Léachtaí an Aifrinn, 21 Meitheamh 2020

CÉAD LÉACHT

Sliocht as an Leabhar  Irimia, fáidh        20:10-13
óir shaor sé anam an bhoicht ó láimh lucht déanta an oilc.

Dúirt Irimia,

Cluinim mórán do mo tharcaisniú:
“Eagla ar gach aon taobh!
Sceithigí air! Sceithimis air!”
Ag a raibh de chairde agam uair
bhí súil in airde le mo threascairt:
“Meallfar é b’fhéidir, ansin béarfaimid bua air
agus imreoimid díoltas air!”
Ach tá an Tiarna liomsa, curadh cumhachtach;
ar an ábhar sin tuisleoidh lucht m’ionsaithe;
ní chloífidh siad mé;
brisfear orthu;
beidh siad trína chéile.
ní dhéanfar dearmad go brách ar a náire shíoraí.
Ach, a Thiarna na Slua, a scrúdaíonn le fírinne,
a ransaíonn na háranna agus an croí,
feicim do dhíoltas orthu
mar is duitse a d’fhoilsigh mé mo chúis.
Canaigí don Tiarna, molaigí an Tiarna,
óir shaor sé anam an bhoicht ó láimh lucht déanta an oilc.

Briathar Dé.  

Salm le Freagra              Sm  68
Freagra                               Éist liom de réir do bhuanghrá, a Thiarna.

1. Ar do shonsa a d’fhulaing mé aithisí,
a bhí luisne na náire ar mo ghnúis.
Is strainséir mé do mo bhráithre féin,
agus is comhthíoch mé do chlann mo mháthar.
Táim ar lasadh le dúthracht do do theach;
is ormsa a thiteann aithisí lucht do cháinte.    Freagra

2. Chugatsa a chuirim m’urnaí, a Thiarna,
an uair is mian leat féin.
Éist liom de réir do bhuanghrá
agus do chúnaimh chinnte.
Freagair mé as ucht do dhilghrá, a Thiarna;
iompaigh chugam de réir do thrócaire.            Freagra

3. Beidh áthas ar na hísle nuair a fheicfidh siad é;
athbheofar croíthe lucht cuardaithe an Tiarna.
Éisteann an Tiarna leis na daoine bochta,
is ní thugann droim láimhe dá bhraighdeanaigh.
Go mola na spéartha is an talamh é,
an mhuir agus a maireann inti.                         Freagra 

Rinneadh feoil den Bhriathar
agus chónaigh sé inár measc,
An uile dhuine a ghlac é,
thug sé de cheart dóibh
go ndéanfaí clann Dé díobh                                Freagra 

DARA LÉACHT

Sliocht as Litir Naomh Pól chuig na Rómhánaigh 5:12-15
Ní hé an dála céanna ag an tabhartas agus ag an gcoir é.


A bhráithre, tháinig an peaca isteach sa saol trí aon duine amháin agus an bás isteach tríd an bpeaca, sa tslí sin leath an bás i measc cách uile de bhrí go ndearna cách uile an peaca. Bhí an peaca ar an saol, ar ndóigh, sular tugadh an dlí ach ní chuirtear an peaca sa chuntas mura mbíonn dlí ann. Mar sin féin bhí an bás i réim ó Ádhamh anuas go Maois fiú amháin dóibh siúd nach raibh ciontach i mbriseadh reachta ar nós Ádhaimh.

Agus bhí Ádhamh ina shamhail ar an té úd a bhí le teacht. Ach ní hé an dála céanna ag an tabhartas agus ag an gcoir é. Mar, má fuair mórán bás de bharr choir an aon duine amháin, is fairsinge go mór do mhórán a bhí grásta Dé agus an tabhartas a dáileadh de dheonú an aon duine amháin, Íosa Críost.

Briathar Dé.

Alleluia Véarsa               Eo 1: 14: 12
Alleluia, alleluia!
Rinneadh feoil den Bhriathar agus chónaigh sé inár measc,
An uile dhuine a ghlac é, thug sé de cheart dóibhgo ndéanfaí clann Dé díobh
Alleluia!

SOISCÉAL
Sliocht as Soiscéal naofa de réir Naomh Mhatha              10:26-33 
Ná bíodh eagla oraibh rompu seo a mharaíonn an corp.

San am sin dúirt Íosa: Ná bíodh eagla oraibh rompu, mar sin. Níl aon ní i bhfolach nach bhfoilseofar, ná aon ní faoi cheilt nach mbeidh fios air. An rud a deirim libh sa dorchadas, abraigí i solas an lae é, agus an cogar a chuirtear in bhur gcluais, fógraígí é ó bharr na dtithe.

“Ná bíodh eagla oraibh rompu seo a mharaíonn an corp ach nach féidir dóibh an t-anam a mharú: ní hea, ach bíodh eagla oraibh roimh an té ar féidir dó idir chorp agus anam a mhilleadh in ifreann. Nach mbíonn na gealbhain leathphingin an péire? Agus ní thitfidh gealbhan acu as an aer gan fhios do bhur nAthair. Maidir libhse, fiú amháin ribí bhur gcinn tá siad uile comhairthe. Mar sin, ná bíodh aon eagla oraibh; is mó is fiú sibhse ná dá liacht na gealbhain!

“Duine ar bith a admhóidh mise os comhair daoine, admhóidh mise eisean chomh maith os comhair m’Athar atá ar neamh. Ach duine ar bith a shéanfaidh os comhair daoine mé, séanfaidh mise eisean chomh maith os comhair m’Athar atá ar neamh.

Soiscéal Dé.  

AN BÍOBLA NAOFA
© An Sagart

© Cumann na Sagart 2020