CÉAD LÉACHT
Sliocht as an dara Leabhar Zachária Fáidh 9:9-10
Féach, tá do rí ag teacht chugat.
Seo mar a deir an Tiarna:
Déan gairdeas go spleodrach, a iníon Shíón;
tóg gártha áthais, a iníon Iarúsailéim.
Féach, tá do rí ag teacht chugat,
é go caithréimeach slán,
agus go ceansa,
agus ag marcaíocht ar asal,
ar bhromaichín, ar shearrach asail.
Scuabfaidh sé an carbad chun siúil as Eafráim
agus an capall catha as Iarúsailéim;
agus brisfear an bogha cogaidh.
Labhróidh sé leis na náisiúin faoin tsíocháin,
agus beidh sé i réim ó mhuir go muir
agus ón Abhainn go himill na cruinne.
Briathar Dé.
Salm le Freagra Sm 144
Freagra Beannóidh mé d’ainm de shíor, a Dhia liom, is a Rí.
1. Tabharíaidh mé glóir duit, a Dhia liom, is a Rí;beannóidh mé d’ainm de shíor.Beannóidh mé thú gach uile láagus molfaidh mé thú de shíor. Freagra
2. Is ceansa trócaireach é an Tiarna,mall chun feirge agus lán de chineáltas.Is maith é an Tiarna don uile ní,is is trócaireach é dá oibreacha uile. Freagra
3. Ceiliúriaidh d’oibreacha thú, a Thiarna,agus beannóidh do dhaoine naofa thú.Canfaidh siad glóir do ríochta, .agus foilséoidh siad do chumhacht. Freagra
4. Is dílis an Tiarna ina bhriathra uile,
agus is naofa é ina oibreacha go léir.
Coinníonn an Tiarna gach duine a bhíonn ag titim
agus tógann sé suas gach duine a bhíonn ar lár. Freagra
DARA LÉACHT
Sliocht as Litir Naomh Pól chuig na Rómhánaigh 8:9. 11-13
Má bhásaíonn sibh gníomhartha na colainne le cúnamh an Spioraid, mairfidh sibh beo.
A bhráithre, ní faoi réir na colainne atá sibhse, áfach, ach faoi réir an Spioraid más rud é go bhfuil Spiorad Dé lonnaithe ionaibh. Má tá duine gan Spiorad Chríost aige ní le Críost é. Ach má tá Críost ionaibh, más marbh féin bhur gcorp de bharr an pheaca, is beo bhur spiorad de bharr na fíréantachta. Go deimhin má bhíonn Spiorad an té a thóg Críost ó mhairbh lonnaithe ionaibh, déanfaidh an té sin a thóg Críost ó mhairbh bhur gcorp básmhar a bheoú trína Spiorad atá lonnaithe ionaibh.
Ar an ábhar sin, a bhráithre, níl aon cheangal ag an gcolainn orainn go mairfimis dá réir. Más faoi réir na colainne a mhaireann sibh tá an bás i ndán daoibh; ach má bhásaíonn sibh gníomhartha na colainne le cúnamh an Spioraid, mairfidh sibh beo.
Briathar Dé.
Alleluia Véarsa Mt 11:25
Alleluia, alleluia!Tugaim buíochas duit, a Athair, a Thiarna neimhe agus talún,de chionn mar a cheil tú na nithe seo ar lucht eagna agus éirime agusmar a d’fhoilsigh tú do naíonáin iad.Alleluia!
SOISCÉAL
Sliocht as Soiscéal naofa de réir Naomh Mhatha 11:25-30
Táim ceansa uiríseal ó chroí
San am sin labhair Íosa agus dúirt:
“Tugaim buíochas duit, a Athair, a Thiarna neimhe agus talún, de chionn mar a cheil tú na nithe seo ar lucht eagna agus éirime agus mar a d’fhoilsigh tú do naíonáin iad. Sea, a Athair, óir is amhlaidh sin ba mhaith leat é. Tá gach aon ní tugtha domsa ag m’Athair. Agus níl aithne ag aon neach ar an Mac ach amháin ag an Athair, ná níl aithne ag aon neach ar an Athair ach amháin ag an Mac agus an té ar toil leis an Mac a fhoilsiú dó.
“Tagaigí chugam, sibhse uile a bhfuil saothar agus tromualach oraibh, agus tabharfaidh mé faoiseamh daoibh. Tógaigí oraibh mo chuing agus tagaigí ar scoil chugamsa, mar táim ceansa uiríseal ó chroí, agus gheobhaidh sibh faoiseamh do bhur n-anamacha; óir tá mo chuing so-iompair agus m’ualach éadrom.”
Soiscéal Dé.