CÉAD LÉACHT
Sliocht as Leabhar Íseáia, Fáidh 49:1-6
Ceapfaidh mé thú i do sholas do na ciníocha, chun go dté mo shlánú go críocha na cruinne.
A insí na farraige, éistigí liomsa;tugaigí aire, a chiníocha i gcéin!Ghairm an Tiarna mé sa bhroinn dom,agus mé i gcoim mo mháthar luaigh sé m’ainm.
Rinne sé claíomh faobhrach de mo bhéal,chuir sé i bhfolach mé faoi scáth a láimhe.Saighead líofa a rinne sé díom,
Dúirt sé liom: “Is tú mo ghiolla Iosraeltrína saothróidh mé glóir dom féin.”
Agus bhí mise á rá liom féin: “Tá mo shaothar in aisce agam,tá mo neart caite agam gan éifeacht.”Ach bhí mo cheart le fáil agam i bhfochair mo Thiarna,agus mo chúiteamh i bhfochair mo Dhé.
Bhí maise orm i súile an Tiarna,ba é mo Dhia mo neart.Agus anois tá an Tiarna tar éis labhairt,an té a dhealbhaigh mé ón mbroinn i leith i mo ghiolla dó,le go mbailínn Iacób ar ais chuige,le go gcruinnínn Iosrael le chéile dó:
“Is fánach an mhaise duit a bheith i do ghiolla agamchun treibheanna Iacóib amháin a thabhairt chucu féin,chun ar slánaíodh d’Iosrael a thabhairt ar ais.Ceapfaidh mé thú i do sholas do na ciníocha,chun go dté mo shlánú go críocha na cruinne.”
Sin é Briathar Dé.
SALM LE FREAGRA Sm 138
Freagra Molaim thú toisc go ndearnadh ar chuma chomh hiontach mé.
I. Scrúdaíonn tú mé , a Thiarna, is is eol duit mé .
is eol duit mo shu’i agus m’éirí.
Tuigeann tú mo smaointe i bhfad uait.
Ag siúl dom agus i mo luí dom, feiceann tú mé;
tugann tú faoi deara mo shlite go léir. Freagra
2. Óir is tusa a chruthaigh mé ar fad;
d’fhigh tú mé i mbroinn mo mháthar.
Molaim thú toisc go ndearnadh ar chuma chomh
hiontach mé ,
toisc gurb éachtach iad d’oibreacha. Freagra
3. B’eol duit m’anam go hiomlán;
níor ceileadh mo chreatlach ort
nuair a cumadh os íseal mé ,
nuair a fíodh i ndoimhní na talún mé . Freagra
DARA LÉACHT
Sliocht as Leabhar Gníomhartha na nAspal 13:22-26
Roimh theacht d’Iosa sheanmóir Eoin faoi.
Sna laetanta sin dúirt Pól “D’ardaigh rí dóibh, Dáiví, an fear ar dhearbhaigh sé ina thaobh á rá: ‘Is é m’aithne ar Dháiví mac Ieise, gur fear de réir mo chroí féin é, fear a dhéanfaidh gach ní is toil liom.’ Is dá shliocht siúd a thóg Dia slánaitheoir d’Iosrael de réir mar a bhí geallta aige – is é sin Íosa. Roimh theacht dó sin bhí Eoin tar éis baisteadh chun aithrí a fhógairt do phobal uile Iosrael, agus nuair a bhí Eoin ag teacht go deireadh a chúrsa, is é a dúirt sé: ‘Ní mise an té is dóigh libhse is mé, mar tá duine le teacht i mo dhiaidhse agus ní fiú mise go scaoilfinn a bhróga.’
A bhráithre liom, a shliocht Abrahám agus a mhuintir in bhur measc a bhfuil ómós agaibh do Dhia, is chugainne a cuireadh an teachtaireacht shlánaitheach seo.
Sin é Briathar Dé.
Alleluia Véarsa Lc 1: 76
Alleluia, alleluia!Agus tusa, a leanbh, glaofar ortsa fáidh an Té is Airde,óir gluaisfidh tú roimh an Tiarna ag ullmhú a bhóthair.Alleluia!
SOISCÉAL
Sliocht as an Soiscéal naofa de réir Naomh Lúcás 1:57-66. 80
Is é Eoin is ainm dó
Tháinig a hionú d’Eiliosaibeit agus rug sí mac. Agus chuala a comharsana agus a gaolta go ndearna Dia a thrócaire go hiomarcúil uirthi, agus rinne siad comhghairdeas léi.
Agus ar an ochtú lá, tháinig siad chun an leanbh a thimpeallghearradh, agus bhí siad ag tabhairt ainm a athar air, Zachairias. Ach labhair a mháthair agus dúirt: “Ní hea, ach glaofar Eoin air.” Agus dúirt siad léi: “Níl aon duine ar do chine a bhfuil an t-ainm sin air.” Ach d’fhiafraigh siad le comharthaí sóirt dá athair cad ab áil leis a thabhairt air. Agus d’iarr seisean cláirín agus scríobh sé air: “Is é Eoin is ainm dó.” Agus rinne siad uile ionadh de. Bogadh a bhéal agus a theanga láithreach, agus labhair sé ag moladh Dé. Agus tháinig uamhan ar a gcomharsana uile; agus sa cheantar go léir ar fud na gcnoc in Iúdáia, bhítí ag iomrá ar na nithe seo uile, agus gach ar chuala trácht orthu, chuir siad chucu ina gcroí iad, agus deiridís: “Cad is dán don leanbh seo, mar sin?” Óir go deimhin bhí lámh an Tiarna leis.
Agus d’fhás an leanbh agus neartaigh sa spiorad, agus chónaigh sna fásaigh go dtí an lá ar fhoilsigh é féin d’Iosrael.
Sin é Soiscéal Dé.