Léachtaí an Aifrinn, 21 Bealtaine 2017 | Baile | Cumann na Sagart | Baile | Cumann na Sagart

An Chéad Léacht          Gníomhartha na nAspal 8:5-8. 14-17

Chuaigh Pilib go dtí cathair na Samáire agus thosaigh ag craobhscaoileadh dóibh i dtaobh Chríost. Thug na sluaite cluas ghéar dá raibh le rá ag Pilib mar ní hea amháin gur chuala siad a chuid cainte ach chonaic siad chomh maith na míorúiltí a bhí aige á ndéanamh. Mórán a raibh deamhain mhíghlana iontu, tháinig na deamhain amach astu agus iad ag screadadh de ghlór ard; agus leigheasadh mórán pairiliseach agus bacach, sa tslí go raibh áthas mór sa chathair sin.

Nuair a chuala na haspail a bhí in Iarúsailéim go raibh an tSamáir tar éis glacadh le briathar Dé, sheol siad chucu Peadar agus Eoin. Ar theacht dóibhsean chucu, rinne siad guí ar a son go bhfaighidís an Spiorad Naomh, mar ní raibh an Spiorad tagtha fós ar dhuine ar bith acu mar ní raibh siad ach baiste in ainm an Tiarna Íosa. Ansin leag Peadar agus Eoin a lámha orthu agus fuair siad an Spiorad Naomh.

Sin é Briathar Dé.  

Salm le Freagra         Sm 65
Freagra :                       Déanaigí gairdeas do Dhia, a thíortha uile.
Malairt Freagra :     Alleluia

1. Déanaigí gairdeas do Dhia, a thíortha uile
canaigí clú a ainm.
Tugaigí moladh mórghlórach dó.
Abraigí le Dia: ‘Nach éachtach iad d’oibreacha.’   
Freagra

2. Adhrann an talamh uile thú,
canann sí duit, canann sí do d’ainm.
Tagaigí agus féachaigí oibreacha Dé,
na héachtaí a rinne sé i measc na ndaoine.          
  Freagra

3. Chlaochlaigh sé an mhuir ina talamh thirim;
chuathas de chois thar an abhainn.
Dá bhrí sin déanaimis lúcháir!
Rialaíonn sé lena chumhacht go síoraí.                  
Freagra

4. Sibhse uile ar a bhfuil eagla Dé, tagaigí, éistigí,
is inseoidh mé daoibh faoina ndearna sé dom.
Go mba bheannaithe é Dia
nár thug an diúltú do mo ghuí,
is nár tharraing siar a bhuanghrá uaim.                
Freagra

An Dara Léacht          1 Peadar 3:15-18

A clann ionúin, bíodh urraim in bhur gcroí istigh agaibh do Chríost mar Thiarna. Bígí réidh i gcónaí le cosaint a dhéanamh in aghaidh aon duine a iarrann oraibh bonn a thabhairt leis an dóchas atá ionaibh; ach déanaigí amhlaidh le cneastacht agus le hurraim, agus le coinsias glan, i dtreo, nuair a dhéantar tromaíocht oraibh go gcuirtear náire ar an muintir a dhéanann béadán ar bhur ndea-iompar i gCríost. Óir nach fearr fulaingt de chionn na maitheasa, más é toil Dé é, ná de chionn an oilc?

Óir fuair Críost bás an t-aon uair amháin i ngeall ar pheacaí, an fíréan thar ceann na neamhfhíréan, d’fhonn sinn a thabhairt i láthair Dé. Básaíodh é sa cholainn, ach rinneadh beo é sa spiorad.

Sin é Briathar Dé.  

Alleluia Véarsa        Eo 14:23 
Alleluia, Alleluia!

Má bhíonn grá ag duine dom, coinneoidh sé mo bhriathar,
agus beidh grá ag m’Athair dó,
agus tiocfaimid chuige,’ a deir an Tiarna.
Alleluia!

An Soiscéal                 Eoin 14:15-21

San am sin dúirt Íosa lena dheisceabail

Má tá grá agaib

h dom, coinneoidh sibh m’aitheanta.
Agus iarrfaidh mé ar m’Athair é,agus tabharfaidh sé Abhcóide eile daoibhchun fanacht faraibh go deo –Spiorad na Fírinne,nach féidir don saol a ghlacadh,mar ní fheiceann sé é ná ní aithníonn sé é.Ach aithníonn sibhse émar fanann sé faraibh, agus beidh sé ionaibh.Ní fhágfaidh mé in bhur ndílleachtaí sibh;tiocfaidh mé ar ais chugaibh. Tamall beag eile agus siúd é an saolagus gan radharc aige ormsa feasta;ach tá radharc agaibhse orm,óir táimse beo agus beidh sibhse beo chomh maith.An lá sin aithneoidh sibh go bhfuilimse i m’Athair,agus go bhfuil sibhse ionamsa, agus mise ionaibh.An té a bhfuil m’aitheantasa aige agus a choinníonn iad,sin é an té a bhfuil grá aige dom.An té a bhfuil grá aige dom,beidh grá ag m’Athair dó,agus beidh grá agam dó,agus taispeánfaidh mé mé féin dó.”

© Cumann na Sagart 2020