Léachtaí an Aifrinn, 28 Béaltaine 2017 | Baile | Cumann na Sagart | Baile | Cumann na Sagart

An Chéad Léacht        Gníomhartha na nAspal 1:1-11
Tógadh suas os comhair a súl é.

Thug mé cuntas cheana, a Theofail, ar gach a ndearna Íosa agus ar ar thug sé de theagasc uaidh ó thús go dtí an lá a tógadh suas ar neamh é, tar éis dó a chuid orduithe a thabhairt le cabhair an Spioraid Naoimh do na haspail a bhí tofa aige. i ndiaidh a pháise is iomaí cruthú a thug sé dóibh go raibh sé beo, á nochtadh féin dóibh ar feadh daichead lá agus ag cur síos ar ríocht Dé. Uair dá raibh sé ina gcuibhreann d’ordaigh sé dóibh gan corraí ó Iarúsailéim ach fanacht ann go dtí go gcomhlíonfaí gealltanas an Athar, “An gealltanas úd,” ar sé, “ar chuala sibh mé ag trácht air: rinne Eoin baisteadh le huisce, ach déanfar sibhse a bhaisteadh leis an Spiorad Naomh i gceann beagán laethanta.”

Más ea, nuair a bhí siad cruinnithe le chéile, thosaigh siad á cheistiú: “A Thiarna,” ar siad, “an anois atá tú chun ríocht Iosrael a athbhunú?” Ach d’fhreagair sé iad: “Ní aon chuid de bhur ngnósa é eolas a fháil ar na hamanna na ar na tráthanna atá leagtha amach ag an Athair as a údarás féin. Ach gheobhaidh sibh neart an Spioraid Naoimh atá le tuirlingt oraibh agus beidh sibh in bhur bhfinnéithe ormsa in Iarúsailéim agus ar fud Iúdáia go léir agus na Samáire agus a fhad le himeall an domhain.”

Ar rá an méid sin dó, tógadh suas os comhair a súl é agus d’ardaigh scamall as a radharc é. Fad a bhí siad ag stánadh in airde sa spéir ina dhiaidh sheas beirt fhear in éadaí bána ina n-aice.

“A fheara na Gailíle,” ar siad, “cad ab áil libh in bhur seasamh ansin ag amharc in airde sa spéir?

An Íosa seo a tógadh suas ar neamh uaibh, tiocfaidh sé an tslí chéanna ina bhfaca sibh ag dul suas é.”

Sin é Briathar Dé. 

Salm le Freagra          Sm 46
Freagra                           Gabhann Dia in airde le gártha molta; gabhann sé in airde le séideadh an stoic.
Malairt Freagra        Alleluia!

I. Buailigí bhur mbosa, a chiníocha uile,gairdigí do Dhia Ie teann lúcháire!Óir is ard é an Tiarna agus is uamhnach,ina ardrí os cionn na cruinne.                       Freagra

2. Gabhann Dia in áirde le gártha molta;gabhann sé in airde le séideadh an stoic.Seinntear ceol dár nDia; seinntear ceol dóSeinntear ceol dár rí; seinntear ceol dó    Freagra

3. Is é Dia rí na cruinne go léir.Seinnigí agus canaigí ar bhur ndíheall dóTá Dia ina rí ar na náisiúin;tá sé ina shuí ar a chathaoir naofa.               Freagra


An Dara Léacht            hEifísigh 1:17-23
Chui sé ina shuí ar a dheis fin sna flaithis é.
 

A bhráithre, bím á iarraidh ar Dhia ár dTiarna Íosa Críost, ar Athair na Glóire, spiorad na heagna agus na géarchúise a thabhairt daoibh chun go gcuirfeadh sibh aithne air. Go soilsítear súile bhur n-aigne ar shlí go dtuigfidh sibh cad é mar údar dóchais daoibh bhur ngairm aige agus cad é mar oidhreacht fhairsing ghlórmhar atá aige i ndán don phobal naofa agus ollmhaitheas na cumhachta a chuir sé i bhfeidhm ar ár son-na, creidmhigh – an chumhacht éachtach úd a chuir sé ag obair i gCríost nuair a thóg sé ó mhairbh é agus chuir ina shuí ar a dheis sna flaithis é go hard os cionn gach ceannas agus údarás agus cumhacht agus tiarnas agus os cionn gach ainm dar féidir a ainmniú ní sa saol seo amháin é ach sa saol atá le teacht chomh maith. Agus chuir sé gach ní faoina smacht agus cheap é, os cionn gach ní, ina cheann ar an Eaglais is corp dó agus arb í iomláine an té úd a líonann gach ní go hiomlán í.

Sin é Briathar Dé

Alleluia Véarsa         Mt 28: 19-20
Alleluia, Alleluia!Imigí, deanaigí deisceabail de na nárisiúin uile,’ a deir an Tiarna;‘Táim in éineacht libh i gcónai go dtí deireadh an tsaoil.’Alleluia!

An Soiscéal                   N. Matha

 28:16-20

Tá gach údardas tugtha domsa ar neamh agus ar talamh.

San am sin d’imigh an t-aon deisceabal déag leo go dti an Ghailil, go dti an sliabh a cheap Iosa mar ionad coinne dóibh, agus ar a fheiceãil dóibh d’umhlaiodar dó, ach go raibh amhras ar chuid acu.
Tháinig losa chucu agus labhair sé leo: ‘Ta gach údarãs tugtha domsa ar neamh agus ar talamh. Imigí dá bhri sin. déanaigí deisceabail de na náisiúin uile, a mbaisteadh in ainm an Athar agus an Mhic agus an Spioraid Naoimh, ag múineadh dóibh gach ní atá ordaithe agam a choinneáil.

Agus féach táim in éineacht libh i gcónai go dtí deireadh an tsaoil.’

© Cumann na Sagart 2020