CHÉAD LÉACHT
Sliocht as an fáidh Íseáia 55:1-11
Tagaigí faoi choinne uisce. Beidh bhur n-anam saolach
Hóigh, a lucht an íota, tagaigí faoi choinne uisce;fiú mura bhfuil airgead agaibh, tagaigí;Ceannaigí cruithneacht agus ithigí gan díol as,agus fíon agus bainne gan íoc.Cén fáth a gcaitheann sibh airgead air rud nach arán é,agus luach bhur saothair ar rud nach bhfuil sásamh ann?Éistigí liomsa agus beidh sólaistí le hithe agaibhagus beidh taitneamh á bhaint agaibh as togha an bhia.Tugaigí cluas agus tagaigí chugam,éistigí agus beidh bhur n-anam saolach.
Déanfaidh mé conradh libh, conradh buan an uair seo,
an chomaoin cheanúil a chur oraibh a ba mhinic ag Dáiví.
Is amhlaidh atá tú mar fhinné agam do na ciníocha,
i do cheannaire agus i do cheann comhairle ar na náisiúin.
Seo, glaofaidh tú ar chiníocha nárbh aithin duit
agus tiocfaidh ciníocha gan aithne ort chugat ina rith.
Toisc an Tiarna, do Dhia,
agus Neach Naofa Iosrael, ós é a chuir maise ort.
Lorgaigí an Tiarna, fad a chuireann sé é féin air fáil;
glaoigí air, fad atá sé i ngar.
Fágadh an coirpeach a dhrochnós
agus fear na hurchóide a bhearta.
Filleadh sé ar an Tiarna, a ghlacfaidh trua dó,
agus ar ár nDia, atá fial faoi mhaithiúnas.
Óir ní hiad mo bhearta bhur mbearta,
ná ní hiad bhur mbealaíse mo bhealaíse, briathar an Tiarna.
Is ard iad na spéartha os cionn na talún,
agus is comh-ard mo bhealaí os cionn bhur mbealaí
agus mo bhearta os cionn bhur mbearta.
Óir mar a thagann báisteach agus sneachta anuas ó na spéartha agus nach bhfilleannsuas ar ais gan an talamh a fhliuchadh, gan fás agus eascar a chur ann, chun go dtuga sésíol don síoladóir agus arán le hithe, is amhlaidh don bhriathar a théann as mo bhéal, nífhilleann orm gan toradh, gan an rud a b’áil liom a dhéanamh agus mo bheart a chur igcrích.
Briathar Dé.
Salm le Freagra . Sm 12:2-6 v6
Freagra Agus beidh sibh ag tarraingt uisce go lúcháireach
as toibreacha an tslánaithe
1. An bhfeiceann sibh, is é Dia mo shlánaitheoir,
tá muinín agam agus nílim eaglach níos mó,
óir is é an Tiarna mo neart agus mo cheol;
is é mo shlánú é.”
Agus beidh sibh ag tarraingt uisce go lúcháireach
as toibreacha an tslánaithe.. Freagra
2. Déarfaidh sibh an lá sin:
“Tugaigí buíochas don Tiarna,
glaoigí air ina ainm!
Fógraígí a éachtaí don phobal,
meabhraígí gurb oirirc dá ainm. Freagra
3. Canaigí don Tiarna, óir tá iontais déanta aige;
ní mór iad a fhoilsiú ar fud an domhain iomláin.
Gáirigí le háthas agus liúirigí,
sibhse a bhfuil cónaí oraibh i Síón,
óir is mór le rá é in bhur measc Neach Naofa Iosrael.” Freagra
DARA LÉACHT
Sliocht as an dara litir N. Eoin 5:1-9
Sé Íosa Críost an té a tháinig le huisce agus le fuil agus leis an Spiorad.
Gach duine a chreideann gurb é Íosa an Críostis ó Dhia a gineadh é,agus gach duine a thugann grá don té a ghintugann grá fós don té a gineadh.Is mar seo is feasachdúinn go dtugaimid grá do chlann Dé,
nuair a thugaimid grá do Dhia agus nuair a chomhlíonaimid a aitheanta.
Mar gurb é seo grá Dé, comhlíonadh a aitheanta;
agus ní tromualach a aitheanta.
Óir gach a ghintear ó Dhia sáraíonn sé an saol agus is í an
chaithréim a sháraíonn an saol, ár gcreideamh.
Cé sháraíonn an saol murab é an té a
chreideann gurb é Íosa Mac Dé?
Sé Íosa Críost an té a tháinig le huisce agus le fuil agus leis an Spiorad.
Ní leis an uisce amháin
ach leis an uisce agus leis an bhfuil;
agus tá an Spiorad ag tabhairt fianaise,
mar gurb í an fhírinne an Spiorad.
Tá triúr ann a thugann fianaise (ar neamh, an tAthair, an Briathar, agus an Spiorad Naomh; agus is aon an Triúr.
Agus tá triúr a thugann fianaise ar talamh an Spiorad agus an t-uisce agus an fhuil, agus tá an triúr ar aon fhocal.
Má ghlacaimidne le fianaise dhaonna is treise arís fianaise Dé; agus is é seo fianaise Dé
gur thug sé teastas gurb é a Mhac é.
Briathar Dé.
Alleluia Véarsa Eoin 1:29
Alleluia, alleluia!
Chonaic Eoin Íosa ag teacht chuige agus dúirt sé:
“Seo é Uan Dé a thógann peaca an domhain
Alleluia!
SOISCÉAL
Sliocht as an Soiscéal naofa de réir N.Marcus 1:7-11
Is tú mo Mhac muirneach; is duit a thug mé gnaoi.
Bhíodh Eoin ag seanmóir á rá: “Tá ag teacht i mo dhiaidh an té atá níos treise ná mé, agus ní fiú mé cromadh síos chun iall a chuarán a scaoileadh. Bhaist mise le huisce sibh, ach baistfidh seisean sibh leis an Spiorad Naomh.”
Lá de na laethanta sin tháinig Íosa ó Nazarat sa Ghailíl agus fuair baisteadh sa Iordáin ó Eoin.Agus an túisce a tháinig sé aníos as an uisce, chonaic sé na flaithis ag oscailt ó chéile agus an Spiorad mar a bheadh colm ag teacht anuas air.Agus tháinig glór ó na flaithis:“Is tú mo Mhac muirneach; is duit a thug mé gnaoi.”
Soiscéal Dé.