Dhia an tAthair,gurb é Íosa Críost an Tiarna.
Véarsa Fil 2:8-9
D’ísligh Críost é féin trí bheith umhal go bás, fiú go bás na croise. Sin e an fáth ar ardaigh Dia é os cionn cách agus bhronn air ainm atá os cionn gach ainm.
PÁIS ÁR dTIARNA ÍOSA CRÍOST de réir N. Matha (26:14-27:66)
Chuaigh duine den dáréag, arbh ainm dó Iúdás Isceiriót, go dtí uachtaráin na sagart agus dúirt: “Cad ab áil libh a thabhairt dom agus tabharfaidh mé ar láimh daoibh é?” Chomhair siad amach chuige tríocha píosa d’airgead geal. Agus ón uair sin amach bhí sé ag faire ar a dheis chun é thabhairt ar láimh.
Ar an gcéad lá d’fhéile an tslimaráin, tháinig na deisceabail chun Íosa ag rá: “Cárbh áil leat go n-ullmhóimis an Cháisc duit le hithe?” “Téigí isteach sa chathair,” ar seisean, “go dtí an duine seo áirithe agus abraigí leis: ‘Dúirt an Máistir a rá leat: tá m’uain in achmaireacht: is i do theachsa atáim chun an Cháisc a dhéanamh in éineacht le mo dheisceabail.’” Rinne na deisceabail de réir mar a bhí beartaithe ag Íosa dóibh, agus d’ullmhaigh siad an Cháisc.
Nuair a bhí an tráthnóna ann, shuigh sé chun boird in éineacht leis an dáréag deisceabal. Agus le linn dóibh bheith ag ithe, dúirt: “Deirim libh go fírinneach, braithfidh duine agaibh mé.” Agus ó ba mhó é a mbuaireamh, thosaigh siad, gach duine acu, ag fiafraí de: “An mise é, a Thiarna?” D’fhreagair sé: “Duine a thum a lámh sa mhias i mo theannta,” ar seisean, “sin é a dhéanfaidh mé a bhrath. Tá Mac an Duine ag imeacht, de réir mar atá scríofa mar gheall air, ach is mairg don duine úd trína mbraitear Mac an Duine. B’fhearr don duine sin nach mbéarfaí riamh é.” D’fhreagair Iúdás, fear a bhraite, agus dúirt: “An mise é, a Raibí?” Dúirt Íosa leis: “Tá sé ráite agat.”
Le linn dóibh bheith ag ithe, thóg Íosa arán, agus ar a bheannú dó, bhris, agus á thabhairt do na deisceabail dó, dúirt: “Tógaigí, ithigí: is é seo mo chorp.” Agus thóg sé cupa, agus ar altú dó, thug dóibh é ag rá: “Ólaigí uile as seo, óir is í seo m’fhuilse an tiomna, atá le doirteadh ar son mórán chun peacaí a mhaitheamh. Deirim libh, ní ólfaidh mé as seo amach den sú seo na fíniúna go dtí an lá sin a n-ólfaidh mé ina fhíon nua libhse é i ríocht m’Athar.”
Tar éis dóibh an t-iomann a chanadh, chuaigh siad amach go dtí Cnoc na nOlóg. Ansin dúirt Íosa leo: “Glacfaidh sibh uile scannal mar gheall ormsa anocht, óir tá scríofa: ‘Buailfidh mé an t-aoire agus beidh caoirigh an tréada arna scaipeadh.’ Ach tar éis dom éirí, rachaidh mé romhaibh go dtí an Ghailíl.” Dúirt Peadar leis á fhreagairt: “Siúd is go nglacfaidh cách eile scannal mar gheall ort, ní ghlacfaidh mise scannal choíche.” Dúirt Íosa leis: “Deirim leat go fírinneach, roimh ghlaoch don choileach anocht féin, séanfaidh tú mé faoi thrí.” Dúirt Peadar leis: “Más ea féin go gcaithfidh mé bás a fháil in éineacht leat, ní shéanfaidh mé thú.” Agus na deisceabail eile chomh maith, dúirt siad an rud céanna.
Ansin tháinig Íosa leo go dtí áit ar a dtugtar Geitséamainí agus dúirt leis na deisceabail: “Fuirigí anseo go rachaidh mé anonn ansiúd ag guí.” Agus rug sé leis Peadar agus beirt mhac Zeibidé, agus thosaigh sé bheith buartha agus in anbhuain. Dúirt sé leo ansin: “Tá buaireamh mór ar m’anam go pointí báis. Fanaigí anseo agus bígí ag faire liom.” Chuaigh sé ar aghaidh tamall agus chaith é féin ar a bhéal agus é ag guí mar seo: “A Athair, más féidir é, gabhadh an cupa seo tharam, ach ní mar is toil liomsa ach mar is toil leatsa.” Tháinig sé chun na ndeisceabal agus fuair ina gcodladh iad, agus dúirt le Peadar: “An ea nár fhéad sibh, mar sin, faire aon uaire a dhéanamh liom? Bígí ag faire agus ag guí, ionas nach rachadh sibh i gcathú. Tá an spiorad fonnmhar ach tá an cholainn fann.” D’imigh sé uathu arís agus thosaigh ag guí den dara huair: “A Athair, mura féidir an cupa seo a ghabháil tharam gan mé á ól, do thoil go raibh déanta!” Tháinig sé arís agus fuair ina gcodladh iad, mar bhí a súile trom. D’fhág sé arís iad agus chuaigh ag guí den tríú huair ag rá na cainte céanna arís. Ansin tháinig sé chun na ndeisceabal agus dúirt leo: “Codlaigí libh feasta agus glacaigí bhur suaimhneas. Seo! tá an t-am in achmaireacht agus Mac an Duine le tabhairt ar láimh do pheacaigh. Éirígí! bímis ag gluaiseacht! Seo chugainn fear mo bhraite.”
Sula raibh an focal as a bhéal, seo Iúdás, duine den dáréag, agus slua mór lena chois a raibh claimhte agus bataí acu, ag teacht ó uachtaráin na sagart agus ó sheanóirí an phobail. Bhí an comhartha ag fear a bhraite dóibh: “An duine a bpógfaidh mé é,” ar seisean, “sin é é: gabhaigí é.” Rinne sé anonn ar Íosa díreach gan stad, agus “Sé do bheatha, a Raibí!” ar seisean, agus phóg sé é. Dúirt Íosa leis: “A chara, déan an beart a thug anseo thú. Tháinig siad ar aghaidh ansin, leag siad a lámha ar Íosa agus ghabh siad é. Ach seo duine de chompánaigh Íosa a shín a lámh chun a chlaímh agus a tharraing, gur bhuail sé seirbhíseach an ardsagairt gur bhain an chluas de. Ach dúirt Íosa leis an uair sin: “Cuir do chlaíomh ar ais ina áit féin, óir gach duine a ghlacann an claíomh is leis an gclaíomh a thitfidh sé. Nó an é is dóigh leat nach féidir dom achainí a dhéanamh ar m’Athair, a chuirfeadh ar fáil dom anois féin níos mó ná dhá léigiún déag aingeal? Conas a chomhlíonfaí na scrioptúir, más ea, a deir gur mar seo nach foláir a bheith?” An uair sin féin dúirt Íosa leis na buíonta: “An robálaí mé gur ghluais sibh amach mar seo le claimhte agus le bataí chun breith orm? Bhínn i mo shuí sa Teampall gach lá ag teagasc agus ní dhearna sibh mé a ghabháil.” Thit an méid sin go léir amach chun go gcomhlíonfaí scrioptúir na bhfáithe. Ansin thug na deisceabail uile a gcúl leis agus theith siad.
An dream a bhí tar éis Íosa a ghabháil, sheol siad leo é go teach Cháiafas, an t-ardsagart, agus is ann a bhí na scríobhaithe agus na seanóirí cruinnithe le chéile. Bhí Peadar á leanúint i bhfad uaidh chomh fada le cúirt an ardsagairt, agus ar dhul isteach ann dó, chuaigh ina shuí i measc na seirbhíseach d’fhonn go bhfeicfeadh críoch an scéil.
Bhí uachtaráin na sagart agus an tsainidrín ar fad ag lorg fianaise bréige in aghaidh Íosa d’fhonn é bhású, ach ní bhfuair siad í in ainneoin gur tháinig an-chuid d’fhinnéithe bréige i láthair. Sa deireadh, tháinig beirt i láthair agus b’é a scéal sin: “Dúirt an fear seo: ‘Is féidir liom Teampall Dé a leagan anuas agus é a atógáil i dtrí lá.’” D’éirigh an t-ardsagart ina sheasamh agus dúirt leis: “Nach bhfuil freagra ar bith agat? Cad tá acu seo á dhearbhú ort?” D’fhan Íosa ina thost. Dúirt an t-ardsagart leis: “Cuirim ort as ucht Dé bheo a insint dúinn an tú an Críost Mac Dé.” Dúirt Íosa leis: “Tá sé ráite agat. Ach deirim libh, beidh Mac an Duine le feiceáil agaibh amach anseo, ina shuí ar dheis na cumhachta, agus é ag teacht ar scamaill na bhflaitheas.” Leis sin, stróic an t-ardsagart a chuid éadaigh: “Tá diamhasla déanta aige!” ar seisean; “cad is gá dúinn a thuilleadh finnéithe? Sin anois an diamhasla cloiste agaibh. Cad é bhur mbarúil?” Agus ba é an freagra a thug siad: “Tá an bás tuillte aige.” Ansin chaith siad seile san aghaidh air, agus ghabh siad de dhoirne air, agus bhí cuid acu a bhuail lena mbasa é ag rá: “Tairngir dúinn, a Chríost! Cé hé sin a bhuail thú?”
Bhí Peadar ina shuí amuigh, sa chúirt. Tháinig cailín aimsire chuige agus dúirt: “Bhí tusa freisin in éineacht le hÍosa an Gailíleach.” Ach shéan seisean é os comhair cách: “Níl a fhios agam cad tá tú a rá,” ar seisean. Ar dhul amach sa phóirse dó, chonaic cailín eile é agus dúirt sí leis na daoine a bhí ann: “Bhí sé seo in éineacht le hÍosa an Nazórach.” Agus shéan sé arís é le mionn: “Níl aithne agam ar an duine.” Tamall ina dhiaidh sin, tháinig na daoine a bhí i láthair agus dúirt siad le Peadar: “Go dearfa, is duine díobh sin tusa freisin, mar sceitheann do chaint ort.” Ansin a thosaigh sé ag eascaine agus ag tabhairt na mionn: “Níl aithne agam ar an duine.” Agus ghlaoigh an coileach láithreach. Agus ba chuimhin le Peadar an focal a dúirt Íosa “Roimh ghlaoch don choileach, séanfaidh tú mé faoi thrí.” Agus chuagh amach agus ghoil sé go goirt.
Nuair a bhí an mhaidin ann, rinne na hardsagairt go léir agus seanóirí an phobail comhairle le chéile in aghaidh Íosa d’fhonn é a bhású. Tar éis dóibh é a cheangal,sheol siad leo é á thabhairt ar láimh do Phioláit an gobharnóir.
Ansin, nuair a chonaic Iúdás, fear a bhraite, go raibh sé daortha, bhuail aiféala é, agus thug an tríocha píosa d’airgead geal ar ais d’uachtaráin na sagart agus do na seanóirí, ag rá: “Ba pheaca dom fuil neamhchiontach a bhrath.” Ach dúirt siad sin: “Cad é sin dúinne? Féach féin chuige.” Ach rad sé uaidh na píosaí airgid isteach sa sanctóir agus d’fhág an áit, d’imigh sé leis agus chroch é féin. Thóg na hardsagairt na píosaí airgid agus dúirt siad: “Ní dleathach iad do chur i gciste an Teampaill, mar is luach fola iad.” Tar éis dóibh an scéal a phlé, cheannaigh siad leis an airgead Gort an Chriadóra mar reilig do strainséirí. Sin é a d’fhág Gort na Fola mar ainm ar an ngort sin go dtí an lá inniu féin. Ansin a comhlíonadh a ndúradh trí Irimia fáidh: “Agus thóg siad an tríocha píosa d’airgead geal, luach an duine a measadh – ag cuid de chlann Iosrael a measadh é – agus thug ar Ghort an Chriadóra iad, de réir mar bheartaigh an Tiarna dom.”
Tugadh Íosa i láthair an ghobharnóra, agus d’fhiafraigh an gobharnóir de: “An tusa Rí na nGiúdach?” Dúirt Íosa “Tá sé ráite agat.” Agus le linn a chiontaithe ag na hardsagairt agus ag na seanóirí, bhí sé gan aon fhreagra a thabhairt. Dúirt Pioláit leis ansin: “Nach gcluineann tú a bhfuil d’fhianaise acu á thabhairt i d’aghaidh?” Ach freagra níor thug sé ar phointe ar bith, rud a chuir ardionadh ar an ngobharnóir.
Ach ba ghnáthbhéas don ghobharnóir, i ngach féile, go scaoilfeadh sé saor chun an tslua cibé príosúnach ba rogha leo. Bhí príosúnach iomráiteach ar láimh an uair sin arbh ainm dó Barabas. Mar sin, nuair a bhí siad cruinnithe le chéile dúirt Pioláit leo: “Cé acu ba rogha libh mé a scaoileadh chugaibh, Barabas, nó Íosa ar a dtugtar an Críost?” – mar bhí a fhios aige gur formad faoi deara é thabhairt ar láimh. Ach le linn dó bheith ina shuí breithimh, chuir a bhean scéala chuige: “Scaoil tharat an fear cóir seo gan baint leis, óir ba mhór í m’fhulaingt i mbrionglóid inniu mar gheall air.” Ach d’áitigh na hardsagairt agus na seanóirí ar na sluaite Barabas a iarraidh agus Íosa a mhilleadh. Labhair an gobharnóir leo: “Cé acu den bheirt is rogha libh mé a scaoileadh chugaibh?” “Barabas!” ar siad. Dúirt Pioláit leo: “Más ea, cad a dhéanfaidh mé le hÍosa ar a dtugtar an Críost?” Dúirt siad: “Céastar é!” Dúirt seisean: “Ach cén t-olc a rinne sé?” Ach is ea ba mhó a bhí siad ag screadadh: “Céastar é!” Nuair a chonaic Pioláit nach raibh aon mhaith dó ann ach gur mhó a bhíothas ag dul chun calláin, fuair sé uisce agus nigh a lámha os comhair an tslua ag rá: “Nílimse freagrach i bhfuil an fhíréin seo: féachaigí sibhse chuige.” D’fhreagair an pobal ar fad: “Go raibh a chuid fola orainn féin agus ar ár gclann!” Scaoil sé Barabas chucu ansin, ach rinne sé Íosa a sciúrsáil agus a thabhairt suas chun go gcéasfaí é.
Ansin rug saighdiúirí an ghobharnóra Íosa leo isteach sa phréatóiriam, agus chuir siad tionól ar an gcathlán go léir chuige. Bhain siad de a chuid éadaigh agus ghléas siad i bhfallaing chraorag é: rinne siad coróin a fhí de dheilgneach agus í a bhualadh ar a cheann agus giolcach a chur ina láimh dheis, agus teacht ar a nglúine os a chomhair ag fonóid faoi ag rá: “Sé do bheatha, a Rí na nGiúdach!” Agus chaith siad seilí air agus bhí siad á bhualadh sa cheann leis an ngiolcach. Agus tar éis dóibh fonóid a dhéanamh faoi, bhain siad de an fhallaing, chuir siad a chuid éadaigh féin air agus sheol siad leo é chun a chéasta.
Sa tslí amach dóibh, casadh fear Cuiréanach orthu arbh ainm dó Síomón; chuir siad d’fhiacha air seo a chros a iompar. Agus ar theacht dóibh go dtí áit ar a dtugtar Golgotá – is é sin le rá, Áit an Chloiginn – thug siad le hól dó fíon a raibh domlas tríd, ach ar a bhlaiseadh dó, dhiúltaigh sé a ól. Tar éis dóibh é a chéasadh, roinn siad a chuid éadaigh eatarthu, á gcur ar chrainn, agus d’fhan siad ina suí ansiúd á ghardáil.
Cuireadh scríbhinn os a chionn ag insint cúis a dhaortha: “Is é seo Íosa Rí na nGiúdach.” Ansin céasadh mar aon leis beirt robálaithe, duine acu ar a dheis agus an duine eile ar a chlé. Bhí lucht an bhealaigh ag tabhairt achasáin dó, ag croitheadh a gceann agus ag rá: “Thusa, a leagfadh Teampall Dé anuas agus a thógfadh é i dtrí lá, saor thú féin, más tú Mac Dé, agus tar anuas ón gcros!” Bhí na hardsagairt freisin ag fonóid faoi, in éineacht leis na scríobhaithe agus na seanóirí, agus deiridís: “Shaor sé daoine eile, ní féidir leis é féin a shaoradh! Is é Rí Iosrael é: tagadh sé anuas ón gcros feasta agus creidfimid ann. As Dia a bhí a mhuinín; fuasclaíodh Dia anois é más gnaoi leis é, óir dúirt sé féin: ‘Is mé Mac Dé.’” Na robálaithe freisin a céasadh mar aon leis, bhí siad á aithisiú mar an gcéanna
Ón séú huair bhí dorchadas anuas ar an talamh go léir go dtí an naoú huair.Agustimpeall an naoú huair, d’éigh Íosa de ghlór ard: “Élí, Élí, lamá sabachtání?” is é sin le rá: “A Dhia, a Dhia, cén fáth ar thréig tú mé?” Dúirt cuid díobh seo a bhí i láthair, ar a chloisteáil sin dóibh: “Ag glaoch ar Éilias atá sé seo,” agus leis sin rith duine acu chun spúinse a fháil, thum i bhfínéagar é, chuir ar bharr giolcaí é agus thug deoch dó.Ach dúirt an chuid eile: “Fan go bhfeicimid an dtiocfaidh Éilias á shaoradh.” Ach gháir Íosa amach arís de ghlór ard agus lig sé uaidh a spiorad.
Agus réabadh brat an Teampaill ina dhó ó bharr go bun, chrith an talamh agus réabadh na carraigeacha. D’oscail na tuamaí agus d’éirigh mórán de choirp na naomh a bhí ina suan: tháinig siad amach as na tuamaí tar éis d’Íosa aiséirí agus isteach sa chathair naofa agus taibhsíodh iad dá lán. An taoiseach céad, agus na fir a bhí ag gardáil Íosa in éineacht leis, nuair a chonaic siad an mhaidhm talún agus na nithe a tharla, bhí uamhan an-mhór orthu agus dúirt siad: “Go dearfa, ba é Mac Dé é seo.” Agus bhí mórán ban ann agus iad i bhfad uaidh ag breathnú, iad siúd a bhí tar éis Íosa a leanúint ón nGailíl chun bheith ag freastal air: Bhí Máire Mhaigdiléana orthu, agus Máire máthair Shéamais agus Iósaef, agus máthair chlann Zeibidé.
Nuair a bhí an tráthnóna ann, tháinig fear saibhir as Aramatáia darbh ainm Iósaef, agus é féin freisin ina dheisceabal ag Íosa; chuaigh sé seo go dtí Pioláit agus d’iarr corp Íosa air. D’ordaigh Pioláit ansin é a thabhairt dó. Thóg Iósaef an corp, d’fhill I línéadach glan é agus chuir ina thuama nua féin é a bhí gearrtha sa charraig aige; agus tar éis dó cloch mhór a iompú le béal an tuama d’imigh sé leis. Bhí Máire Mhaigdiléana ann agus an Mháire eile, agus iad ina suí os comhair na huaimhe.
Lá arna mhárach, is é sin le rá, an lá tar éis an ullmhaithe, chuaigh na hardsagairt agus na Fairisínigh i dteannta a chéile go dtí Pioláit agus dúirt siad: “A dhuine uasail, tá sé tar éis teacht chun ár gcuimhne go ndúirt an mealltóir úd agus é beo: ‘I gcionn trí lá, aiséireoidh mé.’ Ordaigh, dá bhrí sin, an uaimh a dhéanamh daingean go dtí an treas lá, le heagla go dtiocfadh a chuid deisceabal á fhuadach agus go ndéarfaidís leis an bpobal: ‘Tá sé éirithe ó mhairbh,’ agus ba mheasa an dul amú nua ná an chéad dul amú.” Dúirt Pioláit leo: “Bíodh garda agaibh; seo libh, déanaigí daingean í mar is fearr is eolach sibh.” D’imigh siad agus rinne siad an uaimh daingean, ag bualadh séala ar an gcloch agus ag ceapadh garda.