CÉAD LÉACHT
Sliocht as an leabhar Geinesis 9:8-15
Conradh Dé le Naoi tar éis do é a shábháil on dile.
Dúirt Dia le Naoi agus lena chlann mhac: “Féach, daingním mo Chonradh leatsa agus le do shíol i do dhiaidh; agus mar an gcéanna le gach uile dhúil bheo dá bhfuil faraibh, an éanlaith, an t-eallach, agus gach ainmhí allta atá faraibh, a dtáinig amach as an áirc, a bhfuil beo ar talamh. Daingním mo Chonradh libh; go deo arís ní scriosfar an uile fheoil le huiscí díleann, ná ní bheidh go deo arís díle ann chun an domhan a scrios.” Agus dúirt Dia: “Seo é comhartha an Chonartha a dhéanaim idir mé féin agus sibhse agus gach dúil bheo atá faraibh ar feadh na nglún go léir le teacht. Cuirim mo bhogha sna néalta i gcomhartha an Chonartha idir mise agus an talamh. Nuair a chruinneoidh mé na néalta os cionn na talún agus go bhfeicfear an bogha sna néalta, cuimhneoidh mé ar an gConradh atá idir mise agus sibhse, agus gach dúil bheo den uile fheoil; agus ní dhéanfaidh díle go deo arís de na huiscí chun an uile fheoil a scrios.
Briathar Dé.
Salm le Freagra Sm 24
Freagra Grá daingean agus dílse do rianta uile, a Thiarna,
dóibh siúd a choimeádann do chonradh.
I. Taispeáin do shlite dom, a Thiarna,
agus teagasc dom do rianta.
Treoraigh mé i d’fhírinne agus teagasc mé,
óir is tusa, a Dhia, mo Slánaitheoir. Freagra
2. Cuimhnigh ar do thrócaire, a Thiarna,
agus ar do bhuanghrá atá ann ó na cianta.
Do réir do bhuanghrá cuimhnigh orm,
as ucht do mhaitheasa, a Thiarna. Freagra
3. Is maith is is díreach é an Tiarna.
Uime sin múineann sé an tslí do na peacaigh.
Díríonn sé an fear umhal san fhíréantacht;
múineann sé a shlí don fhear umhal. Freagra
DARA LÉACHT :
Sliocht as an céad litir ó Peadar 3:18-22
Ba réamhshamhail an t-uisce sin ar an mbaisteadh a shlánaíonn sibh anois.
Fuair Críost bás an t-aon uair amháin i ngeall ar pheacaí, an fíréan thar ceann na neamhfhíréan, d’fhonn sinn a thabhairt i láthair Dé. Básaíodh é sa cholainn, ach rinneadh beo é sa spiorad agus sa riocht sin chuaigh sé agus sheanmóir sé do na spioraid a bhí i gcarcair, iad siúd a bhí easumhal fadó nuair a bhí Dia ag feitheamh go foighneach leo le linn Naoi nuair a bhí an áirc á tógáil, an áirc a thug slán tríd an uisce an beagán slua, ochtar ar fad is é sin. An baisteadh atá ag freagairt dó sin, mar shamhail. Déanann sé sibhse a shlánú anois, agus ní mar ghlanadh salachair choirp é, ach mar impí chun Dé ar son coinsiasa ghlain trí aiséirí Íosa Críost. Chuaigh seisean suas ar neamh agus tá ar dheasláimh Dé agus aingil agus tiarnais agus cumhachtaí ag géilleadh dó.
Briathar Dé.
Comhgháir an tSoiscéil Mth 4: 4
Glóir duit, a Chríost: is tú Briathar De!
Ní ar arán amháin a mhairfidh an duine,
ach ar an uile fhocal a thagann as béal Dé.
Glóir duit, a Chríost: is tú Briathar De!
AN SOISCÉAL
Sliocht as an Soiscéal naofa de réir Naomh Marcas 1:12-15
losa á phromhadh ag Sátan, agus na haingil ag freastal air.
Chuir an Spiorad Íosa amach faoin bhfásach é agus bhí sé daichead lá san fhásach á phromhadh ag Sátan.
Agus bhí sé in éineacht leis na beithígh allta; agus bhí na haingil ag freastal air.
Tar éis Eoin a bheith tugtha ar láimh, tháinig Íosa go dtí an Ghailíl ag fógairt soiscéal Dé agus ag rá: “Tá an tréimhse caite agus tá ríocht Dé in achmaireacht.
Déanaigí aithrí agus creidigí sa soiscéal.”
Soiscéal Dé.