CÉAD LÉACHT
Sliocht as an Leabhar Geineasas 12:1-4
Glaoch Abráhám, athair Phobal Dé.
Dúirt an Tiarna le hAbrám: “Imigh ó do thír féin, agus ó do mhuintir féin agus ó theach d’athar chun na tíre a thaispeánfaidh mé duit. Déanfaidh mé cine mór díot agus beannóidh mé thú agus mórfaidh mé d’ainm chomh mór sin go mbeidh sé mar bheannacht ag daoine.
Beidh mo bheannacht ar an muintir a chuirfidh beannacht ort.
Beidh mo mhallacht ar an muintir a chuirfidh mallacht ort.
Agus is tríotsa a dhéanfaidh ciníocha uile
An domhain iad féin a bheannú.”
D’imigh Abrám amach mar sin de réir mar a dúirt an Tiarna leis.
Salm le Freagra Sm 32
Freagra Tabhair dúinn do bhuanghrá, a Thiarna, de réir an dóchais a chuirimid ionat.
I. Óir is dílis é briathar an Tiarna, agus is iontaofa a obair uile. Is ionúin leis an chóir is an ceart; tá an talamh lán de bhuanghrá an Tiarna. Freagra
2. Féach, tá súile an Tiarna ar lucht a eaglaithe, orthu sin a chuireann a ndóchas ina bhuanghrá, chun go bhfuadódh sé a n-anamacha ón mbás is go gcothódh sé iad in am an ghorta. Freagra
3. Bíonn ár n-anam ag feitheamh leis an Tiarna: is é sin ár gcabhair is ár sciath. Tabhair dúinn do bhuanghrá, a Thiarna, de réir an dóchais a chuirimid ionat. Freagra
DARA LÉACHT
Sliocht as dara Litir Naomh Pól chuig Timóteas 1:8-10
Glaonn Dia orainn agus soilsíonn sinn.
Bhráthair: fulaingse cruatan liom ar son an dea-scéil as ucht an chumais atá faighte agat ó Dhia. Mar is é Dia a shlánaigh sinn agus a ghlaoigh orainn le naomhghlao, agus ní de bharr on ní dá ndearnamarna é ach de bharr a thola agus a ghrásta féin. Bhí an grásta seo tugtha dúinn i gCríost Íosa ó thús aimsire ach is anois beag a foilsíodh é trí thaibhsiú ar slánaitheora Críost Íosa.
Chuir seisean an bás ar neamhní agus thug chun solais an bheatha agus an neamhbhásmhaireacht trí bhíthin an dea-scéil.
Briathar Dé
Véarsa Mt 17:5
Cloiseadh glór an Athar as an scamall solasmhar:
‘Is é seo mo Mhac muirneach dár thug mé gnaoi: éistigí leis.’
SOISCÉAL
Sliocht as Soiscéal naofa de réir Naomh Mhatha 17:1-9
Shoilsigh a ghnúis ar nós na gréine.
San am sin rug Íosa leis Peadar, Séamas agus a dheartháir Eoin, agus sheol sé suas iad sliabh ard ar leithligh. Agus tháinig claochlú air os comhair a súl: shoilsigh a ghnúis ar nós na gréine agus d’éirigh a chuid éadaigh chomh gléigeal leis an solas. Agus chonacthas dóibh Maois agus Éilias ag comhrá leis. Labhair Peadar: “A Thiarna,” ar seisean le hÍosa, “is maith mar tharla anseo sinn: más maith leat é, déanfaidh mé trí bothanna san áit seo, ceann duit féin, ceann do Mhaois agus ceann d’Éilias.” Sula raibh an focal as a bhéal, seo scamall solasmhar ina scáil anuas orthu, agus an glór as an scamall: “Is é seo mo Mhac muirneach dár thug mé gnaoi; éistigí leis.” Agus le foghar an ghlóir sin, chaith na deisceabail iad féin ar a mbéal, lán d’uamhan. Tháinig Íosa chucu agus leag a lámh orthu: “Éirígí,” ar seisean; “ná bíodh eagla oraibh.” Ar dhearcadh suas dóibh, ní raibh neach ar bith le feiceáil acu ach Íosa féin amháin.
Agus ar a slí anuas dóibh ón sliabh, thug Íosa ordú dóibh: “Ná labhraigí le duine ar bith faoin bhfís seo,” ar seisean, “nó go mbeidh Mac an Duine éirithe ó mhairbh.”
Soiscéal Dé