AN CHÉAD LÉACHT Shamúéil 1: 20-22, 24-28
Thug sí Samúéil don Tiarna lena shaol.
Ghabh Hanna gin, agus in am agus i dtráth rug sí mac agus thug Samúéil mar ainm air, toisc, ar sí “gur iarr mé ar an Tiarna é.”
An bhliain dár gcíonn ghabh Ealcáná agus a chlann go léir suas chun an íobairt bhliantúil a ofráil don Tiarna agus a mhóid a chomhlíonadh don Tiarna. Ach ní dheachaigh Hanná, mar dúirt sí lena fear: “Nuair a bhainfear an leanbh den chíoch, tabharfaidh mé liom ansin é agus cuirfear i láthair an Tiarna é, agus fanfaidh sé ansiúd go brách.”
Nuair a bhain sí ó dhiúl é, thug sí léi é, maille le tarbh trí bliana, agus éafá plúir, agus
soitheach fíona; thug sí go teach an Tiarna i Sileo é, agus é fós ina leanbh óg. Ansin mharaíodar an tarbh, agus thugadar an leanbh do Éilí. Dúirt sí “A mháistir, dar do bheo, mise an bhean a sheas anseo láimh leat ag guí chun an Tiarna. Seo é an leanbh á bhí á iarraidh agam, agus dheonaigh an Tiarna dom an rud a d’iarr mé. Thug sí Samúéil don Tiarna lena shaol.
D’fhag sí ansiúd ag an Tiarna é.
SALM LE FREAGRA. Sm 83
Freagra : Is méanar dá ndéanann cónaí i do theach, A Thiarna.
1. Nach álainn go dearfa d’áras,
a Thiarna na slua!
Ag meirtniú le méin do m’anam,
santaíonn sé cúirteanna an Tiarna.
Gairdíonn mo chroí is mo cholainn,
i nDia – an Dia beo. Freagra
2. Is méanar dá ndéanann cónaí i do theach;
beidh siad do do mholadh de shíor.
Is méanar dóibh siúd gur tusa a neart;
dream a mbíonn do shlite ina gcroí Freagra
3. A Thiarna na slua, éist le mo ghuí;
tabhair cluas dom, a Dhia Iacóib. Selah
Féach, a Dhia, ár sciath;
agus breathnaigh ar aghaidh d’ungthaigh féin. Freagra
AN DARA LÉACHT 1Eoin 3:1-2. 21-24
Glaofaí clann Dé orainn, agus is amhlaidh sinn.
Breathnaígí cad é mar ghrá a thug an tAthair dúinn! go nglaofaí clann Dé orainn, agus is amhlaidh sinn. Sé an fáth nach n-aithníonn an saol sinne mar nár aithin sé eisean.
A chairde cléibh, is clann Dé cheana féin sinn, agus níor foilsíodh fós cé mar a bheimid; ach nuair a fhoilseofar é, is feasach sinn go mbeimid ina chosúlachtsan, mar go bhfeicfimid é mar atá sé.
A chairde cléibh, mura gciontaíonn ár gcroí sinn táimid lánmhuiníneach as Dia. Agus cibé ní a agraímid air, gheobhaimid uaidh é, ó tharla go gcoinnímid a aitheanta agus go ndéanaimid beart de réir a thaitnimh. Agus seo í an aithne a thug sé: go gcreidfimis in ainm a Mhic Íosa Críost agus go dtabharfaimis grá dá chéile, de réir mar a d’ordaigh seisean dúinn. An té a choinníonn a aitheanta, maireann i nDia, agus maireann seisean ann. Agus is mar seo a aithnímid go maireann sé ionainn, tríd an Spiorad a thug sé dúinn.
Alleluia
Alleluia, alleluia
A Thiarna,
oscail ár gcroí go dtabharfadh sí cluas
dá raibh á rá ag do Mhac.
Alleluia
AN SOISCÉAL Lúcás 2:41-52
Fuair siad sa Teampall é ina shuí i measc na máistrí
Théadh a thuismitheoirí gach bliain go hIarúsailéim i gcomhair féile na Cásca. Agus nuair a bhí sé dhá bhliain déag, chuaigh siad suas de réir ghnás na féile; agus nuair a bhí na laethanta caite acu, agus iad ag filleadh, d’fhan an buachaill Íosa in Iarúsailéim ina ndiaidh, gan fhios dá thuismitheoirí. Shíl siad gur ar an gcomplacht a bhí sé, agus ar theacht dóibh siúl aon lae, bhí siad á lorg i measc a ngaolta agus a lucht aitheantais, agus nuair nach bhfuair siad é, chuaigh siad ar ais go Iarúsailéim á lorg.
I gcionn trí lá fuair siad sa Teampall é ina shuí i measc na máistrí ag éisteacht leo agus ag cur ceisteanna chucu. Agus bhí alltacht ar chách a bhí ag éisteacht leis mar gheall ar a thuiscint agus ar a fhreagraí. Nuair a chonaic siad é, ghabh iontas iad, agus dúirt a mháthair leis: “A mhic, cad chuige a ndearna tú é seo orainn? Féach, bhí d’athair agus mé féin do do lorg go cráite.” Agus dúirt sé leo: “Cad chuige a mbeadh sibh do mo lorg? Nach raibh a fhios agaibh gur i dteach m’Athar nárbh fholáir dom bheith?” Ach níor thuig siad an focal a labhair sé leo. Agus chuaigh sé síos in éineacht leo agus tháinig go Nazarat, agus bhí sé faoina smacht. Agus thaiscigh a mháthair go dílis na nithe seo uile ina croí. Agus bhí Íosa ag dul ar aghaidh in eagna agus i bpearsa agus i ngrásta i láthair Dé agus daoine.
© Cumann na Sagart 2018