Léachtaí an Aifrinn, 18 Deireadh Fómhair 2020

CHÉAD LÉACHT       

Sliocht as an fáidh Íseáia      45:1. 4-6
Dúirt an Tiarna lena ungthach, Cíoras, an té ar rug sé ar láimh dheis air,chun na ciníocha a leagan ina fhianaise

Seo a labhraíonn an Tiarna lena ungthach, Cíoras,an té ar rug sé ar láimh dheis airchun na ciníocha a leagan ina fhianaiseagus claíomhchrios na ríthe a scaoileadh ó chéile;chun na comhlaí a bhriseadh roimhe isteachionas nach mbeidh na doirse dúnta níos mó.

Is ar mhaithe le mo ghiolla Iacób
agus le hIosrael, mo rogha,a ghlaoigh mé i d’ainm ort,ag tabhairt gradaim duit agus gan aithne agat orm.Is mise an Tiarna; níl m’athrach eile ann;ach mise amháin, níl aon dia ann.Gan aithne agat orm, tá tú i mbun airm agamionas go mbeidh a fhios ó éirí go luí na gréinegur neamhní an uile rud ach mise amháin.”

Briathar Dé.  

Salm le Freagra:Sm 95
Freagra                                   Luaigí leis an Tiarna clú agus cumhacht.

1. Canaigí amhrán nua don Tiarna;
canaigí don Tiarna, a thalamh go  léir.
Insígí a ghlóir i measc na gciníocha
agus a éachtaí do na náisiúin uile.                                 
Freagra

2. Is mór é an Tiarna is is díol molta é,
is díol eagla thar na déithe go léir é;
ní dada iad déithe na gciníocha.
Is é an Tiarna a rinne na flaithis.                                    
Freagra

3. Luaigí leis an Tiarna, a chlanna na gciníocha,
luaigí leis an Tiarna clú agus cumhacht,
luaigí leis an Tiarna glóir a ainm.
Tugaigí bhur dtabhartais isteach ina chúirteanna.    
Freagra

4. Tugaigí adhradh don Tiarna ina theampall.
Bí ar crith ina láthair, a thalamh.
Fógraígí do na ciníocha: ‘Tá an Tiarna ina Rí.’
Tabharfaidh sé breith chóir chothrom ar na daoine. 
Freagra

DARA LÉACHT       

 Sliocht as litir N.Pól chuig na Teasalónaigh      1:1-5
Ní stadaimid ag cuimhneamh oraibh inár n-urnaithe a bhríomhaireacht atá bhur gcreideamh, ngrá agus ndóchas.

Pól agus Silveánas agus Tiomóid ag beannú d’eaglais na dTeasalónach, i nDia an tAthair agus sa Tiarna Íosa Críost. Grásta chugaibh agus síocháin.

Ní stadaimid ach ag gabháil buíochais le Dia mar gheall oraibh uile agus agcuimhneamh oraibh gan staonadh inár n-urnaithe.Cuimhnímid i láthair Dé, ár nAthair, ara bhríomhaireacht atá bhur gcreideamh, ar a dhícheallaí atá bhur ngrá agus ar asheasmhacht atá bhur ndóchas as ár dTiarna Íosa Críost.A bhráithre, a bhfuil gnaoi Déoraibh, tá a fhios agaibh mar a roghnaigh sé sibh;mar ní le briathra béil amháin a tháinigár ndea-scéal chugaibh ach le cumhacht agus le lándeimhniú an Spioraid Naoimh.

Briathar Dé.  

Alleluia Véarsa                 Eo 17: 17
Alleluia, alleluia!
Is fírinne do bhriathar A Thiarna,
déan sinn a naomhú san fhírinne.
Alleluia!

SOISCÉAL               

 Sliocht as an Soiscéal naofa de réir N. Matha      22:15-21
íocaigí le Céasar na nithe is le Céasar agus le Dia na nithe is le Dia.

San am sin d’imigh na Fairisínigh ag déanamh comhairle le chéile chun go mbéarfaidís I ngaiste Íosa sa chaint, agus chuir siad a ndeisceabail féin chuige mar aon leis na Héaródaigh chun a rá leis: “A Mháistir, tá a fhios againn gur fear fírinneach thú agus go múineann tú slí Dé san fhírinne gan beann agat ar dhuine ar bith, agus gan féachain do phearsa seachas a chéile. Abair linn do bharúil, mar sin: An dleathach cáin a íoc le Céasar nó an mídhleathach?” Ach bhí a fhios ag Íosa an mhallaitheacht a bhí iontu agus dúirt: “Cad ab áil libh ag baint trialach asam, a bhréagchráifeacha? Taispeánaigí bonn na cánach dom,” agus shín siad déanar chuige. Dúirt sé leo:

“Cé hé arb í seo a íomhá agus a inscríbhinn?” “Céasar,” ar siad leis. “Maith go leor,” ar seisean leo, “íocaigí le Céasar na nithe is le Céasar agus le Dia na nithe is le Dia.”

Soiscéal Dé.

© Cumann na Sagart 2020