Léachtaí an Aifrinn, 7 Bealtaine 2017 | Baile | Cumann na Sagart | Baile | Cumann na Sagart

AN CHÉAD LÉACHT            Gníomhartha na nAspal 2:14. 36-41    
Rinne Dia Tiarna agus Meisias den Íosa seo 

 Cincise d’éirigh Peadar ina sheasamh i gcuideachta an Aon Duine Dhéag agus labhair leo de ghuth ard:“ bíodh a fhios go dearfa ag teaghlach Iosrael ar fad go ndearna Dia Tiarna agus Meisias den Íosa seo a chéas sibhse ar chrois.”

Chuaigh an chaint sin go dtí an croí iontu agus dúirt siad le Peadar agus leis na haspail eile: “Cad atá le déanamh againn, a bhráithre?” Agus d’fhreagair Peadar iad: “Déanaigí aithrí,” ar seisean, “déantar gach duine agaibh a bhaisteadh in ainm Íosa Críost chun maithiúnas na bpeacaí agus glacfaidh sibh tabhartas an Spioraid Naoimh; mar is daoibhse agus do bhur gclann atá an gealltanas úd agus dóibh siúd freisin atá i bhfad ar shiúl – don uile dhuine dá nglaofaidh ár nDia chuige.”

Rinne sé mórán eile cainte ag áiteamh leo agus ag tathant orthu: “Sabháiligí sibh féin,” ar seisean leo, “ón nglúin chlaon seo.”

An méid díobh a ghlac lena theachtaireacht, baisteadh iad agus cuireadh tuairim is trí mhíle duine lena líon an lá sin.

SALM LE FREAGRA.           Sm 117 
Freagra :                                            Is é an Tiarna m'aoire;
                                                                ní bheidh aon ní de dhíth orm.
Malairt Freagra :                        Alleluia!

1. Is é an Tiarna m'aoire;
    ní bheidh aon ní de dhíth orm. 
    Cuireann sé i mo luí mé
    i móinear féaruaithne.
    Seolann sé ar imeall an uisce mé, 
    mar a bhfaighim suaimhneas.       
Freagra

2. Seolann sé mé ar rianta díreacha
    mar gheall ar a ainm.
    Fiú dá siúlfainn i ngleann an dorchadais, 
    níor bhaol liom an t-olc
    agus tú faram le do shlat is do bhachall
    chun só1ás a thabhairt dom.         
Freagra

3. Cóiríonn tú bord chun béile dom
    i bhfianaise mo naimhde.
    Ungann tú mo cheann le hola.;
    tá mo chupán ag cur thar maoil.   
Freagra

4. Leanfaidh cineáltas is fabhar mé 
    gach uile lá de mo shaol.
    I dteach an Tiarna a mhairfidh mé
   go brách na breithe.                             
Freagra

AN DARA LÉACHT                 1Peter 2:20-25
Tá fillte ar ais agaibh ar aoire agus ar chaomhnóir bhur n-anama.


A
 clann ionúin, má dhéanann sibh an mhaith agus go bhfulaingíonn sibh dá bharr le foighne, tuilleann sin gnaoi Dé. Óir is chuige seo a gairmeadh sibh, mar gur fhulaing Críost féin ar bhur son, agus gur fhág sé sampla agaibh le go leanfadh sibh a lorg. Ní dhearna seisean aon pheaca, ná ní bhfuarthas aon chealg ina bhéal. Nuair a caitheadh achasán leis níor chaith sé achasán ar ais; nuair a bhí sé ag fulaingt ní dhearna sé bagairt, ach d’fhág sé a chúis faoin té a thugann breith go cóir. D’iompair sé ár bpeacaí ina cholainn féin ar an gcrann d’fhonn go bhfaighimis bás dár bpeacaí ach go mairfimis don fhíréantacht. Trína chréachtaí a cneasaíodh sibh. Bhí sibh mar chaoirigh ar seachrán, ach tá fillte ar ais agaibh ar aoire agus ar chaomhnóir bhur n-anama.

Alleluia Véarsa                     Eo 10: 14

Alleluia, Alleluia!
Is mise an t-aoire maith,' a deir an Tiarna.   
AithnÍm mo chaoirigh féin, agus aithníonn mo chaoirigh féin mé'
Alleluia!

AN SOISCÉAL                       Eoin 10:1-10
Mise doras na gcaorach.

Seo mar a deir an Tiarna: “Amen, Amen, a deirim libh, an té nach dtéann an doras isteach i gcró na gcaorach, ach a théann a mhalairt de bhealach isteach, is bithiúnach é sin agus robálaí. An té a thagann an doras isteach, sin é aoire na gcaorach. Osclaíonn an doirseoir dó seo agus éisteann na caoirigh lena ghuth, agus glaonn sé ar a chaoirigh féin as a n-ainm, agus seolann amach iad. Nuair a bhíonn a chaoirigh uile seolta amach aige, téann sé rompu agus leanann a chaoirigh é, mar aithníonn siad a ghuth. Ní baol go leanfadh siad coimhthíoch, ach teithfidh siad uaidh mar nach n-aithníonn siad guth na gcoimhthíoch.”

Labhair Íosa an tsolaoid sin leo, ach níor thuig siadsan cad a bhí á rá aige leo. Ansin dúirt Íosa leo arís:

“Amen, Amen, a deirim libh, 

Mise doras na gcaorach.
Gach ar tháinig romham,bithiúnaigh a ba ea iad agus robálaithe,agus níor éist na caoirigh leo.Mise an doras.Más tríomsa a rachaidh duine isteach, slánófar é.Rachaidh sé isteach is rachaidh sé amachagus gheobhaidh sé féarach.Ní thagann an bithiúnach ach chun bheithag goid, ag marú agus ag milleadh.Tháinig mise chun go mbeadh an bheatha acuagus go mbeadh sí acu go fial.

© Cumann na Sagart 2020