CÉAD LÉACHT
Sliocht as Leabhar Léivíticeas 19:1-2. 17-18
Ní foláir duit grá a thabhairt do do chomharsa mar thú féin.
Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt: “Labhair le comhthionól chlann Iosrael go léir agus abair leo: Bigí naofa, óir táimse, an Tiarna bhur nDia, naofa
“Ná bíodh fuath agat i do chroí do do chomharsa, ach déan a choir a chur ar a shúile dó os ard; fágfaidh sin thú gan peaca a ghabháil ort féin. Ná bain díoltas amach; ná bíodh faltanas agat le clann do dhaoine muinteartha. Ní foláir duit grá a thabhairt do do chomharsa mar thú féin. Mise an Tiarna.
Briathar Dé.
Salm le Freagra Sm 102
Freagra Is grámhar trócaireach é an Tiarna.
I. Gabh buíochas leis an Tiarna, a anam liom,beannaíodh a bhfuil istigh ionam a ainm naofa.Gabh buíochas leis an Tiarna, a anam liom,agus dá déan dearmad dá thíolaicí go leir. Freagra
2. Eiséan a mhaitheann do chionta go léir,a shlánaíonn d’easláintí go léir,a fhuasclaíonn do bheatha ón mbás,a chorónaíonn thú le grá is le trua. Freagra
3. Is grámhar trócaireach é an Tiarna,foighneach agus lán de cheansacht.Ní de réir ár bpeacaí a roinneann sé linn:ní de réir ár gcionta a chúítíonn sé sinn. Freagra
4 Ní faide an t-oirthear ón iartharná an fad a chuireann sé ár gcionta uainn.Amhail is trua leis an athair a chlannis trua leis an Tiarna lucht a eaglaithe. Freagra
DARA LÉACHT
Sliocht as céad Litir Naomh Pól chuig na gCoirintigh 3:16-23
Is libhse iad uile, agus is le Críost sibhse agus is le Dia Críost.
A bhráithre, nach dtuigeann sibh, a bhráithre, gur teampall Dé sibh agus go bhfuil Spiorad Dé ina chónaí ionaibh. Duine ar bith a mhilleann teampall Dé, millfidh Dia eisean, mar is naofa é teampall Dé – agus is sibhse an teampall sin. Ná bíodh aon dul amú ar aon duine; aon duine agaibh a áiríonn é féin a bheith eagnaí de réir ghnás an tsaoil seo, bíodh sé ina amadán le go mbeadh sé eagnaí dáiríre. Mar níl in eagna an tsaoil seo ach díth céille i bhfianaise Dé, mar tá scríofa: “Sáinníonn sé na saoithe ina gcuid glicis féin”; agus arís: “Is eol don Tiarna smaointe na saoithe a bheith baoth.” Dá réir sin, ná bíodh duine ar bith ag déanamh mórtais as daoine, mar is libhse an t-iomlán: Pól agus Apollós agus Céafas, an domhan, an bheatha agus an bás, a bhfuil ann agus a bhfuil le teacht – is libhse iad uile, agus is le Críost sibhse agus is le Dia Críost.
Briathar Dé.
Alleluia Véarsa Eo 14: 23
Alleluia, alleluia!Má bhíonn grá ag duine dom, coinneoidh sé mo bhriathar,
agus beidh grá ag m’Athair dó, agus tiocfaimid chuige,’ a deir an Tiarna.Alleluia!
SOISCÉAL
Sliocht as Soiscéal naofa de réir Naomh Mhatha 5:38-48
Bíodh grá agat do do namhaid.
San am sin dúirt Íosa lena dheisceabail “Chuala sibh go ndúradh: ‘Súil ar shúil, fiacail ar fhiacail.’ Ach is é a deirimse libh gan seasamh in aghaidh an drochdhuine: ina ionad sin, an té a thugann buille sa leiceann dheas duit, iompaigh chuige an leiceann eile freisin; agus an té a chuirfeadh an dlí ort chun do léine a bhreith uait, scaoil leis do bhrat chomh maith. An té a chuireann d’fhiacha ort dul aon mhíle amháin leis, gabh leis an dá mhíle. An té a iarrann rud ort, tabhair dó é, agus an té arb áil leis iasacht uait, ná tabhair leis do chúl.
“Chuala sibh go ndúradh: ‘Bíodh grá agat do do chomharsa agus fuath agat do do namhaid.’ Ach is é a deirimse libh, bíodh grá agaibh do bhur naimhde agus guígí ar son bhur ngéarleantóirí; sin mar a bheidh sibh in bhur gclann ag bhur nAthair atá ar neamh, a chuireann faoi deara dá ghrian éirí ar olc agus ar mhaith, agus a fhearann báisteach ar chóir agus ar mhíchóir. Óir, má thugann sibh grá dóibh seo a thugann grá daoibh, cad é an tuarastal atá ag dul daoibh? Nach ndéanann na poibleacánaigh féin an rud céanna? Agus mura mbeannaíonn sibh ach do bhur mbráithre amháin, an ndéanann sibh aon ní thar na bearta? Nach ndéanann na págánaigh féin an rud céanna? Bígí foirfe, dá bhrí sin, faoi mar atá bhur nAthair neamhaí foirfe.
Soiscéal Dé