CÉAD LÉACHT
Sliocht as an Leabhar Íseáia, Fáidh. 55: 1-3
Hóigh, a lucht an íota, tagaigí faoi choinne uisce
Seo mar a deir an Tiarna:
Hóigh, a lucht an íota, tagaigí faoi choinne uisce;
fiú mura bhfuil airgead agaibh, tagaigí;
Ceannaigí cruithneacht agus ithigí gan díol as,
agus fíon agus bainne gan íoc.
Cén fáth a gcaitheann sibh airgead air rud nach arán é,
agus luach bhur saothair ar rud nach bhfuil sásamh ann?
Éistigí liomsa agus beidh sólaistí le hithe agaibh
agus beidh taitneamh á bhaint agaibh as togha an bhia.
Tugaigí cluas agus tagaigí chugam,
éistigí agus beidh bhur n-anam saolach.
Déanfaidh mé conradh libh, conradh buan an uair seo,
an chomaoin cheanúil a chur oraibh a ba mhinic ag Dáiví.
Briathar Dé.
Salm le Freagra Sm 144
Freagra Osclaíonn tú do lámh, a Thiarna, is sásaíonn tú sinn.
I. Is ceansa trócaireach é an Tiarna,
mall chun feirge agus lán de chineáltas.
Is maith é an Tiarna don uile ní,
is is trócaireach é dá oibreacha uile. Freagra
2. Bíonn súile cách ag feitheamh ort,
agus túgann tú bia dóibh in am trátha.
Osclaíonn tú do lámh, a Thiarna,
is sásaíonn tú a bhfuil beo le do chineáltas. Freagra
3. Is fíréantá an Tiarna ina shlite uile
is is naofa é ina oibreacha go léir.
Is gairid an Tiarna dá ngaireann air,
dá ngaireann air go fírinneach. Freagra
DARA LÉACHT
Sliocht as Litir Naomh Pól chuig na Rómhánaigh 8:35. 37-39
Ná dúil chruthaithe ar bith eile sinn a scaradh ó ghrá Dé atá in Íosa Críost ár dTiarna.
A bhráithre,
cé a scarfaidh ó ghrá Chríost sinn? Trioblóid an ea? nó cruatan, nó géarleanúint, nó gorta, nó nochtacht, nó guais, nó an claíomh féin? Ach sna cúrsaí seo go léir, beirimid an bua go caithréimeach tríd an té úd a thug grá dúinn.
Mar táim cinnte dearfa de nach bhféadfaidh bás ná beatha, aingil ná prionsaí ná cumhachtaí, nithe atá ann anois ná nithe atá le teacht, an domhan thuas ná an domhan thíos, ná dúil chruthaithe ar bith eile sinn a scaradh ó ghrá Dé atá in Íosa Críost ár dTiarna.
Briathar Dé.
Alleluia Véarsa Mth 4:4
Alleluia, alleluia!
Ní ar arán amháin a mhairfidh an duine, ach ar an uile fhocal a thagann as béal Dé.
Alleluia!
SOISCÉAL
Sliocht as Soiscéal naofa de réir Naomh Mhatha 14:13-21
D’ith siad uile agus bhí siad sách.
San am sin nuair a chuala Íosa faoi bhás Eoin, , chuaigh sé i leataobh as sin i mbád go dtí áit uaigneach ar leithligh. Ach fuair na sluaite scéala air, agus tháinig siad amach as na cathracha á leanúint dá gcois. Ar theacht i dtír dó, chonaic sé slua mór agus ghlac sé trua dóibh agus leigheas na hothair a bhí leo.
Nuair a bhí an tráthnóna ann, áfach, tháinig na deisceabail chuige agus dúirt siad: “Áit uaigneach é seo agus tá sé deireanach feasta. Mar sin, scaoil uait na sluaite go dtéidís isteach sna bailte agus bia a cheannach dóibh féin.” Ach dúirt Íosa leo: “Ní gá dóibh imeacht; tugaigí sibhse rud le hithe dóibh.” “Ach,” ar siadsan leis, “níl anseo againne ach cúig builíní agus dhá iasc.” “Tugaigí chugam anseo iad,” ar seisean. D’ordaigh sé do na sluaite luí fúthu ar an bhféar; thóg sé na cúig builíní agus an dá iasc, agus, ar dhearcadh suas chun na bhflaitheas dó, bheannaigh, bhris, agus thug na builíní do na deisceabail, agus thug na deisceabail do na sluaite iad. D’ith siad uile agus bhí siad sách, agus thóg siad suas an bruscar fuílligh, lán dhá chiseán déag. Timpeall cúig mhíle fear a fuair an béile, gan mná ná páistí a áireamh.
Soiscéal Dé