CÉAD LÉACHT
Sliocht as an Leabhar Geineasas
2:18-24
Déanann
aon fheoil amháin díobh.
Agus dúirt an Tiarna Dia: “Ní maith é an duine a bheith leis féin. Déanfaidh mé céile cúnta a dhiongbhála dó.” Chum an Tiarna Dia dá bhrí sin as an talamh ainmhithe an mhachaire go léir, éanlaith an aeir go léir, agus thug sé i láthair an duine iad féachaint cen t-ainm a thabharfadh sé orthu: cibé ainm a thabharfadh an duine ar gach dúil bheo, sin é a bheadh mar ainm air. Thug an duine ainm ar an eallach go léir, ar éanlaith an aeir go léir, agus ar na hainmhithe allta. Ach ní bhfuarthas céile cúnta a dhiongbhála don duine. Chuir an Tiarna Dia suan trom ar an duine, agus, ina shuan dó, bhain sé easna as agus chuir feoil ina timpeall. An easna a bhain an Tiarna Dia as an duine, rinne sé bean aisti, agus thug chun an duine í. Dúirt an duine ansin:
“Is cnámh de mo chnámha-sa í seo ar deireadh,
Agus is feoil de m’fheoilse í.
Tabharfar bean (ís-seá) uirthi
Mar gur baineadh as an bhfear (ís) í.”
Uime sin, fágann an fear a athair agus a mháthair agus cloíonn sé lena bhean, agus déanann aon fheoil amháin díobh.
Briathar Dé.
Salm
le Freagra Sm 127
Freagra Go mbeannaí an Tiarna sinn gach lá dár saol.
1. Is aoibhinn do chách lerb eagal an Tiarna
agus a shiúlann ina shlite.
Íosfaidh tú toradh do shaothair féin.
Beidh tú go sona
séanmhar. Freagra
2. Beidh do bhean amhail fíniúin thorthach
i gceartlár do thí;
beidh do chlann mar bhuinneáin olóige
agus iad mórthimpeall do bhoird. Freagra
3. Is amhlaidh a bheannófar an fear
ar a mbíonn eagla an Tiarna.
Go mbeannaí an Tiarna thú as Síón amach
gach lá de do shaol.
Go bhfeice tú clann do chlainne
agus séan ar larúsailéim.
Síocháin go raibh ar
Isráél! Freagra
DARA LÉACHT
Sliocht as an céad Litir Naomh Pól chuig na
Eabhraig 2:9-11
Óir
is d’aon bhunadh amháin an té a naomhaíonn agus na daoine a naomhaítear.
A bhráithre, is é rud a fheicfimid,
áfach, ná Íosa – an té a rinneadh níba ísle ná na haingil ar feadh tamaillín i
ngeall ar an mbás a d’fhulaing sé – agus é faoi choróin ghlóire agus onóra; mar
(is trí ghrásta Dé a) d’fhulaing sé an bás ar mhaithe le cách. Ag seoladh mórán
mac chun na glóire dó ba chuí don Té, ar dó agus ar tríd atá an uile ní ann, a
gceannródaí ar bhóthar an tslánaithe a thabhairt chun foirfeachta le peannaidí.
Óir is d’aon bhunadh amháin an té a naomhaíonn agus na daoine a naomhaítear. Ar
an ábhar sin ní náir leis bráithre a thabhairt orthu.
Briathar Dé.
Alleluia
Véarsa
Eo
17: 17
Alleluia, alleluia!
Is fírinne do bhriathar A Thiarna,
déan sinn a naomhú san fhírinne.
Alleluia!
SOISCÉAL
Sliocht as an Soiscéal naofa de réir Naomh Marcas 10:2-16A
n
ní a cheangail Dia, ná scaoileadh duine é.
San am sin tháinig Fairisínigh chuige agus d’fhiafraigh siad de, ag baint trialach as: “An dleathach do dhuine a bhean a scaoileadh uaidh?” D’fhreagair sé agus dúirt leo: “Cad a d’ordaigh Maois daoibh?” Dúirt siadsan: “Thug Maois cead litir idirscartha a scríobh agus í a scaoileadh.” Dúirt Íosa leo: “Is de dheasca bhur gcroí a bheith stuacach a scríobh sé an aithne sin daoibh. Ach ó thús an chruthaithe ‘rinne Dia iad fireann agus baineann; mar gheall air sin fágfaidh duine a athair agus a mháthair chun bheith go dlúth i bpáirt lena bhean, agus aon cholainn amháin a bheidh sa bheirt acu’. Dá réir sin, ní beirt iad feasta ach aon cholainn amháin. Dá bhrí sin, an ní a cheangail Dia, ná scaoileadh duine é.” Cheistigh a dheisceabail é mar gheall air seo arís sa teach, agus dúirt sé leo: “Duine ar bith a scaoileann uaidh a bhean agus a phósann bean eile, déanann sé adhaltranas ina coinne. Agus má scaoileann bean a fear uaithi agus fear eile a phósadh, déanann sí adhaltranas.”
Agus bhí siad ag tabhairt na leanaí chuige chun go sínfeadh sé a lámh orthu, ach bhí na deisceabail ag cur ceartú orthu. Ar a fheiceáil sin dó, tháinig míchéadfa air agus dúirt leo: “Ligigí do na leanaí teacht chugam; na coiscigí iad, óir is lena leithéidí seo ríocht Dé. Deirim libh go fírinneach, cibé nach nglacfaidh ríocht Dé ar nós linbh, ní rachaidh sé isteach inti choíche.” Agus rug sé barróg orthu, chuir a lámha orthu, agus bheannaigh iad.
Soiscéal Dé