AN DARA DOMNACH DEN AIDBHINT
CÉAD LÉACHT
Sliocht as an fáidh Íseáia 40:1-5. 9-11
Réitigí cosán le haghaidh an Tiarna.
“Sólás, beirigí sólás chuig mo mhuintir,”
a deir bhur nDia.
“Labhraigí le croí Iarúsailéim agus fógraígí di
go bhfuil aimsir a seirbhíse istigh,
go bhfuil a peaca maite,
go bhfuair sí ó láimh an Tiarna
pionós faoi dhó ina cionta go léir.”
Tá glór ag fógairt:
“Réitigí cosán san fhásach
le haghaidh an Tiarna.
Déanaigí díreach thar an machaire
bealach mór dár nDia.
Líontar isteach gach gleann,
agus íslítear gach sliabh agus gach cnoc;
déantar achréidh de na hailteanna
agus míntír den gharbhchríoch.
Ansin foilseofar glóir an Tiarna
agus feicfidh an uile fheoil í in éineacht.
Óir tá béal an Tiarna tar éis labhairt.”
Suas leat ar shliabh ard,
a challaire an dea-scéala chuig Síón.
Ardaigh do ghlór go láidir,
a challaire an dea-scéala chuig Iarúsailéim.
Ardaigh do ghlór gan eagla,
abair le bailte Iúdá:
“Seo é bhur nDia.”
Féach an Tiarna Dia ag teacht lena neart,
agus a lámh ag smachtú roimhe!
Tá a luach saothair leis ina sheilbh,
agus a éadáil ag dul roimhe amach.
Mar a dhéanfadh aoire ag aoireacht a thréada dó,
ag bailiú na n-uan chuige ina bhaclainn,
á n-iompar ar chlár a uchta
agus ag fosaíocht na gcaorach tórmaigh.
Briathar Dé.
SALM LE FREAGRA Sm 84
Freagra Taispeáin dúinn, a Thiarna, do thrócaire
agus tabhair dúinn do shlánú
I. Éistfidh mé leis an ní a déarfaidh an Tiarna Dia;
déarfaidh sé go deimhin lena phobal: ‘Síocháin daoibh!’
Tá a shlánú i ngar do lucht a eaglaithe
chun go gcónóidh an ghlóir inár dtir. Freagra
2. Casadh ar a chéile an trócaire is an dílseacht,
phóg an fhíréantacht is an tsíocháin a chéile.
Eascróidh an dílseacht as an talamh
agus breathnóidh an fhíréantacht anuas ó neamh. Freagra
3. Tabharfaidh an Tiarna fós an mhaith,
agus tabharfaidh an talamh a thoradh uaidh.
Rachaidh an fhíréantacht roimhe amach,
agus an tsíocháin i lorg a choiscéimeanna. Freagra
DARA LÉACHT: Sliocht as an dara litir N.Peadar 3:8-14
Táimid ag súil le spéartha nua agus le domhan nua
A clann ionúin, ná déanaigí dearmad den phointe seo, a chairde cléibh, gur cuma aon lá amháin leis an Tiarna nó míle bliain, agus míle bliain nó aon lá amháin. Ní dhéanann an Tiarna moill lena ghealltanas, mar a thuigtear moill do dhaoine áirithe, ach tá sé foighneach libh mar nach mian leis go gcaillfí aon dream ach go dtiocfadh cách chun aithrí. Tiocfaidh lá an Tiarna mar ghadaí, agus scriosfar na spéartha de ruathar toirní; déanfar na dúile a mhilleadh le tine, agus loscfar an domhan agus a bhfuil d’oibreacha ann.
Ó tharla go bhfuil gach ní le scriosadh ar an gcuma sin, cén sórt daoine ar cheart daoibh a bheith maidir le hiompar naofa agus le cráifeacht, agus sibh ag feitheamh le teacht lá Dé, agus á bhrostú! tríd sin déanfar na spéartha a scriosadh le tine, agus na dúile a leá le teas. Ach táimid ag súil, de réir an ghealltanais, le spéartha nua agus le domhan nua mar a lonnóidh an fhíréantacht. Dá bhrí sin, a chairde cléibh, ós rud é go bhfuil sibh ag súil leis na nithe sin, bígí go dúthrachtach le go bhfaigheadh sé sibh gan locht gan cháim, agus faoi shíocháin.
Briathar Dé.
Alleluia Lc 3:4, 6
Alleluia, alleluia!
Ullmhaigí bóthar an Tiarna,
déanaigi díreach a chosáin.
Agus feicfidh an uile cholainn shánú Dé.
Alleluia!
SOISCÉAL: Sliocht as an Soiscéal naofa de réir N. Marcas 1:1-8
Déanaigí díreach a chosáin.
Tosach Shoiscéal Íosa Críost, Mac Dé. De réir mar atá scríofa in Íseáia fáidh:
“Feach, cuirim mo theachtaire romhata ullmhóidh do bhóthar.Glór duine ag éamh san fhásach:‘Réitígí bóthar an Tiarna,déanaigí díreach a chosáin.’”
Tháinig Eoin ag baisteadh san fhásach agus ag fógairt baiste aithrí chun peacaí amhaitheamh. Agus bhí ag teacht amach chuige na daoine ó thír Iúdáia go léir, agusmuintir uile Iarúsailéim, agus iad ag fáil baiste uaidh in abhainn na Iordáine ag admháil abpeacaí.
Bhí rón camaill mar éadach ar Eoin, crios leathair faoina choim aige, lócaistí agus mil fhiáin mar bheatha aige. Agus bhíodh sé ag seanmóir á rá: “Tá ag teacht i mo dhiaidh an té atá níos treise ná mé, agus ní fiú mé cromadh síos chun iall a chuarán a scaoileadh. Bhaist mise le huisce sibh, ach baistfidh seisean sibh leis an Spiorad Naomh.”
Soiscéal Dé.