An Tríú Domhnach den Cháisc
CÉAD LÉACHT
Sliocht as an Leabhar Gníomhartha na nAspal 2:14, 22-33
Níorbh fhéidir go gcoinneodh an bás faoina smacht é.
L
á
Cincise d’éirigh Peadar ina sheasamh i gcuideachta an Aon Duine Dhéag agus labhair leo de ghuth ard:“A fheara Iosrael, éistigí leis na briathra seo: Fear ab ea Íosa Nazórach ar thug Dia féin teastas daoibh air leis na míorúiltí agus na héachtaí agus na fearta a rinne Dia tríd fad a bhí sé in bhur measc, mar is eol daoibh féin. Nuair a tugadh suas daoibh é de réir chomhairle cinnte agus réamheolas Dé, chuir sibh chun báis é, á thairneáil ar an gcrois trí lámha mallaitheoirí. Ach thóg Dia ó na mairbh é agus d’fhuascail ó arraingeacha an bháis é, mar níorbh fhéidir go gcoinneodh an bás faoina smacht é. Mar is é a deir Dáiví faoi:
“Choinnigh mé mo shúile ar an Tiarna de shíor.Tá sé ar mo dheasláimh, i dtreo nach suaithfear mé.Tá gliondar ar mo chroí dá chionnagus tá meidhir ar mo theanga.Tá mo cholainn féin faoi shuaimhneas le dóchas,mar ní fhágfaidh tú mé i riocht na marbhná ní ligfidh tú do do neach naofa an meathlú a fhulaingt.Thaispeáin tú dom bóthar na beathaagus líonfaidh tú mé le háthas i do láthair.
“Ní miste a rá libh go neamhbhalbh, a bhráithre, go bhfuair ár n-ardathair Dáiví bás, gur adhlacadh é agus go bhfuil a thuama anseo againn go dtí an lá inniu.Ach ó tharla gurbh fháidh é agus a fhios aige gur mhionnaigh Dia dó go gcuirfeadh sé duine dá shliocht ar a ríchathaoir,is ag cur síos a bhí sé, as a réamheolas, ar aiséirí Chríost mar ‘níor fágadh I riocht na marbh é agus níor fhulaing a cholainn an meathlú’. Thóg Dia an Íosa seo ó mhairbh, rud a bhfuilimidne go léir inár bhfinnéithe air. Agus tar éis a ardaithe ar dheis Dé, fuair sé óna Athair an Spiorad a bhí geallta agus dhoirt amach orainne é agus is é sin atá á fheiceáil agus á chloisteáil agaibhse.
Briathar Dé.
Salm le Freagra Sm 15
Freagra Taispeáin dúinn slí na beatha, a Thiarna.
Malairt freagra Alleluia
1. Caomhnaigh mé, a Thiarna, is ortsa a thriallaim. Deirim leis an Tiarna: ‘Is tú mo Dhia. Is é an Tiarna is rogha liom: mo chuid de réir oidhreachta, agus cuid mo chailíse; is ort atá mo sheasamh!’ Freagra
2. Beannaím an Tiarna as ucht comhairle a thabhairt dom, agus teagasc a thabhairt do mo chroí san oíche. Coimeádaim an Tiarna de shíor os mo choinne: agus é ar mo dheasláimh ní chorrófar me choíche. Freagra
3. Tá gairdeas ar mo chroí agus áthas ar m’anam, agus mairfidh mo cholainn faoi shuaimhneas freisin. Óir ní fhágfaidh tú m’anam i measc na marbh, ná ní ligfidh tú do do mhuirneach truailliú a fheiceáil Freagra
4. Taispeáin tú slí na beatha dom, agus iomlán lúcháire i d’fhianaise, agus aoibhneas ar do dheasláimh go brách. Freagra
DARA LÉACHT
Sliocht as céad Litir Naomh Peadar 1:17-21
Óir is feasach sibh le fuil luachmhar Chríost, amhail fuil uain gan mháchail gan cháim.
A clann ionúin, má thugann sibh Athair ar an té sin a thugann breith gan leathchuma ar gach duine de réir a bhirt, ní foláir daoibh sibh féin a iompar go heaglach le linn bhur ndeoraíochta. Óir is feasach sibh nach le nithe sothruaillithe mar ór nó airgead a fuasclaíodh sibh ó bhur n-iompar baoth a fuair sibh mar oidhreacht ó bhur n-aithreacha, ach le fuil luachmhar Chríost, amhail fuil uain gan mháchail gan cháim. Bhí aithne air cheana féin roimh chruthú an domhain, ach foilsíodh é i ndeireadh ré ar bhur sonsa a chreideann trídsean i nDia, a thóg ó mhairbh é, agus a thug glóir dó, le go mbeadh creideamh agus dóchas agaibhse i nDia.
Briathar Dé.
Alleluia Véarsa Lc 24: 32
Alleluia, Alleluia!
A Thiaina Íosa, nocht na scrioptúir dúinn; cuir ár gcroí ar Iasadh ionainn
Ie linn duit bheith ag labhairt linn.
Alleluia!
SOISCÉAL
Sliocht as Soiscéal naofa de réir Naomh Lúcás 24:13-35
Thóg Íosa an t-arán agus bheannaigh, bhris sé ansin agus thug dóibh é. Osclaíodh a súile agus d’aithin siad é.
An lá sin féin, bhí beirt de na deisceabail ag dul go dtí baile darbh ainm Eamáus a bhí céad staid seascad ó Iarúsailéim, agus bhí siad ag comhrá le chéile faoi na nithe seo uile a bhí tar éis titim amach. Agus sa chomhrá dóibh agus sa chur trí chéile, dhruid Íosa féin leo agus shiúil lena gcois; ach bhí a súile coinnithe chun nach n-aithneoidís é. Dúirt sé leo: “Cad iad na scéala iad seo atá sibh a reic le chéile sa tslí?” Agus stad siad suas agus iad go gruama.
Dúirt duine acu leis á fhreagairt – Cleopas ab ainm dó: “An tusa an t-aon duine amháin atá ag cur fút in Iarúsailéim atá in ainbhios ar na nithe a tharla ann sna laethanta seo?” Dúirt sé leo: “Cad iad na nithe?” Dúirt siad leis: “Mar gheall ar Íosa – Nazairéanach, duine a bhí ina fháidh éifeachtach ó ghníomh agus ó bhriathar i bhfianaise Dé agus an phobail uile; mar a thug ár n-ardsagairt agus ár gcinn urra ar láimh é lena dhaoradh chun báis, agus mar a chéas siad é. Agus sinne ag súil leis gurbh eisean a bhí chun Iosrael a fhuascailt! Ach chomh maith leis an méid sin uile, tá an treas lá inniu ann ó thit na nithe sin amach. Agus go deimhin, tá mná dár muintir tar éis alltacht a chur orainn. Ar dhul go dtí an tuama dóibh go moch ar maidin, nuair nach raibh a chorp le fáil acu ann, tháinig siad agus scéala acu, fiú amháin, gur thaispeáin aingil iad féin dóibh a dúirt go bhfuil sé beo. Chuaigh cuid dár gcompánaigh go dtí an tuama ansin, agus fuair gurbh amhlaidh a bhí mar a dúirt na mná, ach ní fhaca siad é féin.”
Ansin dúirt sé féin leo: “A dhaoine gan tuiscint atá dúr ó chroí chun a bhfuil ráite ag na fáithe a chreidiúint! Nárbh fholáir go bhfulaingeodh an Críost na nithe úd chun go dtiocfadh sé isteach ina ghlóir?” Agus ag tosú dó ó Mhaois agus ó na fáithe uile, mhínigh sé dóibh na nithe a bhí sna scrioptúir uile mar
gheall air féin.
Nuair a bhí siad I ngar don bhaile ar a raibh a dtriall, bhí de chuma air féin go raibh sé ag dul níos faide, agus rinne siad tathant air á rá: “Fan againn, óir tá sé i mbéal tráthnóna agus an lá siar síos cheana féin.” Chuaigh sé isteach dá réir sin chun fanacht acu. Agus ansin, nuair a bhí sé ag bord in éineacht leo, thóg sé an t-arán agus bheannaigh, bhris sé ansin agus thug dóibh é. Osclaíodh a súile agus d’aithin siad é; ach chuaigh sé ar neamhní uathu. Agus dúirt siad le chéile: “Nach raibh ár gcroí ar lasadh ionainn le linn dó bheith ag labhairt linn feadh na slí, agus é ag nochtadh na scrioptúr dúinn?”
Chuir siad chun bóthair an uair sin féin agus chuaigh ar ais go Iarúsailéim. Fuair siad an t-aon duine déag agus a gcompánaigh bailithe le chéile agus é de scéal acu: “Tá an Tiarna éirithe go deimhin agus chonacthas do Shíomón é.” Agus rinne siad féin ar tharla sa tslí a aithris, agus mar a d’aithin siad é i mbriseadh an aráin.