Léachtaí an Aifrinn, 3 Nollaig 2017 | Baile | Cumann na Sagart 2

AN CHÉAD DOMNACH DEN AIDBHINT 

CHÉAD LÉACHT       

Sliocht as an fáidh  Íseáia                 63:16-17; 64:1. 3-8
Och, dá roisfeá na flaithis ó chéile agus teacht anuas

Tusa, a Thiarna, is athair dúinn;
ár bhfuascailteoir, is é sin d’ainm riamh anall.
Cén fáth, a Thiarna, a bhfuil muid ar seachrán agat i bhfad ó do shlite,
agus ár gcroíthe á gcruachan ionas nach eagal leo thú níos mó?
Fill ar ais ar son do sheirbhíseach,
ar son treibheanna d’oidhreachta.
Och, dá roisfeá na flaithis ó chéile agus teacht anuas,
ag cur na sléibhte ar crith os do chomhair,
Dhéanfá éachtaí ansin nach raibh súil leo,
agus nár chuala aon duine caint orthu riamh.
Cluas níor chuala ná súil ní fhaca
dia ar bith ach tusa ag seasamh leis
an té a chuir a mhuinín ann.

Cuireann tú fáilte roimh an dream a chleachtann an ceart
agus a mbíonn cuimhne acu ort féin agus ar do bhealaí.
Tá fearg ort, agus déanaimid peaca dá ainneoin sin;
is fada sinn ag déanamh ceannairce i do choinne.
Bhíomar go léir ar nós duine atá neamhghlan
agus ár ndea-ghníomhartha uile mar ghiobail bhrocacha.
Tá muid seargtha ar fad mar bheadh duilleoga,
dár siabadh linn ag ár gcionta ar nós na gaoithe.
Duine níl ann a ghlaonn ar d’ainm,
ná a mhúsclaíonn é féin chun teannadh go dlúth leat.
óir tá tú tar éis do ghnúis a cheilt orainn,
agus sinn fágtha agat faoi smacht ár gcoireanna.
Ach fós féin, a Thiarna, is tú ár n-athair.
Sinne an chré, tusa an potaire,
agus saothar do láimhe is ea sinn go léir.

Briathar Dé.  

Salm le Freagra                 Sm 79
Freagra                                  Cuir ar ais sinn, a Dhia.
Taispeáin dúinn d’agnaidh ghrianmhar agus slánaigh sinn, a Thiarna.

1. Éist linn, a aoire Isráél.
Túsa atá i do shuí ar na Ceiribíní, soilsigh amach.
Corraigh do chumhacht, a Thiarna,
agus tar chugainn dár sábháil.                                           
 Freagra

2. Cas ar ais, a Dhia na Slua.
Breathnaigh anuas ó neamh agus féach.
Tabhair cuairt ar an bhfíniúin a chuir tú féin.
Caomhnaigh an stoc a phlandaigh do dheaslámh féin. 
Freagra

3. Go raibh do lámh ar an bhfear a roghnaigh tú,
ar mhac an duine a neartaigh tú duit féin.
Ní thréigfimid thú go brách ansin;
tabhair dúinn an bheatha agus mórfimid d’ainm,          
Freagra

DARA LÉACHT          

Sliocht as céad litir N.Pól chuig na Coirintigh            1:3-9
Táimid ag feitheamh lenár dTiarna Íosa Críost a nochtadh chugaibh. 


B
ím ag síorghabháil buíochais le Dia ar bhur son as an ngrásta atá bronnta aige oraibh in Íosa Críost.

Mar tá raidhse den uile shórt faighte agaibh ann: raidhse den urlabhra agus raidhse den eolas.Tá an fhianaise ar Chríost dulta chomh daingean sin I bhfeidhm oraibh nach bhfuil tabhartas ar bith in easnamh oraibh fad atá sibh ag feitheamh lenár dTiarna Íosa Críost a nochtadh chugaibh. Coimeádfaidh seisean daingean sibh go deireadh na dála, gan cháim lá ár dTiarna Íosa Críost. Tá Dia dílis agus is é a ghlaoigh oraibh chun bheith rannpháirteach lena Mhac, ár dTiarna Íosa Críost.

Briathar Dé.

Comhgháir/Alleluia –      Sm 84:8 
Alleluia, alleluia!
Taispeáin dúinn, a Thiarna, do thrócaire,
agus tabhair dúinn do shánú.
Alleluia!


SOISCÉAL 
           

Sliocht as an Soiscéal naofa de réir N. Marcas    13:33-37
Déanaigí faire, dá bhrí sin, mar ní fios daoibh cén uair a thiocfaidh tiarna an t
í

 San am sin dúirt Íosa lena dheisceabail :
Bígí aireach, déanaigí faire, mar níl a fhios agaibh cén uair a bheidh an t-am ann. Is é dála duine é a d’fhág a theach agus a d’imigh ar an gcoigríoch; thug sé an t-údarás dá sclábhaithe, gach duine díobh i mbun a chúraim féin; agus d’ordaigh sé don doirseoir faire a dhéanamh.

Déanaigí faire, dá bhrí sin, mar ní fios daoibh cén uair a thiocfaidh tiarna an tí, um thráthnóna, i lár na hoíche, ar ghlao an choiligh, nó ar maidin.

Má thagann sé gan choinne, ná faigheadh sé sibh in bhur gcodladh.

An rud a deirim libhse, deirim le gach duine é: Déanaigí faire.”

Soiscéal Dé.

© Cumann na Sagart 2020