FÉILE BHAISTE ÁR dTIARNA
AN CÉAD DOMHNACH TARÉIS EANÁIR 6,
CÉAD LÉACHT
Sliocht as an Leabhar Íseáia, Fáidh. 42:1-4.6-7
Seo é mo shearbhónta a bhfuil páirt mo chléibhe leis.
Seo mar a deir an Tiarna:
Seo é mo ghiolla a bhfuil mé ag tabhairt taca dó,
mo rogha a bhfuil páirt mo chléibhe leis.
Tá mo spiorad curtha anuas agam air
chun go bhfoilsí sé an ceart do na ciníocha.
Glaoch ná gáir ní chuireann sé as,
ná ní chloistear a ghlór sa tsráid amuigh.
Ní bhriseann sé an sifín brúite,
ná ní mhúchann an lasair chreathanach.
Soláthraíonn sé an ceart go dílis,
ní chreathann sé féin ná ní bhrúitear síos é
nó go mbeidh an ceart bunaithe ar talamh,
óir tá críocha na farraige ag dréim lena reacht.
Mise, an Tiarna, ghlaoigh mé ort san fhíréantacht,
rug mé ar láimh ort agus rinne mé thú a mhúnlú,
agus cheap mé thú i do chonradh leis an bpobal
agus i do sholas do na ciníocha,
chun súile na ndall a oscailt,
chun na cimí a scaoileadh as an gcarcair
agus as an bpríosún an dream atá ina suí sa dorchadas.
Briathar Dé.
Salm le Freagra Sm 28
Freagra Beannóidh an Tiarna a phobal Ie síocháin
I. Tugaigí don Tiarna, a chlann Dé,
tugaigí don Tiarna clú agus cumhacht.
Tugaigí don Tiarna glóir a ainm.
Adhraigí an Tiarna ina phálás naofa. Freagra
2.Tá glór an Tiarna ar an uisce, I
tá an Tiarna ar na huiscí móra.
Tá glór an Tiarna go lánchumhachtach,
tá glór an Tiarna go lánmhaorga. Freagra
3. Tá Tiarna na glóire ag toirneach.
Cluintear ‘glóir!’ ó gach aon neach ina theampall.
Tá an Tiarna ina rí os cionn na díleann;
tá an Tiarna ina rí go brách. Freagra
DARA LÉACHT
Sliocht as Gníomhartha na nAspal 10:34-38
Rinne Dia é a ungadh leis an Spiorad Naomh.
Thosaigh Peadar ag labhairt le Coirnéilias agus lena theaghlach: “Tuigim anois go fíor nach bhféachann Dia chun pearsan seachas a chéile ach cibé duine a thugann ómós dó agus a dhéanann an ceart, gur taitneamhach an duine sin dó is cuma cén cine ar díobh é.
Sin é an teachtaireacht a chuir sé go dtí clann Iosrael nuair a d’fhógair sé dea-scéal na síochána dóibh trí Íosa Críost – an té atá ina Thiarna ar chách uile. Tá a fhios agaibh an rud a thit amach ar fud Iúdáia, tar éis dó tosú sa Ghailíl i ndiaidh an bhaiste a d’fhógair Eoin, an scéal faoi Íosa ó Nazarat: mar a choisric Dia é leis an Spiorad Naomh agus le cumhacht; mar a chuaigh sé timpeall na tíre ag déanamh na maitheasa agus ag leigheas gach duine a bhí faoi smacht an diabhail, mar go raibh Dia fairis.
Briathar Dé.
Alleluia Mc 9: 8
Alleluia, alleluia!
Osclaíodh na flaithís agus cloiseadh glór an athar, á rá:
‘Is é seo mo Mhac muirneach: éstigí leis.
Alleluia!
SOISCÉAL
Sliocht as Soiscéal naofa de réir Naomh Mhatha 3:13-17
Tháinig glór ó na flaithis a dúirt: “Is é seo mo Mhac muirneach dár thug mé gnaoi.”
Tháinig Íosa i láthair ansin: ón nGailíl a tháinig, go dtí an Iordáin ag triall ar Eoin chun baisteadh a fháil uaidh. Ach bhí Eoin ag iarraidh é stop. “Is domsa is gá baisteadh a fháil uaitse,” ar seisean, “agus an bhfuil tusa ag teacht chugamsa?” Dúirt Íosa leis á fhreagairt: “Lig dó anois: is mar seo is cuí dúinn an fhíréantacht a chur i gcrích go hiomlán.” Lig sé dó ansin. An túisce is a baisteadh é, tháinig Íosa aníos as an uisce, agus osclaíodh na flaithis dó, agus chonaic sé Spiorad Dé ag teacht anuas mar a bheadh colm agus é ag tuirlingt air. Agus tháinig glór ó na flaithis a dúirt: “Is é seo mo Mhac muirneach dár thug mé gnaoi.”
Soiscéal Dé