Léachtaí an Aifrinn, 29 Eanáir 2017 | Baile | Cumann na Sagart | Baile | Cumann na Sagart

An Chéad Léacht         Sófania 2:3. 3:12-13
Fágfaidh mé pobal bocht uiríseal i do lár.

Lorgaigí an Tiarna, sibhse uile,a dhaoine uirísle na tíre,a chomhlíonann a reacht.

Lorgaigí an fhíréantacht,
lorgaigí an uirísle;b’fhéidir go bhfaigheadh sibh dídeanar lá dhíbheirg an Tiarna.Fágfaidh mé pobal bocht uiríseal i do láragus lorgfaidh fuílleach Iosrael dídeanin ainm an Tiarna.Ní dhéanfaidh siad aon éigeart,ní mó ná a inseoidh siad bréaga,agus ní bhfaighfear teanga chealgach ina mbéal.Is ea, iníorfaidh siad agus ligfidh siad a scíth,agus ní chuirfidh aon duine isteach orthu feasta.”

Salm le Freagra            Sm 145
Freagra :                          Is méanar dóibh seo atá bocht ó spiorad, óir is leo ríocht na bhflaitheas.

I.  An té a sheasann lena bhriathar de shíor,
agus a dhéanann ceart don drong atá faoi chois,
is é a thugann bia don ocrach:
is é an Tiarna a scaoileann na braighdeanaigh.        
   Freagra

2. Osclaíonn sé súile na ndall,
tógann sé suas an dream atá crom.
Cumhdaíonn an Tiarna an coimhthíoch,
déanann tacaíocht don dílleachta is don bhaintreach. 
Freagra

3. Tugann an Tiarna grá don fhíréan,
ach cuireann sé slí na bpeacach trí chéile.
Beidh an Tiarna i réim go brách,
ina Dhia, a Síón, ó ghlúin go glúin.                                  
  Freagra

An Dara Léacht           1 Coirintigh 1:26-31
Thogh Dia nithe laga an tsaoil chun na nithe láidre a náiriú.

Breathnaígí ar bhur nglao, a bhráithre, agus a laghad agaibh a bhí eagnaí de réir chaighdeán an tsaoil, ná ceannasach ná uasal. Ach thogh Dia nithe díchéillí an tsaoil chun lucht na heagna a náiriú. Thogh Dia nithe laga an tsaoil chun na nithe láidre a náiriú. Thogh Dia nithe uirísle agus nithe suaracha an tsaoil agus nithe nach bhfuil ann chun na nithe atá ann a chur ar neamhní, ionas nach ndéanfadh daonnaí ar bith maíomh I bhfianaise Dé. Eisean a bheir daoibhse bheith in Íosa Críost an té a ndearna Dia eagna de dúinne, agus fíréantacht agus naofacht agus fuascailt. Dá réir sin, mar atá scríofa: “An té a bhfuil mórtas air, bíodh a mhórtas as an Tiarna aige.”

Alleluia Véarsa              Eo 15: 15
Alleluia, alleluia!Thug mé cairde oraibh,a deir an Tiarna,óir gach a gcuala ó m’Athair,chuir mé in iúl daoibh é.Alleluia!

An Soiscéal                      Matha 5:1-12
Is méanar dóibh seo atá bocht ó spiorad.

Nuair a chonaic sé na sluaite, chuaigh sé an sliabh suas. Shuigh sé síos agus tháinig a
dheisceabail chuige. Thosaigh sé ag caint leo á dteagasc agus dúirt:

“Is méanar dóibh seo atá bocht ó spiorad, óir is leo ríocht na bhflaitheas.
“Is méanar do lucht an dobróin, óir sólásófar iad.
“Is méanar dóibh seo atá ceansa, óir gheobhaidh siad an talamh mar oidhreacht.
“Is méanar dóibh seo a bhfuil ocras agus tart chun na fíréantachta orthu, óir sásófar iad.
“Is méanar do lucht na trócaire, óir déanfar trócaire orthu.
“Is méanar dóibh seo atá glan ó chroí, óir feicfidh siad Dia.
“Is méanar do lucht síochána a dhéanamh, óir glaofar clann Dé orthu.
“Is méanar dóibh seo a d’fhulaing géarleanúint mar gheall ar an bhfíréantacht, óir is leo ríocht na bhflaitheas.
“Is méanar daoibh féin nuair a thabharfar aithis daoibh agus a ghéarleanfar sibh, agus nuair a chuirfear gach sórt drochrud in bhur leith go bréagach mar gheall ormsa.

“Bíodh áthas oraibh agus gairdeas, mar is mór é bhur dtuarastal ar neamh; óir is mar sin a rinneadh géarleanúint ar na fáithe a chuaigh romhaibh.

© Cumann na Sagart 2020