17 Feabhra 2019 (C) An Séú Domhnach Saor
Freagra don Chreideamh leis an mBíobla
leis an Ath. Máirtín Mac Conmara, MSC
A. Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí
B. An Bíobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: Aire a thabhairt don aon ní amháin atá riachtanach.
A. Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí.
An Chéad Léacht (Irimia 17:5-8). Is mallaithe an té a chuireann a mhuinín i nduine; Is beannaithe an té a chuireann a mhuinín sa Tiarna. Is dán é seo, salm i slí, agus an-chosúil, comhionann beagnach, le Salm 1, a léitear sa Salm le Freagra inniu. D’fhéadfadh sé bheith neamhspleách ó Leabhar Irimia, bíodh go labhraíonn an Tiarna sna véarsaí a leanann é.
Baineann téamaí an dáin seo le hábhar atá le fail sna chonnarthaí, ina bhfuil cur síos ar na beannachtaí (Is méanar) a leanann as dílse don chonradh agus mallachtaí (Is mairg) a leanann as drom láimh dó. I gcás na gconarthaí de, agus i Salm 1, tá na beannachtaí (Is aoibhinn) ar dtús, agus ag deireadh na mallachhtaí. A mhalairt d’ord atá sa léacht seo.
Téama geinearálta atá ann, gan aon tagairt do chonradh. Tá beatha (spioradálta) an duine curtha i gcomórtas le chrann le hais uisce, nó le tor san fhásach. Cuireann sin briathra Íosa i gcuimhne dúinn á chur féin a gcomórtas le finiúin, agus beatha ag na géaga a fhanann ann, agus a mhalairt leis na géaga a ghearrtar den fhiniúin.
Roghnaitéar an léacht seo go hálainn le dul leis an Soisceál inniu ina bhfuil na Biáide de réir Lúcáis (“Is méaner, Is mairg, daoibhse”).
Salm le Freagra (Salm 1). Is aoibhinn don duine a chuir a dhóchas sa Tiarna.
An Dara Léacht (1 Corantaigh 15:12, 16-20). Más rud é nach bhfuil Íosa aiséirithe, is baoth é bhúr gcreideamh. Téacs gairid é seo ina leagann Pól béim ar chinnteacht an chreidimh in aiséirí na colainne. Tá sin chomh cinnte agus atá an creideamh in aiséirí Chríost féin, bunphoinnte agus lárphointe an chreidimh Chríostaí. D’aiséirigh Íosa mar chéad-toradh na muintire atá marbh, ina cheannródaí orthu sin atá ar shlí na fírinne, mar a deir an léacht seo. Cuireann alt bunúsach seo an chreidimh ar Phól an cheist seo a chur ar na Chorantaigh: “Cad a bheir cuid agaibhse a rá nach bhfúil aon aiséirí ann?” Bhí an cheist pléite aige go mion sa chaibideal seo leis na Corantaigh cheana.
Toisc lárnaí na ceiste seo in aimsir Phóil i gCoraint agus inniu féin ní dochar, measaim, a bhfuil ráite againn an tseachtain seo caite a athinsint arís.
Maidir le haiséirí na colainne, deir Pól, “Sin é an Dea-Scéal a fhógraímid (na haspail) uile agus sin é an creideamh atá glactha agaibhse”. Bhí, agus tá, aiséirí Chríost lárnach don chreideamh agus don dóchas Críostaí. Bhain fadhbanna, mar sin féin, leis an dteagasc maidir le aiséirí na colainne, go háirithe don mheon Gréigeach, ar chuid de meon na gCorantach a raibh Pól ag scríobh chucu. Mar phointe teagaisc taobh istigh den Ghiúdachas féin níor tháinig an creideamh seo chun tosaigh agus níor glacadh leis ach ag grúpa amháin de na Giúdaigh (Farisíningh den chuid is mó), agus sin tamall cuíosach gearr roimh aimsir an Tiomna Nua, ón bhliain 165 roimh Chriost nó mar sin i leith. Bhí deighilt idir Ghiúdaigh maidir leis i laethanta Chríost, an teagasc séanta ag na Sadúisínigh, agus de réir dealraimh creideamh sa bheatha shíoraí gan aiséiri i measc na nEiséanach. Le teacht aiséirí corpartha Chríost ní raibh aon áit do amhras faoin gceist ag Críostaithe. Ach lean ceisteanna ón gcreideamh áirithe sin, go mór mór i measc creidmheach leis an meon Gréigeach, a eascair as nádúr ábhartha an choirp dhaonna. B’fheasach do Phól an ceistiúchán a bhí acu agus tugann sé freagra air i gcaibideal fada 15 den litir seo a léifear idir an Domhnach seo agus Domhnach 8 den tríu bliain seo den chúrsa thrí bliain.
Soiscéal (Lúcás 6:17, 20-26). Is méaner daoibhse atá bocht. Is mairg daoibhse atá saibhir. Tugann léacht an lae inniu dúinn leagan Lúcáis de na Biáide, éagsúil i slí ó leagan Mhatha a bhfuil aithne níos fearr air. Ar an gcéad amharc bheadh cathú ar dhuine míniú Marxach a thabhairt ar na Biáide i Lúcás, amhail is dá mbeidis ag fógairt bua caithréimeach na prólaiteáireachta, na cosmhuintire orthu siúd a bhí ag déanamh leatroim orthu!! Is fada ón fhírinne a bheadh a leithéid de thuiscint. Iad siúd ar chéadscríobhadh dóibh an Soiscéal, amhail siúd a bhí ag léamh téacs Lúcáis, nó ag éisteacht lena léamh nuair a chéadchumadh é, cosúil le pobal an lae inniu, thuigidis téacs Lúcáis de na Biáide taobh istigh de leagan amach an tSoiscéil seo go léir ina chomthéasc: glaoch na gcéad deisceabal, le béim ar Pheadar (mar a léadh an Domhnach seo caite), ansin glaoch Léivi, bailitheoir cánach, de dhream a raibh fuath orthu, agus na hagóidí a lean as, leigheasanna agus gníomhartha éagsúla Íosa agus agóidi eile dá mbarr faoin modh nua seo ag Íosa ina shlí bheatha. Bhí Íosa ag seanmóireacht i slí nua le teachtaireacht nua aige dá lucht leanúna agus don chine daonna. Ina dhiaidh seo tógann Íosa céim eile chun tosaigh len chinntiú go leanfadh a theachtaireach agus a mhisean ar aghaidh, agus sin le cinneadh cinniúnach, a thosaíonn sé le gníomh faoi leith: oíche ar fad ag guí chun Dé ar an sliabh. Ba ó Dhia a theachtaireacht agus mar sin níor mhór dó teagmháil a bheith aige le neamh. Ansin ghoir sé chuige a dheisceabail agus roghnaigh sé dáréag díobh, ar thug sé aspail mar ainm orthu. Tháinig sé in éineacht leo go talamh réidh mar a raibh slua mór a tháinig chun éisteacht leis agus leigheas a fháil ar a ngalair. Samhail iad den chine daonna tríd na haoiseanna síos. Níorbh dheisceabail dá chuid iad sin. Ansin sna Biáide agus sa tSeanmóir a leanann iad labhraíonn sé lena dheisceabail a dhéanfaidh a theachtaireacht a fhógairt tríd na haoiseanna.
Ba fheasach Íosa go raibh sé i gcomharbacht na bhfáithe agus tuigfear leagan Lúcáis de na Biáite níos fearr agus briathra Irimia sa chéad léacht inniu a bheith os ár gcomhair:
“Is mallaithe an té a chuireann a mhuinín i nduine,
agus a bhíonn i dtuilleamaí na feola,
agus a iompaíonn a chroí ón Tiarna.
6 Is cosúil é le grágán tóir san fhásach;
má thagann maith ní fheiceann sé í;
cuireann sé faoi in áiteanna dóite an fhásaigh,
i bhfearann saillte atá gan áitreabh.
7 Is beannaithe an té a chuireann a mhuinín sa Tiarna
agus arb é an Tiarna a dhóchas.
8 Is cosúil é le crann atá lámh le huisce,
agus a shíneann a fhréamhacha amach leis an sruth;
ní bhíonn sé i bhfaitíos roimh lá an bhrothaill,
mar fanann a dhuilliúr glas;
ní bhíonn sé buartha i mbliain an tarta,
mar ní éiríonn as torthaí a thabhairt.
Tá bríonna leathana ag gabháil leis an bhfocal “bocht, boicht” i dtraidisiún an Bhíobla, iad sin atá faoi leatrom agus mar sin de. Is dóibh, is leo, plean slánaithe Dé, ríocht Dé atá le teacht. Iad sin a bhfuil ocras orthu, sa traidisiún céanna, is iad sin atá ag tnúth le todhchai éigin dhearfach. Iad sin atá faoi bhrón, ag gol, sa traidisiún sin, is iad atá ag caoineadh, faoi bhrón de bharr an drochstaid ina bhfuil an chathair naofa, a dtír dhúchais agus eile. Na trí Biáit dearfacha faoi theacht i seilb na ríochta, ní caithréimeachas atá i gceist ina gcás ach glaoch chun lúcháire nuair a thiocfaidh an diúltú, an drom láimhe, an fhulaingt, nó fiú an géarleanúint gur cuid díobh dílse do na Biáide. Mar a fhéachann Íosa air, baineann seo go léir leis an oidhreacht ó na fáithe, ag iompair teachtaireacht dóchais go mbeidh mar fhreagra air, ar uairibh ar a laghad, le diúltú, cur ina éadan nó níos measa fós.
An Bíobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: Aire a thabhairt don aon ní amháin atá riachtanach.
Tá teachtaireacht léachtaí an lae inniu chomh soiléir sin nach gá mórán a rá futhu, an teachtaireacht atá sa chéad léacht. agus sna Biáide, ceann ar chur Íosa béim air tríd na Soiscéil go léir, is é sin aire a thabhairt don aon ní amháin atá riachtanach, ríocht Dé agus a bhaineann leis.
Is trua go bhfuil neamart á dhéanamh de sin inniu, leis an bhéim san fhéinfhorbairt, sa bhrú go léir atá ar óg agus aosta i sochaí an lae inniu. Is trua go bhfuil an aos óg Caitliceach ag tréigean cleachtadh an chreidimh ag fagáil na scoile dóibh, nó roimhe sin fiú. Ní héasca freagra a fháil ar an gceist, ach is beo in gcónaí briathar Dé sna Biáide agus eile: “Is méaner, is mairg”.