Léachtaí an Aifrinn 4 Lúnasa 2019

CÉAD LÉACHT

Sliocht as  Leabhar Cóhelet                 1:2.2: 21-23
Cén tairbhe a bhaineann duine as a shaothar?

Buaic na baoise a deir Cóheilit, buaic na baoise! Níl in aon ní ach baois!

Óir aon duine ar bith a oibríonn go saothrach le heagna agus le heolas agus le gaois, bíonn air toradh a shaothair a fhágáil mar oidhreacht ag duine eile nach bhfuil faic dá dhua faighte aige. Baois agus olc mór is ea é seo. Mar cén tairbhe a bhaineann duine as a chuid saothair uile agus as an dianmhachnamh a chaitheann sé leis abhus faoi luí na gréine? Óir, bíonn a laethanta uile lán dóláis agus a chuid saothair lán dobróin; fiú amháin san oíche ní fhaigheann sé suaimhneas croí. Baois is ea é seo chomh maith.

Briathar Dé

Salm le Freagra          Sm 89:3-6, 12-14, 17. fv.1
Freagra                         A Thiarna, is tú ba thearmann dúinn, ár ndídean ó ghlúin go glúin.

1. Déanann tú deannach arís den duine
á rá: “Ar ais libh, a Ádhamhchlann.”
Óir níl míle bliain i d’fhianaise
ach mar an lá a d’imigh tharainn inné,
nó mar a bheadh faire na hoíche.                         Freagra

2. Sciobann tú chun siúil iad amhail aisling,
nó mar fhéar úrghlas na maidine.
Eascraíonn sé ar maidin agus bláthaíonn sé
baintear é agus feonn sé um thráthnóna.           
Freagra

3. Múin dúinn giorra shaoil an duine
chun go bhfaighimid críonnacht inár gcroí.
Fill orainn; cá fhad a bheidh tú feargach?
Déan trócaire ar do shearbhóntaí, a Thiarna.    Freagra

4. Tabhair ár sáith de do bhuanghrá ar maidin dúinn,
go mbeidh áthas orainn agus gairdeas go deo.
Go dtaga grásta ár dTiarna Dia anuas orainn
agus go soirbhí tú saothar ár lámh;
sea, go soirbhí tú saothar ár lámh!                       Freagra
_____________________

Malairt Salm le Freagra           Sm 94
Freagra                                             Á, dá n-éistfeadh sibh lena ghuth inniu: ‘Ná calcaigí bhur gcroí.’

1. Tagaigí, déanaimis gairdeas don Tiarna,
tógaimis gártha áthais do Charraig ár slánaithe.
Tagaimis ina láthair le moltaí,
déanaimis gairdeas dó le laoithe. 
                             Freagra

2. Tagaigí, adhraimis agus sléachtaimis,
feacaimis ár nglúine don Tiarna a rinne sinn.
Óir is é ar nDia é, agus is sinne
pobal a aoireachta agus caoirigh a lámh.
                 Freagra

3. Á, dá n-éistfeadh sibh lena ghuth inniu:
‘Ná calcaigí bhur gcroí.’ mar a tharla i MerÍba,
mar a tharla an lád ud ag Masá san fhásach
mar ar chuir bllur n-aithreacha cath orm,
mar ar thriail siad mé cé go bhfaca siad m’obair.’
 Freagra
___________________________________________

DARA LÉACHT

Sliocht as céad Litir Naomh Pól chuig na Colosaigh               3:1-5. 9-11
Lorgaígí na nithe atá thuas mar a bhfuil Críost.

A bhráithre, agus ós rud é go bhfuil sibh éirithe ó mhairbh mar aon le Críost, bíodh lorg agaibh ar na nithe atá thuas mar a bhfuil Críost ina shuí ar dheis Dé. Bíodh bhur n-aire ar na nithe atá thuas agus ní ar na nithe atá ar talamh. Mar tá sibh tar éis bháis agus tá bhur mbeatha folaithe i nDia i bpáirt le Críost. Is é Críost bhur mbeatha, agus nuair a nochtfaidh seisean chugainn nochtfaidh sibhse chomh maith faoi ghlóir in éineacht leis.

Básaigí dá bhrí sin an taobh saolta díbh féin: an drúise, an neamhghlaine, an paisean, an ainmhian agus an tsaint úd nach bhfuil inti ach íoladhradh. Agus ná hinsígí bréaga dá chéile mar go bhfuil bhur sean-nádúr bainte díbh agaibh mar aon lena chuid gníomhartha agus nádúr nua curtha umaibh – nádúr a bhíonn á shíornuachan ar dheilbh an té a chruthaigh é go dtí go mbeidh fíoraithne agaibh air. Ní Giúdach ná Gréagach atá ann feasta, duine timpeallghearrtha ná duine gan timpeallghearradh, barbarach ná Scíotach, saor ná daor ach Críost amháin – Críost an uile agus é san uile ní.

Briathar Dé.

Alleluia Véarsa                             Eo 17: 17
Alleluia, alleluia!
Is fírinne do bhriathar A Thiarna,.
déan sinn a naomhú san fhírinne.
Alleluia!

SOISCÉAL     

Sliocht as Soiscéal naofa de réir Naomh Lúcás         12: 13-21
An cnuasach atá déanta agat, Cé aige a mbeidh sé?


San am sin dúirt duine as an slua le h Íosa : “A Mháistir, abair le mo dheartháir mo chion féin den oidhreacht a thabhairt dom.” Ach dúirt seisean leis: “A chara, cé a cheap mise chun bheith i mo bhreitheamh ná i mo mholtóir oraibh?” Dúirt sé leo ansin: “Bígí ar bhur gcoimeád go haireach ar an uile shórt sainte, óir, fiú amháin an té a mbíonn raidhse aige, ní thugann a chuid maoine aon áirithe ar a shaol dó.”

labhair sé parabal leo: “Bhí fear saibhir ann ar thug a chuid talún barraí breátha uaithi, agus dúirt sé leis féin as a mhachnamh: ‘Cad a dhéanfaidh mé, mar níl slí stórála agam do mo chuid barraí?’ Dúirt sé ansin: ‘Is é a dhéanfaidh mé, mo sciobóil a leagan anuas agus cinn níos mó a thógáil, agus an t-arbhar go léir agus mo chuid maitheasaí a chur i dtaisce iontu; agus déarfaidh mé le m’anam: A anam, tá go leor maitheasaí de chúltaca agat go cionn na mblianta fada: fan go socair, bí ag ithe agus ag ól agus ag aoibhneas.’ Ach dúirt Dia leis: ‘A dhuine gan chiall, san oíche anocht féin, táthar chun d’anam a iarraidh ort ar ais; agus an cnuasach atá déanta agat, cé aige a mbeidh sé?’ Sin mar a bhíonn ag an té a thaisceann a chuid in ionad é féin a dhéanamh saibhir de réir Dé.”

Soiscéal Dé

© Cumann na Sagart 2020